Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-cumhachtai-mora-nua-tugtha-do-na-gardai-roimh-shaoire-na-casca

Cumhachtaí móra nua tugtha do na Gardaí roimh shaoire na Cásca

| Tuairisc.ie | ,

De réir an dlí nua d’fhéadfaí téarma priosúin sé mhí a ghearradh ar dhuine a dhiúltódh d’ordú ó Gharda cloí leis na srianta a tugadh isteach mar chuid den scoitheadh sóisialta.

Shínigh an tAire na rialacháin tráth a bhfuil na húdaráis sláinte agus an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí ag impí ar dhaoine gan aon taisteal neamhriachtanach a dhéanamh le linn deireadh seachtaine na Cásca.

Thug an Taoiseach Leo Varadkar rabhadh do dhaoine tráthnóna inné fanacht ag baile agus gan imeacht go dtí tithe saoire.

“Ná téigí go dtí teach saoire ná carbhán deireadh seachtaine na Cásca. Tá moill curtha againn ar scaipeadh an víris ach  d’fhéadfadh daoine a bheadh ag taisteal borradh a chur faoi arís agus é a scaipeadh go dtí áiteanna a bhí slán uaidh go dtí seo,” arsa an Taoiseach.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan gur léirigh na figiúirí is déanaí go raibh an “víreas fós anseo agus é fós contúirteach”.

Dúirt sé go gcaithfeadh daoine a bheith cúramach gan éirí “bailithe” de na srianta agus nach mór cloí leo chun beatha daoine a shábháil.

Bhí an víreas fós á scaipeadh “ar bhealach atá ina údar imní againn”, arsa an Dr Holohan.

Dúirt sé go gcaithfeadh daoine coinneáil leis an iarracht a bhí ar bun acu agus cur leis an iarracht sin.

Údar imní é na tuairiscí go raibh daoine ag fágáil an bhaile gan gá, ar sé.

Fógraíodh inné go raibh 36 duine eile le Covid-19 básaithe ó dheas, an líon is mó básanna in aon lá amháin ó thosaigh an ráig.

283 duine atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 73 duine ó thuaidh den teorainn agus 210 ó dheas di.

345 cás nua a deimhníodh ó dheas inné agus 97 cás nua a deimhníodh ó thuaidh.

Tuairiscíodh níos túisce inniu go raibh triúr eile a bhí buailte ag an ngalar básaithe sa Tuaisceart.

6,964 cás den choróinvíreas atá deimhnithe anois in Éirinn, 5,709 cás ó dheas agus 1,255 ó thuaidh.

Tá ardú suntasach tagtha arís ar líon na gcásanna in ionaid altranais agus in ionaid chónaithe eile agus 119 braisle cásanna anois iontu, i gcomparáid le 99  Dé Luain.

42,484 tástáil don choróinvíreas atá déanta ó dheas go dtí seo, ardú 12,271 ón tseachtain seo caite.

Tá tástáil curtha ar 9,158 duine ó thuaidh.

Maidir leis an 36 bás eile a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné, seachtar ban déag agus naonúr fear déag a bhí i gceist.

San oirthear a bhí 27 duine de na daoine a bhásaigh, bhí seisear i dtuaisceart na tíre agus i ndeisceart na tíre a bhí an triúr eile. In iarthar na tíre a bhí an duine eile. Bhí fadhbanna sláinte eile ag 24 duine acu. Ba í an aois mheánach ná 81.

De réir an eolais is déanaí ó dheas, eolas a bhain leis an 5,593 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Domhnaigh seo caite:

  • Fir a bhí i gceist le 46.4% de na cásanna agus mná iad 52.7%
  • 270 braisle cásanna a bhí i gceist ar bhain 989 cás leo san iomlán
  • An aois mheánach a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 1,345 duine
  • As na daoine sin, cuireadh 194 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 1,388 cás
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 3,061 cás, nó 54.7%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 421 cás, nó 7.5%
  • 128 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (2.3%), 117 a bhí i gcontae Chiarraí (2.1%), 104 cás a bhí i nDún na nGall (2%), 126 cás a bhí i Maigh Eo (3%), 49 cás a bhí i bPort Láirge (0.9%) agus 168 cás a bhí i gcontae na Mí (3%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 65% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 23% agus taisteal thar lear ba chúis le 12%

Níos mó