Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-dlus-le-cur-le-scaoileadh-na-srianta-agus-siopai-mora-agus-pairceanna-spraoi-le-hoscailt

Dlús le cur le scaoileadh na srianta agus siopaí móra agus páirceanna spraoi le hoscailt

| Tuairisc.ie |

Tuairiscítear go bhfuil sé i gceist dlús a chur le cuid de na pleananna maidir le scaoileadh na srianta dianghlasála agus athoscailt na tíre.

I measc na mbeartas a d’fhéadfadh tarlú níos túisce ná mar atá leagtha amach i bplean díchuibhrithe an Rialtais, tá athoscailt siopaí móra  agus páirceanna spraoi.

Maidir leis na siopaí móra, siopaí a bhfuil doras amach ar an tsráid acu a bheidh i gceist, rud a d’fhágfadh go mbeadh siopaí in ionaid siopadóireachta fós dúnta.

Bhí na siopaí móra le hoscailt ar an 29 Meitheamh.

Tuairiscítear chomh maith go mb’fhéidir go dtabharfar cead do dhaoine ón Luan seo chugainn ar aghaidh cuairt a thabhairt ar thithe altranais agus ionaid chúraim, ar ospidéal agus ar phríosúin.

Meastar go dtabharfar cead chomh maith campaí samhraidh a reáchtáil.

Déanfaidh an Rialtas fógra amárach faoin gcéad chéim eile den phlean díchuibhrithe, céim a gcuirfear tús léi Dé Luain.

Dúirt an Taoiseach níos luaithe inniu gur cuireadh moltaí faoi bhráid na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) maidir le roinnt de shrianta Covid-19 a scaoileadh níos túisce ná mar a bhí sa bplean díchuibhrithe.

Chomh maith leis sin, chuir an Taoiseach a chuid imní in iúl sa Dáil faoi dhaoine a bheith ag iarraidh ar an Rialtas dlús a chur leis an bplean an tír agus an eacnamaíocht a chur i mbun gnó arís.

Agus é ag caint sa Dáil, dúirt Leo Varadkar go raibh muinín aige go mbeifí ábalta tabhairt faoi Chéim 2 den phlean Dé Luain.

Idir an dá linn, tá cead tugtha ag na hAirí sa bhFeidhmeannas cuid de na srianta a scaoileadh ó thuaidh den teorainn ón Luan seo chugainn.

Beidh cead ag thart ar 80,000 duine atá sna grúpaí is mó atá i gcontúirt ón Covid-19 dul amach faoin aer le baill teaghlaigh dá gcuid agus bualadh le duine amháin as teach eile.

Beidh cead ag roinnt siopaí nach siopaí bia iad athoscailt – seomraí taispeántais carranna, siopaí earraí leictreachais, siopaí fón agus a leithéid.

Féadfaidh cúirteanna spóirt faoin aer, traenálaithe capall agus lucht grúmaeireachta gadhar oscailt ón Luan.

Beidh cead searmanais phósta agus páirtnéireachtaí sibhialta a reáchtáil amuigh faoin aer ach gan níos mó ná deichniúr a bheith i láthair acu. 

Beidh cead ag óstáin glacadh le réamháirithintí go dtí go mbeidh cead oscailte acu i mí Iúil.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin gur “mór an mí-ádh é”  go bhfuil an Rialtas ag cloí le cur chuige docht agus na srianta á scaoileadh sa tír, agus sin d’ainneoin an dul chun cinn atá déanta ag cur an víris faoi chois.

Dúirt Micheál Martin go bhfágann “na seisiúin eolais shíoraí faoi chinntí atá fós le déanamh”go bhfuil “an difríocht idir na ceannlínte agus na treoirlínte ag méadú i gcónaí” agus go bhfuil sin ag  cur“mearbhall”ar dhaoine faoi na srianta.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil nach bhfuil go leor de na srianta taistil atá i bhfeidhm fós chomh stuama ag an tráth seo agus a bhí siad nuair a tugadh isteach iad.

Dúirt sé go bhfuil níos lú daoine ag cloí leo mar gur dóigh le roinnt daoine go bhfuil an bonn á bhaint dá n-iarrachtaí féin.

Tá ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Alan Kelly ag éileamh go ndéanfadh an HSE nó an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (HPSC) anailís ar an líon ard oibrithe sláinte a bhí i measc na gcásanna de Covid-19 sa tír seo. 32% de na cásanna, ba oibrithe cúram sláinte iad agus is sa tír seo amháin a bhí an scéal chomh dona sin, a deir Kelly.

Dúirt Kelly go raibh súil aige gur eitiltí idir muid féin agus tíortha a bhfuil an víreas faoi smacht acu chomh maith agus atá in Éirinn a bheidh na chéad eitiltí. D’aontaigh sé go raibh a leithéid de thaisteal “roinnt seachtainí uainn” go fóill.

‘Níl an samhradh ó rath go fóill,” a dúirt an Taoiseach.

Níos mó