‘Go deimhin, ní ghráim thú le mo shúile’ — Soinéad Shakespeare as Gaeilge
Tá ceann de shoinéid an fhile mhóir Shasanaigh, William Shakespeare, curtha i nGaeilge an aisteoir Eoin Ó Dubhghaill. Rinneadh ceiliúradh ar fud an domhain Béarla inné ar bhreithlá an drámadóra mhóir, a rugadh sa mbliain 1564.
Mar chuid den cheiliúradh sin, reáchtáladh Féile Soinéad in South Carolina inné mar ar aithris an t-aisteoir Juliette Crosbie, as Contae Lú, Soinéad 141 as Gaeilge. Ar ndóigh, ní rabhthas in ann teacht le chéile mar is ceart don fhéile mar gheall ar na srianta atá i bhfeidhm le dul i ngleic leis an víreas corónach, ach reáchtáladh an ócáid ar leathanach Facebook na féile.
Seo thíos leagan Eoin Uí Dhubhghaill den soinéad:
Go deimhin, ní ghráim thú le mo shúil,
Mar feiceann siad gach fabht is locht;
Ach is mo chroí a luíonn mo dhúil,
Ceal aire ar mo shúile bocht’;
Agus ní mo chluasa agat faoi gheasa,
Ná mo thadhall ag do cholainn lách,
Agus dá mbeifeá mar bhéile ag mo shrón is mo theanga,
Tá a fhios agam cinnte nach mbeadh siad sách:
Ach ní sháródh cúig, nó caoga, nó na céadta céadfa,
Mo chroí, atá mar sclábhaí faoi do threoir,
Fear a leanfadh chuile fhocal a déarfá
Fear truamhéalach, lag ag do ghlór:
Cé go bhfuilim cloíte cráite,
Tá faoiseamh agam i bpian mo pheaca.