Ghuigh ceannairí agus iarcheannairí polaitiúla ar fud an domhain, an Taoiseach ina measc, gach rath aréir ar Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson atá in aonad dianchúraim agus é buailte go dona ag an gcoróinvíreas.
Dúirt Uachtarán Mheiriceá Donald Trump gur labhair sé le comhlachtaí leighis féachaint an bhféadfaidís teacht i gcabhair ar Johnson.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar ar Twitter:
“Táimid ag smaoineamh ar Boris Johnson anocht. Tá súil againn go mbeidh biseach air go luath agus go mbeidh sé i mbarr a shláinte arís gan mhoill.”
Dúirt Donald Trump go raibh paidreacha á rá aige do Phríomh-Aire na Breataine.
“Cara mór linn é, tá sé an-speisialta, láidir, diongbháilte. Ní stadann sé, ní ghéilleann sé. Feicfimid an féidir linn cabhair a thabhairt. Rinneamar teagmháil le dochtúirí Boris agus feicfimid cad a tharlóidh,” arsa Trump.
Fógraíodh aréir go raibh Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson aistrithe go dtí aonad dianchúraim in ospidéal St Thomas’s i Londain toisc go ndeachaigh na siomptóim atá air de thoradh an choróinvíris in olcas inné.
Dúirt urlabhraí ó Shráid Downing gur aistríodh an Príomh-Aire ar chomhairle a dhochtúirí agus go raibh “aire iontach” á tabhairt dó.
An rúnaí gnóthaí eachtracha Dominic Raab atá i mbun chúraimí an Phríomh-Aire “de réir mar is gá”, a dúradh.
Tugadh Príomh-Aire na Breataine, atá 55 bliain d’aois, chun an ospidéil Dé Domhnaigh toisc go raibh sé fós ag fulaingt siomptóim Covid-19 i ndiaidh dó seachtain a thabhairt á leithlisiú féin i Sráid Downing.
Dúradh níos túisce inné gur go “compordach” a chaith Johnson an oíche roimhe san ospidéal, go raibh “spion maith” air agus go raibh sé fós ag déanamh a chuid oibre mar cheannaire an rialtais.
Choimeádfaí san ospidéal é chun súil a choimeád air, a dúradh.
Ach b’amhlaidh gur in olcas a chuaigh siomptóim Johson i gcaitheamh an lae agus aistríodh go dtí an t-aonad dianchúraim é thart ar 7pm tráthnóna inné.
Dúirt Dominic Raab aréir go raibh “spiorad foirne iontach” taobh thiar den Phríomh-Aire agus go gcuirfí pleananna Johnson i gcrích. Gheall Raab go n-éireodh leis an Rialtas an pobal a thabhairt slán ón bpaindéim.
Os cionn 5,000 duine atá curtha den saol sa Bhreatain ag an bpaindéim.