Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
  • Baile
  • Nuacht
  • Nuacht
  • Tuairisc
  • Covid-19
  • ‘Is féidir le daoine dul ar scoil nó ag obair’ – an chomhairle ‘is déanaí’ ón Rialtas i nGaeilge faoi Covid-19
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘is-feidir-le-daoine-dul-ar-scoil-no-ag-obair’-–-an-chomhairle-‘is-deanai’-on-rialtas-i-ngaeilge-faoi-covid-19

‘Is féidir le daoine dul ar scoil nó ag obair’ – an chomhairle ‘is déanaí’ ón Rialtas i nGaeilge faoi Covid-19

De réir na comhairle is déanaí i nGaeilge atá á cur ag an rialtas ar an phobal maidirl Covid-19 “is féidir go leanfaidh an chuid is mó de dhaoine ar aghaidh ag dul ar obair, ar scoil nó chuig áiteanna poiblí eile mar is gnách”.

‘Lean ar aghaidh le do ghnáthamh laethúil’ an chomhairle sláinte poiblí is déanaí  i nGaeilge ar an suíomh gov.ie do dhaoine a thagann thar tír isteach agus nach bhfuil aon siomptóim den choróinvíreas orthu.

Ar ndóigh tá na scoileanna agus áiteanna oibre dúnta agus ordú ‘fan ag baile’ curtha i bhfeidhm ó foilsíodh an chomhairle is déanaí ón Rialtas i nGaeilge.

Dé réir scagadh atá déanta ag Tuairisc.ie, níl ach fíorbheagán den ábhar faoin ghéarchéim sa tsláinte phoiblí atá á chur amach ag an Roinn Sláinte agus an Rialtas ar fáil i nGaeilge.

I mBéarla amháin nach mór atá na fógraí sláinte phoiblí, an chomhairle is déanaí maidir leis an ghalar, na preasráitis, na feasacháin laethúla agus na póstaeir agus grafaicí atá á bhfoilsiú ag an Rialtas i dtaobh an ghalair mharfaigh.

Is i mBéarla amháin chomh maith a scaipeadh an bhileog eolais faoin choróinvíreas a seoladh chuig gach duine sa stát, cé go bhfuil leagan Gaeilge di sin curtha ar fáil ar líne.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta agus Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, le Tuairisc.ie go bhfuil “easpa measa” á léiriú ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ag an Rialtas agus ag na húdaráis Sláinte. 

“Léiríonn sé easpa measa ar phobal na Gaeltachta agus ar phobal na Gaeilge ar fud na tíre nach bhfuil gach eolas á chur amach ag an stát faoin ngéarchéim seo i mBéarla agus i nGaeilge,” arsa Ó Cuív.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta go raibh gearán déanta aige leis an Choimisinéir Teanga maidir le bileog eolais faoin choróinvíreas a seoladh chuig gach duine sa tír i mBéarla amháin.

“Tá sé in aghaidh an dlí aon cháipéis stáit a sheoladh i mBéarla amháin chuig chuile teach sa tír mar a rinneadh leis an gcáipéis sin,” a dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill le Tuairisc.ie go scrúdófar aon ghearán a fhaightear faoi ábhar Gaeilge a bhaineann leis an ngéarchéim ar an mbealach céanna a ndéantar scrúdú ar aon ghearán eile a fhaigheann a oifig.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ard- Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur chóir go mbeadh eolas “tábhachtach agus riachtanach” ón rialtas á chur ar fáil don phobal uile i dteangacha oifigiúla an stáit.

“Ní hé nach bhfuil na hacmhainní ag an stát cheana féin le cinntiú go bhfuil gach rud aistrithe. Tá siad acu. Is ceist cur chuige atá ann,” a dúirt Julian de Spáinn.

Idir an dá linn, má theastaíonn uait ‘an t-eolas is deireanaí ar Covid-19’ a fháil ar shuíomh Gov.ie, beidh tú ag brath ar fheasacháin an 29 Márta.

Ina theannta sin, is i mBéarla amháin a cuireadh eolas ar fáil maidir leis na ‘Coinníollacha Sláinte Phoiblí’ atá i bhfeidhm go dtí an 5 Bealtaine.

Níl aon eolas curtha ar fáil i nGaeilge i dtaobh na mbearta is déanaí ar fáil i nGaeilge faoi chúrsaí leasa shóisialaigh ná an liúntas tacaíochta ioncaim do dhaoine a chaill a bpost mar gheall ar an choróinvíreas.

Is i mBéarla amháin a fógraíodh ar an suíomh gov.ie bearta tacaíochta na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta d’ealaíontóirí agus dreamanna atá ag plé le cúrsaí cultúir agus is i mBéarla amháin atá fáil ar eolas ‘tras-rialtais’ faoi chúrsaí Covid-19. 

Faoin mhír ‘Treoir eolais laethúil an Rialtais’, faightear leagan Gaeilge de ráiteas amháin, ón Aire Oideachais Joe McHugh, ach is i mBéarla atá na cinn eile ar fad, ceann na Roinne Cultúir san áireamh.

Níl aon ghrafaicí ar fáil i nGaeilge maidir leis an scoitheadh fisiciúil.

Ceithre phóstaer eolais i mBéarla atá ar fáil ar shuíomh an rialtais maidir leis an  choróinvíreas. Dhá phóstaer atá ar fáil san Iodáilis, sa Pholainnis, sa Laitvis, sa Fhraincis, sa Liotuáinis agus sa Phortaingéilis. Póstaer amháin atá ar fáil i nGaeilge maidir le Covid-19.

Tá ráitis iarrtha ag Tuairisc.ie ar Roinn an Taoisigh agus ar an Roinn Sláinte faoin cheist seo.

Deir Comhairle na hEorpa go bhfuil sé “ríthábhachtach” do shláinte cainteoirí mionteangacha go gcuirfí eolas faoin bpaindéim ar fáil dóibh ina dteangacha féin.

D’iarr an Coiste Saineolaithe ar an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh ar na ballstáit ceisteanna a bhaineann le teangacha a chur san áireamh nuair a bheidh aon treoracha ná polasaithe breise á n-ullmhú acu le dul i ngleic leis an ngéarchéim sláinte seo.

Níos mó

Méabh Ní Thuathaláin

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge