Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-da-leamh-ar-cheist-na-srianta-ag-cruinniu-rialtais

An dá léamh ar cheist na srianta ag cruinniú rialtais

| Tuairisc.ie |

Tuairiscítear go raibh an dá léamh ag airí ag cruinniú rialtais an lae inniu maidir le ceist scaoileadh na srianta dianglasála.

Ní dhearnadh aon chinneadh maidir le maolú na srianta, ach tuairiscítear go raibh tuairimí éagsúla ag airí éagsúla agus cuid acu ar son na srianta a dhéanamh níos boige chun ábhar dóchais a thabhairt do dhaoine.

Meastar gur beag maolú a dhéanfar ar na srianta an tseachtain seo chugainn d’ainneoin go bhfuiltear ag súil go mbeidh feabhas an tseachtain seo ar an ráta ionfhabhtaithe, agus laghdú ar an líon daoine a chuirfidh an galar in ospidéal nó den saol.

Meastar go síneofar orduithe nua an deireadh seachtaine seo chugainn a cheadóidh leanúint le formhór mór na srianta dianghlasála agus go bhfógrófar ag an am céanna plean an rialtais maidir le maolú na srianta céim ar chéim.

Is cosúil go bhfógrófar plean maidir leis na srianta ar shaol sóisialta agus eacnamaíochta na tíre a mhaolú beagán ar bheagán agus céim ar chéim i rith an tsamhraidh, mar atá fógartha cheana i dtíortha eile san Eoraip. 

Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir le scaipeadh an ghalair a choinneáil faoi chois sa phobal agus ráta scaipthe an ghalair a choinneáil an-íseal, tá fadhb mhór i gcónaí i dtithe altranais agus in ionaid chúraim eile.

Chomh maith leis sin, níl a gcuid spriocanna bainte amach fós ag an Rialtas maidir le líon na dtástálacha don ghalar sa phobal. Meastar go gcaithfeadh córas olltástála agus cuardaigh níos fearr agus níos cuimsithí a bheith in áit chun go bhféadfaí tosú i gceart ar na srianta a scaoileadh.

Tá an Rialtas i mbun marana faoi cheist na srianta tráth ar mheabhraigh cás na Gearmáine do dhaoine a leochailí is a bhíonn an próiseas maidir le maolú na srianta.

Tá ceannasaí Institiúid Robert Koch do Ghalair Thógálacha sa Ghearmáin tar éis iarraidh ar mhuintir na Gearmáine fanacht sa mbaile chomh maith agus is féidir leo mar go léiríonn na figiúirí is déanaí  go bhfuil an ráta ionfhabhtaithe ón gcoróinvíreas ardaithe arís. 

Dúirt Lothar Wieler, uachtarán Institiúid Robert Koch, go raibh ráta atáirgthe nó scaipthe an ghalair, ar a dtugtar ‘R’, ag 1.0 anois cé go raibh sé íslithe go dtí 0.7 níos túisce an mhí seo.

Sin le rá go dtugann gach duine a bhfuil an víreas air an galar do dhuine amháin eile ar an meán.

Tháinig an t-ardú seo tar éis don Ghearmáin cuid de shrianta na dianghlasála a scaoileadh an tseachtain seo caite. Tugadh cead do shiopaí nach bhfuil achar níos mó ná 800 meádar cearnach iontu athoscailt, chomh maith le siopaí leabhar, agus díoltóirí carranna agus rothar.

Idir an dá linn, tá na critéir nua tástála do Covid-19 curtha ar fáil do na dochtúirí teaghlaigh agus iad i bhfeidhm ón lá inniu ar aghaidh. Má bhíonn ceann amháin de na trí chomhartha sóirt seo ar othar feasta is féidir tástáil a iarraidh ar an dochtúir teaghlaigh: casacht a bhuaileann go tobann thú, fiabhras agus giorra anála mar sin iad a thugann le fios go bhfuil  drochghalar riospráide ina thús.

Beidh tosaíocht i gcónaí ag na grúpaí sin is práinní a thástáil – oibrithe sláinte, duine a bhí i ngartheagmháil le duine atá buailte ag an ngalar, nó duine atá i measc na ngrúpaí leochaileacha.

Tuairiscíodh chomh maith inniu go bhfuair 52.9% níos mó daoine bás de bharr Covid-19 i Sasana agus sa Bhreatain Bheag ná mar a tuairiscíodh i bhfigiúirí an rialtais go dtí an 17 Aibreán. Tá an scéal amhlaidh mar nach dtugtar i bhfigiúirí an rialtais ach eolas faoi na daoine a bhásaigh in ospidéil de bharr an ghalair.

Deirtear i dtuairisc ón Oifig Náisiúnta Staidrimh go raibh 21,284 duine básaithe roimh an 17 Aibreán a raibh Covid-19 tugtha mar shiocair bháis ar a dteastas báis. 13,917  duine a bhásaigh in ospidéil de bharr an ghalair.

Níos mó