Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-learscail-nua-de-chonamara-tiomnaithe-do-tim-robinson

Léarscáil nua de Chonamara tiomnaithe do Tim Robinson

Tá léarscáil nua de Chonamara cruthaithe ag an gcomhlacht léarscáileanna EastWest Mapping agus í tiomnaithe don scríbhneoir agus léarscálaí aitheanta Tim Robinson, a bhásaigh an mhí seo caite. 

Is é an léarscálaí Barry Dalby a thosaigh an comhlacht EastWest Mapping 30 bliain ó shin agus is iomaí léarscáil agus treoirleabhar atá foilsithe aige ó shin. Labhair sé le NÓS faoina léarscáil nua Connemara Mountains a bheidh ar fáil an mhí seo chugainn. 

Seo an dara ceantar Gaeltachta atá mapáilte ag Barry – foilsíodh léarscáil eile dá chuid d’Acaill i Maigh Eo cúpla bliain ó shin. Dúirt sé le NÓS go meallann ceantair “a bhfuil brí ag na logainmneacha áitiúla go fóill” go mór é agus é ag roghnú áite le léarscáiliú a dhéanamh uirthi, agus gur chabhraigh obair Tim Robinson leis agus an léarscáil nua seo á cur le chéile aige.

“Agus ceantar cósta agus sléibhe á roghnú agam [le léarscáiliú] is é an rud is tábhachtaí ná an rochtain phoiblí atá ar an áit. Is iondúil go roghnaím ceantair nach bhfuil an oiread sin forbartha déanta orthu agus go bhfuil brí ag na logainmneacha áitiúla go fóill. Mar sin féin, tá an díolachán tábhachtach freisin, mar ní thugtar aon maoiniú poiblí dúinn agus caithfidh muid na costais a chúitimh le díolachán mapaí. 

“Mar sin féin, rinne mé mapaí de cheantair ar nós Néifinne, Cliara, Stua Laighean agus an Staighre Dubh, áiteanna nach gcúiteodh an díolachán na costais agus an obair. Ach is léarscáileanna tábhachtacha iad seo, ar a mbealach féin. Maidir le Conamara, roghnaigh mé an ceantar sin ar na cúinsí a luaigh mé agus mar gheall ar an eolas a bhailigh Tim Robinson 20-30 bliain ó shin,” a dúirt sé.

Ainneoin gur chabhraigh taighde Robinson le Barry agus an léarscáil nua seo á cruthú aige, deir sé go bhfuil “difear lá agus oíche” idir a stíl léarscáilíochta na beirte. 

“Chuala mé trácht ar Tim agus cheannaigh mé a mhapaí go léir nuair a d’fhoilsigh sé ar dtús iad, agus dhíol muid féin [EastWest Mapping] iad ar feadh tamaill. Mar sin féin, níor casadh ar a chéile muid riamh, cé go scríobhadh muid chuig a chéile maidir le rudaí áirithe. Tá meas agam ar a mhapaí d’Árainn, den Bhoireann agus de Chonamara, ach cé is moite den spéis atá againn gnéithe cultúir a mharcáil agus i logainmneacha áitiúil, tá difear lá agus oíche idir ár mapaí.

“Ach is cinnte gur spreagadh agus áis úsáideach a bhí ina léarscáil de Chonamara, a ghasaitéar agus na taifid eile in OÉG. Tá go leor de na logainmneacha atá ar an léarscáil nua, Connemara Mountains, bunaithe ar obair Tim, chomh maith le foinsí agus taifid eile,” a dúirt Barry. 

Bhí súil ag an léarscálaí, ar as Baile Átha Cliath ó dhúchas é ach atá ag cur faoi i gCluain na nGall i gcontae Cheatharlach le fada an lá, dul siar go Gaillimh agus labhairt le muintir na háite faoi ghnéithe éagsúla den tírdhreach — logainmneacha áitiúla agus gnéithe seandálaíochta agus cultúir ina measc — ach chuir scaipeadh an víris chorónaigh deireadh tobann leis an obair sin. 

“Tá roinnte bailte móra fearainn ann nach bhfuil ach breaceolas ar fáil fúthu, agus bheinn ag súil go mbeadh go leor mionlogainmneacha i gcuid de na gleannta, bunaithe ar an taithí atá agam in áiteanna eile. Ach ní féidir na ceisteanna sin a phlé anois mar ní féidir cuairt a thabhairt ar na feirmeoirí sléibhe, a bhíonn, den chuid is mó, an-aosta,” a mhínigh sé. 

Léarscáil ar scála 1:25,000 a bheidh in Connemara Mountains. Fágann sé sin nach mbeidh Conamara ar fad le feiceáil ann ach na ceantair shléibhe agus na háiteanna is mó a mbeidh spéis ag daoine dul ag fánaíocht iontu. 

Tá spéis nach beag ag Barry sna logainmneacha ach bíonn cinntí le déanamh maidir le cé na hainmneacha, agus na gnéithe eile, a chuirfear ar an léarscáil chríochnaithe.

“Is féidir mapaí a chur le chéile ar chúpla bealach éagsúil agus bhain mé leas as a bhformhór acu. Bunaítear léarscáil topagrafaíochta mar seo ar íomhánna ón aer agus múnlaí digiteacha. Fágann sé sin go gcaitear ciall a bhaint as na grianghraif chomh maith le dul amach agus sonraí nach bhfuil soiléir ón íomhá a sheiceáil ar an talamh. Is obair ar leith atá i mbailiú agus rangú na logainmneacha. An chéad chéim ansin ná foinsí páipéir a sheiceáil agus ansin dul amach faoin tuath ag labhairt leis na daoine atá ina gcónaí nó ag obair san áit leis an eolas atá ar na taifid a dheimhniú nó a athrú, de réir eolas an phobail.

“Is í an aidhm a bhíonn agam de ghnáth na logainmneacha a bhaineann le topagrafaíocht na háite a chur ar an mapa — idir bhailte fearainn, abhainníní, ghleannta, phortaigh agus ghnéithe den chósta. Ní bhacaim le hainmneacha páirce den chuid is mó ach amháin sa chás go mbaineann siad le leadhbanna móra talún nó go bhfuil tábhacht staire ag baint leo. Tá go leor oibre ann!” a dúirt sé. 

Beidh sé ar fáil ó shuíomh idirlín EastWest Mapping ar dtús agus ansin i siopaí leabhar agus siopaí eile a mbíonn léarscáileanna ar fáil iontu. Beidh costas €12.90 ar an gnáthleagan páipéir, €21.50 ar leagan a bheidh uiscedhíonach, agus €15.00 ar an leagan digiteach. 

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge