Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-tuairisc-o-minneapolis:-naoi-la-corraitheach-i-stair-stait-aontaithe-mheiricea

TUAIRISC Ó MINNEAPOLIS: Naoi lá corraitheach i stair Stáit Aontaithe Mheiriceá

Naoi lá ó maraíodh George Floyd anseo in Minneapolis, tá fógartha ag Ard-Aighne Stát Minnesota go ndéanfar ceathrar póilíní a chúiseamh as a dhúnmharú. Tá cás agus scéal George Floyd scaipthe ar fud na cruinne, ag spreagadh léirsithe agus plé maidir le ciníochas, leatrom agus brúidiúlacht na bpóilíní in Minneapolis, i Meiriceá agus níos faide i gcéin.

Ní fios céard a tharlóidh sna laethanta amach romhainn agus ceannairí Mheiriceá ag iarraidh lucht agóide a cheansú.   

Dé Luain seo caite, maraíodh George Floyd lasmuigh de shiopa Cup Foods i ndeisceart chathair Minneapolis. Chuir oibrí seacht mbliana déag d’aois fios ar na póilíní lena rá leo go raibh Floyd tar éis nóta bréige fiche dollar a úsáid le toitíní a cheannach.

Nuair a tháinig oifigigh de chuid Minneapolis Police Department (MPD) ar an láthair leis an scéal a fhiosrú, bhí George Floyd ina charr le beirt eile.  Thóg na póilíní amach as an gcarr é agus chuir i nglas láimhe é. Agus iad ag déanamh ar veain na bpóilíní thit Floyd ina chnap ar an tsráid agus tháinig triúr de na póilíní sa mhullach air.

Is ansin a thosaigh duine a bhí ag siúl thart ag taifeadadh an méid a bhí ag titim amach. San fhíseán sin, feictear leathleiceann Floyd á bhrú síos i gcoinne phábháil na sráide, taobh le roth tosaigh veain an MPD. Feictear Derek Chauvin, duine de na póilíní lastuas de, a ghlúin chlé go docht daingean ar mhuineál an fhir ghoirm aige.

Tá beirt de na póilíní as radharc sa bhfíseán, iad laistiar den veain, ag coimeád Floyd sáinnithe ar an talamh. Sheas an ceathrú póilín, Tou Thou, os comhair Chauvin is Floyd, ag éileamh ar an slua a bhí bailithe mórthimpeall fanacht amach.

Choinnigh Chauvin a ghlúin ar mhuineál Floyd ar feadh ocht nóiméad agus 46 soicind, ainneoin Floyd a bheith ag impí air, á rá nárbh fhéidir leis anáil a tharraingt. Lean Chauvin air in ainneoin na daoine mórthimpeall a bheith ag iarraidh air stopadh. Lean sé air in ainneoin gur stop Floyd den impí is gur imigh an mothú is an anáil as. Lean sé air fiú nuair a tháinig lucht paraleighis ar an láthair le teacht i gcabhair ar an té a bhí faoina ghlúin.

Scaipeadh an taifeadadh sin ar líne Dé Máirt seo caite. Cuireadh i gcuimhne do mhuintir Minneapolis, St. Paul (an chathair béal dorais) agus stát Minnesota, cás Philando Castille in 2016 agus cás Jamar Clark in 2015, beirt fhear ghorm a mharaigh na póilíní. Níor cúisíodh duine ar bith i gceachtar den dá chás.

Ba í an eagla sin – nach gcuirfí an dlí ar Derek Chauvin ná ar an triúr póilíní eile – a spreag léirsiú na ndaoine. 

An tuiscint nach gcuirtear an dlí ar phóilíní as fir ghorma a mharú ba chúis leis na hagóidí.

Dúradh i scéalta nuachta gur bhásaigh George Floyd de bharr anacair sláinte tar éis dó bheith gafa ag na póilíní. Briseadh as a bpostanna an ceathrar póilíní an lá céanna sin, ach níor gabhadh aon duine acu.

Ar na meáin shóisialta a bheartaigh muintir Minneapolis dul i mbun agóide tráthnóna Dé Máirt. Beag beann ar an ngalar COVID-19, bhailigh slua ag an gcrosbhóthar in aice le Cup Foods, láthair bháis George Floyd, agus shiúil chomh fada leis an stáisiún ina mbíodh Derek Chauvin agus Tou Thou ag obair ann.

Bhris lucht agóide fuinneoga ar an mbealach, scrios agus dhóigh siad carranna póilíní agus d’fhág teachtaireachtaí graifítí ar na ballaí – Justice for George Floyd, Black Lives Matter, ACAB (all cops are bastards), agus a leithéid.

Is ag an stáisiún a thosaigh an choimhlint idir lucht agóide agus an MPD. Mar fhreagra ar an léirsiú, scaoil lucht an MPD deorghás agus piléir neamh-mharfacha leis na céadta duine a bhí tagtha chomh fada leis an stáisiún. Brúdh an slua trasna na sráide go dtí ollmhargadh Target agus rinne siad an áit a scrios.

Is mar sin a lean cúrsaí ó oíche Mháirt go hoíche Aoine. Bhailíodh na sluaite chun dul i mbun agóide síochánta.

Ag Halla na Cathrach in Minneapolis, ag an gCaipeatól in St. Paul, ag teach Aturnae an Chontae, ag áras an Ghobharnóra, thagadh an pobal le chéile. I dtreo dheireadh an lae, thagadh na póilíní lena gceansú.

Agus an ghrian imithe faoi, bhíodh raic ann. Scriosadh agus creachadh na céadta siopa, gnóthaí agus foirgnimh sa gceantar timpeall ar an stáisiún póilíní úd agus i gcúpla ceantar eile in Minneapolis agus in St. Paul.

Scaoil úinéir siopa geallbhróicéara piléar le duine a bhí ag iarraidh an áit a robáil agus mharaigh é. Scaoil an MPD piléir neamh-mharfacha le lucht agóide agus iriseoirí.

Dódh go talamh stáisiún Chauvin agus Thou san oíche Déardaoin.

Dé hAoine seo caite gabhadh Derek Chauvin agus cúisíodh é as dúnmharú George Floyd. Agus aird an domhain ar an gcathair, ba léir nach rabhthas sásta le cúiseamh Chauvin. Dúnmharú den tríú grád an chúis a cuireadh ina leith. Athraíodh go dtí dúnmharú den dara grád ó shin í,  ach tá teorainn leis an bpionós is féidir a ghearradh air.

Lean na léirsithe oíche Dé hAoine agus, leis sin, tosaíodh ar scéalta a chur timpeall gur daoine ón taobh amuigh a bhí i mbun an scriosta is an dó – forchinígh gheala, ANTIFA agus gríosóirí eile.

Mhaígh méara Minneapolis nach raibh a dhóthain póilíní ann leis an slua a cheansú. Ansin d’ordaigh an Gobharnóir, Tim Walz, go dtiocfadh an National Guard i gcabhair ar phóilíní an MPD.

Cuireadh cuirfiú i bhfeidhm óna hocht a chlog oíche Dé Sathairn agus tá sé I bhfeidhm ó shin. Den chuid is mó, d’éirigh leis an bhfórsa nua seo an chathair a chur faoi smacht. Léirsithe síochánta amháin atá ar siúl an tseachtain seo agus chomh maith leo rinneadh obair ghlantacháin agus tiomsaíodh airgead agus earraí do phobal dheisceart Minneapolis.

Ach céard a tharlóidh nuair a chuirfear deireadh leis an gcuirfiú agus nuair a fhágfaidh lucht an National Guard?   

Dúirt an Gobharnóir nach amhlaidh go bhfuil an córas briste, ach go bhfuil an córas ag feidhmiú faoi mar is dual dó – is é sin, go gcaithfear an córas a athrú ó bhun seachas é a leasú.

D’admhaigh sé go gcaithfidh pobal Minnesota agus pobal Mheiriceá aghaidh a thabhairt ar an gciníochas sistéamach, cé gur mhaígh Robert O’Brien, comhairleoir slándála Donald Trump, nach ann don fhadhb sin.

Buaileadh cúpla buille eile ar an MPD i rith na seachtaine. Bhris uachtarán Ollscoil Minnesota an conradh a bhí acu leis an MPD; rinne eagraíochtaí agus gnóthaí eile timpeall na cathrach amhlaidh. D’fhógair an FBI go mbeadh fiosrúchán maidir le sárú cearta sibhialta i gcás dhúnmharú George Floyd.

Mura ndéanann na daoine atá i gceannas ar chúrsaí – an Gobharnóir, An tArd-Aighne, an Méara, an FBI, an rialtas – beart de réir a mbriathar, ní thiocfaidh deireadh leis an gcorraíl in Minneapolis go ceann tamaill eile. Mura ngearrfar pionós sásúil príosúin ar Derek Chauvin agus Tou Thou, agus mura dtéann an stát féin i ngleic leis an MPD agus na mórfhadhbanna atá acu, ní bheidh an pobal anseo sásta, ní bheidh siad socair ná ní dhéanfar aon cheansú orthu.

Níos mó