Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-seachtar-eile-le-covid-19-basaithe-sa-tuaiseart-agus-‘an-bhruisc-ag-teacht’

Seachtar eile le Covid-19 básaithe sa Tuaiseart agus ‘an bhrúisc ag teacht’

| Tuairisc.ie | ,

Tá seachtar eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe sa Tuaisceart.

228 duine atá básaithe in Éirinn ó thosaigh an ráig, 158 ó dheas agus 70 ó thuaidh.

6,152 cás atá deimhnithe den choróinvíreas faoin tráth seo, 4,994 ó dheas agus 1,158 ó thuaidh.

8,740 tástáil don víreas atá déanta ó thuaidh agus 254 duine a tástáladh ó tuairiscíodh figiúirí an lae inné.

Dúirt Céad-Aire Thuaisceart Éireann Arlene Foster tráthnóna gur “coicís chinniúnach” a bhí le teacht mar go raibh an bhrúisc i líon na gcásanna ar na bacáin.

Dúirt sí go gcaithfeadh gach duine cloí go docht leis na srianta dianghlasála amhail an scoitheadh sóisialta.

“Tá sé riachtanach sa tréimhse ríthábhachtach nach n-éiríonn muid míchúramach go háirithe roimh agus le linn thréimhse na Cásca,” arsa Foster.

Ón mbaile a reáchtáil Arlene Foster agus LeasChéad-Aire an Tuaiscirt Michelle O’Neill a seisiún eolais inniu.

Tuairiscíodh níos túisce go bhfuarthas cúig mhilliún píosa de threalamh cosanta pearsanta sa Tuaisceart inniu, trealamh a bhí ag teastáil go géar dar le lucht leighis.

Tuairiscíodh chomh maith go raibh páráidí an 12 Iúil curtha ar ceal de bharr na paindéime. Dúirt Ardmháistir Ard-Lóiste an Oird Oráistigh Edward Stevenson go mbeadh sé mífhreagrach na “céadta míle d’fhir agus de mhná na nOráisteach a thabhairt le chéile lena mbannaí agus a lucht tacaíochta”.

Idir an dá linn, de réir na sonraí is déanaí ón Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte, is le hionaid altranais a bhaineann nach mór 25% de na braislí de chásanna coróinvíris ó dheas.

Is ionann braisle agus trí chás nó níos mó den víreas a bheith deimhnithe ar aon láthair amháin ar feadh 72 uair an chloig.

Faoi mheán oíche Dé hAoine bhí 236 braisle cásanna in Éirinn, ar bhain 903 cás deimhnithe leo.

Bhain 57 de na braislí sin le ráigeanna den víreas in ionaid altranais.

Léirigh sonraí faoi Coivid-19 a d’eisigh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (HPSC) seachtain ó shin gur 38 braisle a bhí in ionaid altranais faoi mheán oíche ar an 31 Márta rud a fhágann gur ardú 50% a bhí i gceist in imeacht trí lá.

Údar imní ar leith i gcónaí é scaipeadh an ghalair in ionaid altranais, go háirithe in oirthear na tíre, agus tá roinnt beartas fógartha chun dul i ngleic leis an bhfadhb.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, bhain 43 braisle le hospidéil, bhain 26 ceann acu le hinstitiúidí cónaithe agus bhain 14 le hospidéil phobail nó aonaid fhadchónaithe.

De réir na sonraí ón HPSC, den 4,443 cás den ghalar a deimhníodh faoin Aoine seo caite cuireadh cúram san ospidéal ar 1,203 duine, nó 27%, agus as na daoine sin, cuireadh 165 acu in ICU, nó Aonad Dianchúraim.

Dúirt an comhairleoir in Ospidéal an Mater Dr Jack Lambert go dtiocfadh laghdú ar líon na ndaoine atá á gcur in aonaid dianchúraim agus ar líon na ndaoine atá ag fáil bháis dá gcuirfí leis an méid tástála atá á déanamh don ghalar i measc an phobail.

Ag labhairt dó ar Today with Seán O’Rourke ar RTÉ chuir an comhairleoir le galair thógálacha fáilte roimh phlean an Rialtais líon na dtástálacha atá á ndéanamh a dhúbailt an tseachtain seo go dtí 4,500 in aghaidh an lae.

Idir an dá linn, dúirt ceannasaí Chumann Altraí agus Ban Chabhrach na hÉireann Phil Ní Sheaghdha go raibh iarrtha ag an INMO ar an HSE polasaí a thabhairt isteach a chinnteodh go gcaithfeadh gach altra agus bean chabhrach masc máinliachta le linn na géarchéime. 

Ó tharla go raibh moill leis an tástáil atá á déanamh ar dhaoine, chaithfí glacadh leis go bhfuil an galar ar othair agus cosaint a thabhairt d’oibrithe sláinte dá réir, arsa Phil Ní Sheaghdha.

Dúirt sí chomh maith go bhfuil oibrithe sláinte ag íoc suas le €110 sa lá as cúram leanaí. Thug sí le fios go raibh iarratas déanta aici faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise chun fáil amach cén t-údar a bhí leis an moill maidir le plean éigeandála do sheirbhísí cúram leanaí d’altraí a chur i gcrích.

Dúirt ceannaire nuathofa Pháirtí an Lucht Oibre Alan Kelly gur gá don Rialtas plean a chur i gcrích láithreach le teacht i gcabhair ar oibrithe sláinte ó thaobh cúram leanaí de.

Idir an dá linn, tá 712,000 duine ag brath anois ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh, 507,000 atá ag fáil €350 sa tseachtain faoin gcóras tacaíochta do dhaoine atá as obair mar gheall ar an bpaindéim Covid-19 agus 205,000 duine atá ag fáil an ghnáthliúntas cuardaitheora poist, €203.

Níos mó