Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-micheal-o-ciaraidh-ag-eiri-as-tg4

Mícheál Ó Ciaraidh ag éirí as TG4

| Poilin Nic Geidigh |

Beidh an láithreoir aitheanta teilifíse Micheál Ó Ciaraidh ag fágáil TG4 ag deireadh an tséasúir seo agus ag bogadh ar aghaidh lena chomhlacht scannánaíochta féin a bhunú.

Bhí Mícheál, ar as Leitir Ceanainn dó ó dhúchas, ag obair le TG4 ar feadh sé bliana. D’éirigh sé as an mhúinteoireacht nuair a fuair sé post le Cúla 4, agus tá sé ag obair le hardán sóisialta TG4 do dhaoine óga, BLOC TG4, óna bhunú trí bliana ó shin. 

Dúirt sé le NÓS go dtug srianta an rialtais de bharr na paindéime deiseanna úra dó nach raibh sé ag dréim leo, agus go raibh eagraíochtaí éagsúla ag obair leis agus ag iarraidh comhairle de bharr go raibh an iomarca imeachtaí agus ábhar ag bogadh ar líne. 

“Thug TG4, agus go háirithe BLOC TG4 an deis dom cur le mo chuid scileanna láithreoireachta agus léirithe, fríd na sraitheanna a rinne mé dóibh ar líne ar nós DMC agus Mise & Mé ag Féin-Aonrú, ach níl mé ag éirí níos óige agus is dócha gur chóir dom spás a dhéanamh le fuil úr a thabhairt isteach chuig BLOC. Bhí mé iontach sásta leis an tréimhse sin i mo shaol, ach le cliché a úsáid, tá dúshlán úr de dhíth orm” a dúirt Mícheál.

Is é an sprioc atá aige anois ná comhlacht a bhunú — MÓC² — le léiriúcháin agus scannánaíocht d’ard-chaighdeán a chruthú don teilifís agus d’ardán ar líne.  

“Faoi láthair tá mé ag léiriú sraith teilifíse cócaireachta dar teideal Young Hotshot Chef leis an chócaire Ryan Mangan, a bhfuil cáil ollmhór air ar líne. Amach anseo, ba mhaith liom clár faisnéise a dhéanamh le daoine óga thart ar Thír Chonaill chomh maith,” a mhínigh sé.

Chomh maith leis an obair teilifíse, beidh Mícheál ag stiúradh an leagain dhigitigh d’Fhéile Ealaíon an Earagail a bheidh ar siúl go fíorúil i mbliana de bharr shrianta an rialtais, chomh maith le tograí éagsúla le Foras na Gaeilge agus eagraíochtaí eile, ach ní bheidh foireann ollmhór ag cuidiú leis. 

“Is dócha go ndeachaigh mé i gcleachtadh le bheith ag obair le criúanna beaga de bharr na srianta. Tá lúcháir orm go mbeidh mé ag obair leis an scannánaí Ciaran O’Donnell, a bhfuil obair déanta aige le Virgin Media TV, agus a d’oibrigh liom féin go minic agus a thug spreagadh dom, ach tá súil agam go mbeidh deis ann méadú a dhéanamh ar an fhoireann amach anseo”.

Cé gur de bhunadh Leitir Ceanainn é Mícheál, tá a chroí istigh i gcontae na Gaillimhe, agus tá sé ar intinn aige fanacht i mBearna go buan.

“Ba é TG4 a thug go Gaillimh mé ar an chéad dul síos, agus is breá liom a bheith anseo sa Ghaeltacht, agus a bheith ábalta Gaeilge a labhairt gach lá sna siopaí, rud nach raibh mé ábalta a dhéanamh sa bhaile.”

Cé go mbeidh sé réidh leis an eagraíocht roimh dheireadh mhí Iúil, thug Mícheál le fios nach ndúnfaidh sé doras an stáisiúin go huile is go hiomlán ina dhiaidh. 

“Bhí an t-ádh dearg orm le TG4. Thug siad post, cairdeas, agus saol nua anseo dom i nGaillimh agus tá mé iontach buíoch as na deiseanna a thug siad dom, agus is dócha go mbeidh mé ag bualadh isteach ó am go ham,” a dúirt sé.

Níos mó