Tá ráite ag an Roinn Sláinte go bhfuil sé i gceist acu leagan Gaeilge de bhileog eolais an Rialtais a scaipeadh ar an bpobal “an tseachtain seo”, nach mór mí ó dáileadh an leagan Béarla di ar theaghlaigh an Stáit.
Ach seachas cás na bileoige, ní raibh aon rud eile le rá ag an Roinn faoin scéala nach bhfuil ach fíorbheagán den ábhar faoin ghéarchéim sa tsláinte phoiblí atá á chur amach acu ar fáil i nGaeilge.
Nuair a lorg Tuairisc.ie ráiteas ón Roinn Sláinte faoin easpa Gaeilge san ábhar atá á fhoilsiú acu faoin phaindéim, chuir siad liosta ar ais chugainn de na dualgais atá orthu i leith na Gaeilge, cuid acu ar léir iad a bheith á sárú acu.
De réir na comhairle is déanaí i nGaeilge atá á cur ag an rialtas ar an phobal maidir le Covid-19 “is féidir go leanfaidh an chuid is mó de dhaoine ar aghaidh ag dul ar obair, ar scoil nó chuig áiteanna poiblí eile mar is gnách” agus i mBéarla amháin nach mór atá na fógraí sláinte phoiblí, an chomhairle sláinte is déanaí, na preasráitis, na feasacháin laethúla agus na póstaeir agus grafaicí atá á bhfoilsiú ag an Rialtas i dtaobh an ghalair mharfaigh.
Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta agus Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, le Tuairisc.ie go bhfuil “easpa measa” á léiriú ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ag an Rialtas agus ag na húdaráis Sláinte.
“Léiríonn sé easpa measa ar phobal na Gaeltachta agus ar phobal na Gaeilge ar fud na tíre nach bhfuil gach eolas á chur amach ag an stát faoin ngéarchéim seo i mBéarla agus i nGaeilge,” arsa Ó Cuív.
Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta go raibh gearán déanta aige leis an Choimisinéir Teanga maidir le bileog eolais faoin choróinvíreas a seoladh chuig gach duine sa tír i mBéarla amháin.
Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill le Tuairisc.ie go scrúdófar aon ghearán a fhaightear faoi ábhar Gaeilge a bhaineann leis an ngéarchéim ar an mbealach céanna a ndéantar scrúdú ar aon ghearán eile a fhaigheann a oifig.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur chóir go mbeadh eolas “tábhachtach agus riachtanach” ón rialtas á chur ar fáil don phobal uile i dteangacha oifigiúla an stáit.
“Ní hé nach bhfuil na hacmhainní ag an stát cheana féin le cinntiú go bhfuil gach rud aistrithe. Tá siad acu. Is ceist cur chuige atá ann,” a dúirt Julian de Spáinn.