Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-coisir-ti-‘an-taobh-tuathail’-agus-imeachtai-eile-baile

Cóisir Tí ‘An Taobh Tuathail’ agus imeachtaí eile baile

| Sinead Ni Uallachain |

Cóisir Tí le Cian Ó Cíobháin, an chéad Aoine de gach mí, ar RTÉ RnaG

Bhí Cian Ó Cíobháin ag ceiliúradh le déanaí agus 21 bliain caite aige ag cur An Taobh Tuathail, a chlár ceoil ailtéarnaigh, i láthair ar Raidió na Gaeltachta. Comhghairdeas leis! Tá plean ag fear na Gráige chun an nasc lena phobal éisteachta a láidriú in aimsir seo an Choróinvíris agus é beartaithe aige ar an gcéad Aoine de gach mí, cóisir tí a bheith aige. Roghnóidh sé téama éagsúil do gach clár agus lorgóidh sé rogha na n-éisteoirí bunaithe air sin. Is ar an gcéad rave ré iar-Covid a bheidh sé ag díriú seachtain ó inniu! Cad ba mhaith leatsa a chlos ag a leithéid d’ócáid? Seol aon iarratas chuig att@rte.ie nó déan teagmháil le Cian ar na meáin shóisialta ag baint úsáide as an haischlib #CTATT

…agus bí ag éisteacht ar an Aoine, nuair a thabharfaidh sé tú chuig an rave samhlaíoch ceolmhar i do chroí!!

Slua le Bua 2020, Comórtas Tallainne Chumann na bhFiann

Tá comórtas tallainne eagraithe ag Cumann na bhFiann, dóibh siúd atá idir 12-18 bliain d’aois! Ná bí buartha, ní bheidh ort d’ionad cónaithe a fhágáil chun bheith páirteach. Iarrtar orthu siúd a bhfuil suim acu ann taifead a dhéanamh ar fhíseán den mbua atá acu. Déan taifead ar réamhrá deich soicind ar dtús agus cur síos á dhéanamh agat ar do chúlra agus ansin, ní gá duit ach do bhua a thaispeáint – bíodh gur oilte i gcúrsaí scéalaíochta atá tú, spórt, gleacaíocht, nó ceol! Ná téir thar cheithre nóiméad! Taispeánfar cuid de na físeáin ar na meáin shóisialta agus gheobhaidh na buaiteoirí duaiseanna deasa… €1,200 don té a thiocfaidh sa chéad áit; €500 don té a bheidh sa dara háit agus €300 don té a bheidh sa tríú háit. Gach rath oraibh, tuilleadh sonraí ach cuairt a thabhairt ar shuíomh Choláiste na bhFiann.

Dúshlán an tsean-nóis le Saileog Ní Cheannabháin ar Facebook!

Lá 4/5 d’amhráin ar an sean nós. Bruach na Carra Léith, amhrán a fuair mé ó m’athair, a fuair ó Chóilín Mac Donncha,…

Posted by Saileog Ní Cheannabháin on Thursday, May 28, 2020

Tá an ceoltóir Saileog Ní Cheannabháin ag tabhairt faoi dhúshlán an tsean-nóis ar líne! Ar feadh cúig lá, tá físeáin á gcur in airde aici di féin i mbun amhránaíochta, le meascán ana-bhreá d’amhráin! B’fhiú cuairt a thabhairt ar a leathanach Facebook, chun í a chlos! Ní hamháin sin ach tá ceoltóirí eile ainmnithe chun tabhairt faoina leithéid chomh maith – gach rath orthu!

Léacht leis an Dr Fearghal Mac Bhloscaidh, leathanach Facebook Ionad Uíbh Eachach, Déardaoin 4ú Meitheamh @ 13.30

Tá léacht ar líne eagraithe ag Ionad Uíbh Eachach i mBéal Feirste, a bheidh ar bun Déardaoin seo chugainn. An Dr Fearhgal Mac Bhloscaidh a dhéanfaidh roinnt cainte faoin teideal ‘Pogroim Bhéal Feirste 1920-1922’. Tá scata leabhar scríofa ag Feargal, faoi chúrsaí staire, ina measc ‘Fenians and the Ribbonmen’ agus ‘The Irish Revolution: Tyrone 1912-23’, mar aon le bheith ina múinteoir staire i gColáiste Feirste. Craolfar an léacht beo ar leathanach Facebook an ionaid ach mura n-éiríonn leat é a fheiscint, beidh tú in ann dul siar agus féachaint air, ar an leathanach YouTube atá acu ina dhiaidh.

Seisiún Amhránaíochta le Muireann Nic Amhlaoibh, ar líne, Dé Sathairn 6 Meitheamh @ 20:30

Dáta don dialann! Beidh an ceoltóir aitheanta Muireann Nic Amhlaoibh ina haoi speisialta ag ócáid atá á heagrú ag Ionad Séamus Ennis. Seo an chéad eagrán sa tsraith seo, ina mbeidh amhránaithe i mbun seisiún ag baint úsáide as Zoom. Is é an ceoltóir aitheanta eile, Macdara Yeates a bheidh i bhfeighil na n-ócáidí. Is féidir féachaint ar an mbeoshruthú ar an oíche, ach an nasc seo a leanúint. Más mian leat, áfach, a bheith ar dhuine de na hamhránaithe go nglaofar orthu chun véarsa a rá, déan teagmháil leo @ info@tseac.ie

Níos mó