Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nosie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-taille-e5.99-sa-mhi-do-leitheoiri-nos-o-dheas-o-dheireadh-na-bliana

Táille €5.99 sa mhí do léitheoirí NÓS ó dheas ó dheireadh na bliana

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Gearrfar táille €5.99 ar léitheoirí NÓS atá lonnaithe ó dheas ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh de bharr rialacháin nua faoi ábhar ar líne a aontaíodh le linn na beartaíochta ar Brexit a bhí ar siúl sa Bhruiséil Dé hAoine seo caite. Bhí ionadaithe as Éirinn, an Bhreatain, agus Coimisiún na hEorpa i láthair ag an gcruinniú digiteach a reáchtáladh mar gheall ar Covid-19.

Ní bheidh na deontais do lucht cruthaitheachta ná do mhionteangacha ón Aontas Eorpach ar fáil d’eagraíochtaí atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe ó 1 Eanáir 2021, de réir na rialachán a aontaíodh ag an gcruinniú sin. Anuas air sin, tá rialacháin nua le teacht i bhfeidhm a bhaineann le hábhar ar líne a bheith ar fáil do bhallstáit an Aontais agus do thíortha na Ríochta Aontaithe. 

Cé go bhfreastalaíonn NÓS ar lucht a léite ar bhonn uile-oileánda, tá príomhoifig na hirise lonnaithe sa Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste. 

Chinn lucht stiúrtha na hirise táille a ghearradh ar léitheoirí a bhfuil seoladh IP acu sna 26 contae. 

“Bhí cúpla rogha ann. D’fhéadfadh muid deireadh a chur leis an tseirbhís do léitheoirí ó dheas, táille a chur orthu, nó oifig NÓS a aistriú ó Bhéal Feirste go Baile Átha Cliath nó cathair mhór eile ó dheas agus an táille a ghearradh ar léitheoirí ó thuaidh. 

“Chinn muid sa deireadh an iris a choinneáil i gcathair a bunaithe, mar a bhfuil pobal dílis léitheoirí aici, agus an táille a ghearradh ar ár léitheoirí ó dheas den teorainn. Ní maith linn é a dhéanamh ach níl aon neart againn ar na srianta nua seo a thiocfaidh i bhfeidhm ag deireadh na bliana, agus is mór an chabhair a bheidh sa síntiús €5.99 sa mí agus deontais an Aontais Eorpaigh imithe,” a dúirt bunaitheoir na hirise Tomaí Ó Conghaile.

De réir an chonartha a d’aontaigh lucht stiúrtha NÓS le Foras na Gaeilge in 2014, is “iris ar líne saor in aisce” atá in NÓS agus níl cead táille a ghearradh ar léitheoirí. Tá deireadh tagtha leis an gconradh sin anois, áfach, agus bhí an fhoireann bainistíochta i mbun plé le hoifigigh an Fhorais faoina bhfuil i ndán don iris agus an chéad chonradh eile á bheartú acu.

D’aontaigh oifigigh an Fhorais gur mhór an t-athrú a tháinig ar an saol ó bhí 2014 ann agus gur gá athruithe suntasacha a dhéanamh ar chonarthaí na bhfoilseachán ar líne. Táthar ag súil go síneofaí conarthaí nua idir seo agus deireadh na bliana, agus beidh cead ag na hirisí ar líne táillí a lorg dá seirbhísí don chéad tréimhse eile. 

“Is mór an trua é, dáiríre, ach caithfear é a dhéanamh. Mura mbeadh an táille seo ann, ní dócha go mbeifí in ann leanacht ar aghaidh le NÓS. Bíonn pinginí gann i saol na hiriseoireachta Gaeilge mar atá, agus gan an t-airgead breise sin ón Aontas Eorpach is cinnte go mbeadh deireadh lenár n-iris.

“Tá formhór na léitheoirí atá againn lonnaithe ar an taobh ó dheas den teorainn, agus tá muid cinnte nár mhiste le go leor acu cúpla euro a chaitheamh inár dtreo le haghaidh na n-alt iontach a scríobhann ár scríbhneoirí cumasacha. Cá bhfios nach mbeidh Éire Aontaithe againn faoi dheireadh na tréimhse conartha seo agus muid in ann an táille a bhaint arís?” a dúirt eagarthóir na hirise, Maitiú Ó Coimín. 

Tiocfaidh an táille €5.99 isteach ag meán oíche ar an 1 Eanáir 2021. 

Níos mó