Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-debut-‘beo-ar-eigean’-ar-rte-radio-one-agus-imeachtai-eile-baile

Début ‘Beo Ar Éigean’ ar RTÉ Radio One agus imeachtaí eile baile

| Sinead Ni Uallachain |

Rang Beag Scríbhneoireachta, eagraithe ag Cló Iar-Chonnacht, gach Céadaoin ón 27 Bealtaine

Tá ‘Rang Beag Scríbhneoireachta’ á eagrú ag Cló Iar-Chonnacht, uair sa tseachtain ón gCéadaoin seo chugainn ar aghaidh! Is i gcomhar le meitheal d’aoi-scríbhneoirí atá an tsraith seo de cheachtanna curtha ar bun. Cuirfear físeáin ghairide de na haíonna – Áine Durkin, Áine Ní Ghlinn, Anna Heussaff, Alex Hijmans agus Réaltán Ní Leannáin – in airde agus leideanna á dtabhairt acu faoi chúrsaí scríbhneoireachta.  Beifear ag leagan béim ar ghnéithe éagsúla den gceird i ngach eagrán agus tiocfar orthu ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht, nó ar na leathanaigh atá acu ar na meáin shóisialta agus YouTube.

Ócáid ar-líne, eagraithe ag Borradh, Déardaoin 28 Bealtaine

Cuireadh tús le líonra sóisialta nua do lucht gnó le Gaeilge, ní rófhada ó shin – ‘Borradh’ a tugadh air. Eagraíodh cúpla ócáid chun deis a thabhairt do dhaoine in earnáil an ghnó, aithne a chur ar a chéile, sula gcuireadh cúrsaí as riocht le Covid-19. Tá beartaithe ag bunaitheoir na heagraíochta, Dáithí de Buitléir, áfach, an chéad ócáid eile a bhogadh ar-líne. 

Is ar an Déardaoin seo chugainn (28 Bealtaine) a bheidh sé ar siúl, agus an t-ábhar a bheidh faoi chaibidil ná na dúshláin ghnó atá roimh dhreamanna difriúla, mar thoradh ar an gcoróinvíreas. Na cainteoirí a roinnfidh a scéalta féin, ná: Aoife Hendrick, stiúrthóir RTÉ Home School Hub, Macalla Teo, Pádraic Ó Griallais, Príomhfheidhmeannach Micil Distillery agus Mícheál Ó Foighil, Bainisteoir Choláiste Lurgan. Níl ach tuairim is 100 ticéad ar fáil don imeacht seo (gan aon chostas orthu), agus beidh tú in ann ceann a fháil ach cuairt a thabhairt ar Borradh.ie

Teach le Chéile de chuid Ghael Linn, gach Déardaoin @ 18:00

Is fiú súil a chaitheamh ar ‘Teach le Chéile’, sraith físeán atá á craoladh beo ag Gael Linn ar a leathanach Facebook, uair sa tseachtain! Tarlaíonn a leithéid gach Déardaoin ag a 18:00, agus bogtar ó theach go teach gach seachtain. Tugtar cuairt ar thithe le hamhránaithe, ceoltóirí agus scéalaithe a bhfuil cáil orthu! Go dtí seo tá cuairt tugtha acu ar láthair chónaithe Pheadair Uí Riada i gCorcaigh agus ar Ghaoth Dobhair, áit a bhfuil Máire Ní Choilm ag cur fúithi mar aon le cuairt ar an scéalaí Pádraig Ó Briain. Mura n-éiríonn libh féachaint ar na físeáin ar an lá, ná bí buartha, mar go gcuirtear físeán in airde tar éis an imeachta.

Coirm le Máiréad Ní Mhaonaigh, eagraithe ag Cultúr Éireann

Bhí caint agam an tseachtain seo caite ar an leathanach seo, ar an tsraith #IrelandPerforms, eagraithe ag Cultúr Éireann. Bhíos ag insint daoibh go mbeadh Ciarán Ó Maonaigh agus Caitlín Nic Gabhann le feiscint i mbun an cheoil ar leathanach Facebook Chultúr Éireann, agus do bhí leoga! D’éirigh go maith leis an gcoirm.

An Domhnach beag seo, is í Máiréad Ní Mhaonaigh, aintín Chiaráin a bheidh le clos i lár an lae. Is féidir a bheith ina teannta, ach cuairt a thabhairt ar an leathanach Facebook seo @ 15:30.

Beo ar Éigean, RTÉ Radio 1 Dé Sathairn 23 Bealtaine @ 20:00

@Cathalmacan Photography

Táim féin, Áine agus Siún ar bís go bhfuil ár bpodchraoladh Beo ar Éigean le bheith ar RTÉ Radio One i rith an tsamhraidh. Craolfar an chéad eagrán amárach ag a hocht a chlog sa tráthnóna! Má bhíonn sibh díomhaoin, cas air an raidió!

Níos mó