Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘ta-athru-suntasach-tagtha-ar-chas-na-mbanc-bia-le-cupla-mi-anuas’

‘Tá athrú suntasach tagtha ar chás na mbanc bia le cúpla mí anuas’

Tá mé ag obair ag banc bia i mbaile beag in oirthuaisceart Shasana le cúig bliana anuas. Toisc go bhfuil an chuid is mó dár n-oibrithe deonacha aosta, chaill muid 80% acu nuair a thosaigh an phaindéim mar gheall ar an bhféinleithlisiú, in ainneoin mhéadú 300% ar an éileamh ar ár seirbhísí. 

Is fíor a rá go bhfuil muid gnóthach agus tá muid anois ag tabhairt amach níos mó beartán bia in aon lá amháin ná a dhéanadh muid i gcaitheamh míosa san am atá thart. Ní sa tír seo amháin atá an fhadhb seo; tá an t-aschur ó roinnt banc bia sna Sé Chontae ag méadú faoi cheathair fosta agus caithfidh go leor acu na córais atá acu a athrú chun déileáil leis an ghéarchéim.

Toisc go bhfuil muid lonnaithe i bhfoirgneamh ar leis an chomhairle baile é, tá comhoibriú ann idir ár gcarthanas agus na húdaráis áitiúla go pointe áirithe le fada. Tá aithne ag achan duine ar achan duine eile i mbaile beag mar seo agus méadaíonn sé seo an gá atá ann go réiteoimis  go maith le chéile, gan a bheith rópholaitiúil.

Ar ndóigh, is comhartha iad na bainc bia go bhfuil ag teip ar ár stát i dtaca lena bhunoibleagáidí i leith a saoránach. Sular thosaigh an phaindéim, ba mhinic a chluineadh muid nach bhfuil aon ghá le bainc bhia anseo. Bhí orainn ár mbeatha féin a chosaint arís agus arís eile, sula raibh deis againn na rudaí a bhí ag teastáil uainn a phlé. 

Tá athrú suntasach tagtha ar rudaí le cúpla mí anuas. Chuir an méid a bhronn an gnáthphobal orainn iontas orainn. Ag an am céanna, tháinig rabharta tairiscintí cabhrach óna húdaráis áitiúla; bhí na péas ag iarraidh orainn fógra a thabhairt dóibh faoi dhrochíde bhaile agus bhí an chomhairle baile ag cuidiú linn ár seachadtaí a dhéanamh. 

Tá cuid den tacaíocht seo cuidiúil, ach spreagann sé ceisteanna maidir le cá raibh an tacaíocht seo le cúig bliana anuas. Ceann de na chéad mholtaí ón gcomhairle baile ná gur cheart dúinn athbhrandáil a dhéanamh go ‘community hub’.

 Smaoineamh maith, de réir cosúlachta. Bíonn sé deacair cuidiú a iarraidh le haghaidh bia agus is fadhb mhór í an stiogma atá ag baint leis. Déanann muid iarracht ghníomhach an stiogma seo a bhriseadh, cé go bhfuil muid ag snámh in éadan an tsrutha in ainneoin an phreasa dheighiltigh ar an eite dheis sa tír seo. 

Ní chuireann an smaoineamh seo san áireamh, áfach, go mbíonn sé doiligh an cheist sin a chur agus bia a iarraidh, beag beann ar cé chomh minic is a bhí tú ag an bhanc bia cheana féin. Tá an dearcadh seo mar chuid de choincheap na mbochtán fiúntach agus téann sé go hindíreach ar an mbun go bhfuil rogha déanta ag daoine a bhíonn ag brath ar bhainc bhia go hiondúil; gur ghlac siad leis an rogha dul i mbochtaineacht. 

Ba tosaíocht ag ár gcomhairle (atá faoi cheannas na dTóraithe) é a bheith ag freastal ar mhaithe lena leas iadsan a tháinig líonrith orthu nuair a chonaic siad nach raibh páipéar leithris in Marks & Spencer níos mó, agus rinne an chomhairle neamhaird ar na daoine atá ag streachailt le blianta go díreach de bharr na mbeartas atá curtha i bhfeidhm ag an rialtas. 

D’fhoilsigh an chomhairle alt ar an nuachtán áitiúil seachtain ina dhiaidh an orduithe dianghlasála, inar scríobh siad gurbh iad féin ba chúis leis an obair a rinne muid. Scríobh siad nach raibh comhairle baile eile feicthe acu go fóill atá ag obair le chéile leis an oiread sin díograis agus éifeachtacht. 

Tá dhá ghrúpa ar son chomhar na gcomharsan inár mbaile. Bunaíodh an phéire acu ar an lá céanna. Tá ceann acu faoi cheannaireacht na comhairle, agus is grúpa don ghnáthphobal an ceann eile. Ní sheachadann an grúpa faoi cheannaireacht na comhairle bia do dhaoine, toisc nach bhfuil bealach oibrithe amach acu íocaíocht a bhailiú uathu (fadhb nach raibh rompu, is cosúil, agus iadsan ag bailiú cánach nó fíneálacha). 

Cé go mbíonn sé scannalach srian a chur le do theanga agus a bheith ag obair leis an Pháirtí Choimeádach a chuir an méid sin trioblóide orainn, bheadh sé indéanta don dá ghrúpa oibriú le chéile.

Ní bhíonn orainne na constaicí riaracháin a shárú murab ionann is an grúpa faoi cheannaireacht na comhairle, agus is féidir le daoine aonair comhaontú a dhéanamh eatarthu féin maidir leis an gcaoi a chúiteamh iad a chéile as siopadóireacht agus mar sin de. Ní oibríonn sé seo, áfach, ach amháin má threoraíonn an chomhairle daoine chuig an ghrúpa don ghnáthphobal, rud nach bhfuil ag tarlú. 

Mar phobal, díreach cosúil le go leor pobail eile sa Bhreatain agus in Éirinn, níl muid cleachta le comhar na gcomharsan mar choincheap; níl taithí ag daoine tacaíocht a bheith acu ach ó chairde, ó charthanais, nó ón gcomhairle. Mura bhfuil cairde in ann tacaíocht a thabhairt, faigheann siad tacaíocht ó eagraíocht sheanbhunaithe a bhfuil taithí acu cheana orthu, agus bíonn imní ann maidir le bheith ag tarraingt ar ghrúpa nua atá eagraithe go scaoilte. 

Níl an chomhairle cleachta lena leithéid seo ach an oiread agus déanfaidh an dearcadh “an t-iomlán nó dada” seo (creidiúint iomlán a éileamh as iarrachtaí eagraíochta eile nó neamhaird a dhéanamh ar thogra pobail) go leor dochair i ndeireadh na dála.

Ní haon timpiste é go dtarlaíonn sé seo ar fad; is cuid den scéal bréagach náisiúnta ón aimsir chogaidh,cruthaithe go cúramach, go bhfuil achan duine sa chás céanna. Déan bualadh bos ar son cúramóirí mar is mór againn a n-íobairt. Dá mbeadh tacaíocht agus struchtúir chuí againn ó na húdaráis náisiúnta agus áitiúla, daoibh siúd atá ag scriosadh na struchtúr sin go córasach le blianta anuas, ní bheadh aon íobairt ag teastáil uainn.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge