Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-phriomhdhuais-i-gcomortas-aistriuchain-eorpach-buaite-ag-bean-og-as-conamara

An phríomhdhuais i gcomórtas aistriúcháin Eorpach buaite ag bean óg as Conamara

| Tuairisc.ie |

Bean óg as Gaeltacht Chonamara a thug léi an phríomhdhuais sa chomórtas Aistritheoirí Óga 2020, a d’eagraigh an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann.

Is í Bláthnaid Ní Fhátharta as Coláiste na bPiarsach i Ros Muc a bhuaigh an duais mhór don saothar aistriúcháin is fearr, ceann de shé dhuais a bronnadh mar chuid den chomórtas.

Chomh maith leis an duais náisiúnta a thabhairt léi, bronnadh an duais don aistriúchán is fearr ó Bhéarla go Gaeilge a rinneadh i gCúige Chonnacht ar Bhláthnaid Ní Fhátharta chomh maith.

Is í Aoife Ní Bhriain as Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath, a bhuaigh duais Chúige Laighean. Roghnaíodh saothar Chaoimhe Uí Shé as Meánscoil Chnoc na Labhras FCJ, Luimneach, do ghradam Chúige Mumhan. Clíodhna Ní Mhianáin as Gaelcholáiste Dhoire a rinne an t-aistriúchán is fearr i gCúige Uladh.

Bhuaigh dalta eile as Gaelcholáiste Dhoire, Sadhbha Nic Ruairí an t-aistriúchán is fearr ó theanga seachas an Béarla agus píosa aistrithe aici ó Fhraincis go Gaeilge.

Is é an Seanadóir Seán Kyne, Aire Stáit na Gaeltachta, a d’fhógair liosta na mbuaiteoirí inniu agus rinne sé comhghairdeachas leo.

Ghlac breis agus 90 dalta as 34 scoil ar fud na tíre páirt i gcomórtas na bliana seo agus dúirt Caoimhe Ní Shúilleabháin, Comhordaitheoir an Chomórtais sa Choimisiún Eorpach gur comhartha é an méadú sin gur “léir go mbaineann daltaí taitneamh as an dúshlán seo”.

Dúirt Ní Shúilleabháin freisin “go spreagann sé na daltaí le smaoineamh faoi theangacha ar dhóigh eile agus, tá súil agam, cuimhneamh ar na teangacha atá acu a úsáid sna gairmeacha lena rachaidh siad amach anseo”.

Ba é seo an tríú huair a eagraíodh an comórtas Aistritheoirí Óga, a bhíonn á reáchtáil ag an gCoimisiún agus Rialtas na hÉireann. Tá trí sprioc ag an gcomórtas seo: ardchaighdeán Gaeilge a chur chun cinn, an t-ilteangachas a spreagadh i measc daltaí meánscoile agus suim na ndaltaí a mhúscailt i ngairmeacha le teangacha.

Liosta buaiteoirí 2020:

An t-aistriúchán is fearr i gceithre chúige Éireann:

Bláthnaid Ní Fhátharta, Coláiste na bPiarsach, Co. na Gaillimhe

An t-aistriúchán is fearr (ó Bhéarla go Gaeilge) a rinneadh i gCúige Chonnacht:

Bláthnaid Ní Fhátharta, Coláiste na bPiarsach, Co. na Gaillimhe

An t-aistriúchán is fearr (ó Bhéarla go Gaeilge) a rinneadh i gCúige Laighean:

Aoife Ní Bhriain, Coláiste Íosagáin, Co. Bhaile Átha Cliath

An t-aistriúchán is fearr (ó Bhéarla go Gaeilge) a rinneadh i gCúige Mumhan:

Caoimhe Ní Shé, Meánscoil Chnoc na Labhras FCJ, Co. Luimnigh

An t-aistriúchán is fearr (ó Bhéarla go Gaeilge) a rinneadh i gCúige Uladh:

Clíodhna Ní Mhianáin, Gaelcholáiste Dhoire, Co. Dhoire

An t-aistriúchán is fearr ó theanga seachas an Béarla:

Sadhbha Nic Ruairí, Gaelcholáiste Dhoire, Co. Dhoire (aistriúchán ó Fhraincis go Gaeilge).

Níos mó