Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ma-ta-an-goile-agat-chuige,-seo-cupla-scannan-faoi-ghalair-thogalacha

Má tá an goile agat chuige, seo cúpla scannán faoi ghalair thógálacha

Cé go bhfuil an-chuid de na saothair seo diostóipeach agus go sleamhnaíonn cuid acu isteach in iomaire na zombaithe agus na háiféise baineann siad ar fad, ina slí féin, macallaí as imeachtaí is eachtraí an lae inniu. Má tá an goile agat chuige mar sin seo cúpla saothar a mheilfidh cúpla uair an chloig duit agus tú i bhfolach ar an gcúits ó Covid-19.

Contagion (2001)

Is dócha gurb é seo an saothar is túisce a thosaigh ag ráthaíocht in intinn go leor nuair a thosaigh an ráig. Scannán sollúnta réalaíoch duairc é seo agus ní haon iontas sin óir gurb é an ceardaí Steven Soderbergh a bhí ar an stiúir. Dírítear ar ráig de víreas a thagann as an gcianoirthear. Ag deireadh an scannáin seo léirítear gur sciathán leathair ba chúis leis an ráig. Táthar ag maíomh gurb é an t-ainmhí céanna ba chúis leis an víreas corónach. I gcaitheamh an scannáin címid gnáthdhaoine agus lucht leighis ar fud an domhain ag iarraidh dul i ngleic leis an gcontúirt agus leis an athrú saoil. Cliar bhreá agus Matt Damon, Jude Law, Marion Cotillard, Gwyneth Paltrow, Laurence Fishburne agus Kate Winslet sna príomhrólanna.

Outbreak (1995)

Tá níos mó eachtraíochta ag baint leis an saothar seo a stiúir Wolfgang Petersen. Tráchtar anseo ar víreas cosúil le Ebola a thosnaíonn sa tSáir san Afraic. Nuair a dhéantar moncaí beag ón dúthaigh sin a smuigleáil go Meiriceá scaiptear an víreas ansiúd. Ach oiread le Contagion léirítear cé chomh tapaidh is a scaipeann an víreas agus an tslí go n-éascaíonn taisteal forleathan ar eitleáin an scaipeadh. Cad é caint ar choraintín anseo agus baile beag amháin curtha i ngéibheann. I rith an ama léirítear arm Mheiriceá mar bhithiúnaigh a raibh eolas acu ar an víreas i bhfad roimhe seo agus atá anois ag iarraidh eolas faoi a cheilt le gur féidir arm a dhéanamh as. Dustin Hoffman, Rene Russo, Morgan Freeman, Donald Sutherland, Kevin Spacey agus Cuba Gooding Jr. sna príomhrólanna.

World War Z (2013)

Cé go bhfuilimid sleamhnaithe isteach in iomaire na zombaithe agus na háiféise leis an gceann seo tá comparáidí fós le rianú. Is ráig de víreas anaithnid éigin is cúis le daoine a bheith ag iompú ina zombaithe agus caithfidh bleachtaire de chuid na Náisiún Aontaithe (Brad Pitt) teacht ar fhoinse an víris. Cad é trácht ar an WHO, vacsaín agus imdhíonacht. Cé nach luaitear go sonrach é sa scannán déanann an leabhar ar a bhfuil an scannán bunaithe méar a shíneadh i dtreo na Síne mar fhoinse na ráige.

12 Monkeys (1995)

Díríonn saothar le Terry Gilliam ar víreas a scaip ar fud an domhain i 1996 agus a mharaigh nach mór leath do dhaonra an domhain. Sa bhliain 2035 tá an fuíoll áir ag maireachtaint fé thalamh. Le cabhair an amthaistil déantar carachtar le Bruce Willis a chur siar chuig na nóchaidí le teacht ar fhoinse an víris ionas gur féidir le heolaithe teacht ar vacsaín. Buaileann sé le carachtar Brad Pitt agus tá castróvaics faoi amthaisteal, uisce fé thalamh, mar aon le trácht ar an Cassandra Complex (gan a beith sásta éisteacht le foláireamh bailí).

28 Days Later

Cuirtear an milleán ar an hainmhithe arís sa saothar seo ón stiúrthóir tréitheach Danny Boyle. Nuair a scaoileann feachtasóirí cearta ainmhithe simpeansaithe saor ó zú i Sasana scaipeann víreas a iompaíonn daoine ina zombaithe. Dúisíonn carachtar le Cillian Murphy ó chóma agus cíonn sé nach bhfuil duine ná deoraí i gcathair Londan. Caitheann sé féin agus daoine eile a mbuaileann sé leo dul i ngleic leis an saol nua ait agus dainséarach seo. Tugtar le fios i ndeireadh an scannáin go bhfuil an tír ar fad faoi choraintín. Naomie Harris, Brendan Gleeson agus Christopher Eccleston i measc na n-aisteoirí.

Níos mó