Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-100-ceist-le-freagairt-ag-udaras-na-gaeltachta-faoi-phairc-na-mara

100 ceist le freagairt ag Údarás na Gaeltachta faoi Pháirc na Mara

Geall le céad freagra atá le cur ar ais chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe ag Údarás na Gaeltachta i dtaca leis an iarratas ar chead pleanála do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin i nGaeltacht Chonamara.

Ní raibh aon cheapadh ag daoine go scaoilfeadh Comhairle Chontae na Gaillimhe leis an tionscnamh mór seo ar an gcéad iarraidh bhí sé comh maith le bheith cinnte go ndéanfaí cíoradh an-ghéar ar an iarratas.  Tá 1,000 leathanach uilig sna cáipéisí toirtiúla a chur Údarás na Gaeltachta faoi bhráid na rannóige pleanála sa gComhairle Contae agus iad ag iarraidh cead forbartha do Pháirc na Mara.

Ach fágann na ceisteanna faoi ghnéithe éagsúla den phlean, idir nádúr na dtionscal a bheadh ann, soláthar uisce, cúrsaí caomhnaithe talún, oidhreacht na háite, cóiriúlacht an tsúimh féin agus tuilleadh go bhfuil ualach eile oibre le déanamh ar an iarratas.

Tuigtear nach bhfuil aon iontas ar fheidhmeannaigh shinsir in Údarás na Gaeltachta faoin lear mór ceisteanna atá curtha ag lucht na pleanála i gComhairle Chontae na Gaillimhe.

Creideann siadsan gur féidir freagraí iomlána agus sásúla a thabhairt ar na ceisteanna uilig bunaithe ar staidéir agus scrúduithe atá déanta acu féin agus a gcuid saineolaithe, roimhe seo.

Tá na ceisteanna atá curtha faoi shuíomh Pháirc na Mara féin suntasach sa méid agus go bhfuil an Chomhairle Contae ag tarraingt airde ar an dearcadh atá acu gurbh fearr forbairtí a lonnú i gcomharsanacht sráidbhailte.  Tuairim is ceithre chiliméadar soir ó shráidbhaile Chill Chiaráin atá an suíomh agus é faoi úinéireacht Údarás na Gaeltachta le fiche bliain.  Bhí an réimse seo talún leagtha amach i gcónaí mar shuíomh tionscail ag an Údarás.

Ach teastaíonn tuilleadh cruthúnais anois ón gComhairle Contae faoi chóiriúlacht an tsuímh seo do Pháirc na Mara.  Cé nach bhfuiltear ag rá nach bhfuil glacadh leis an áit, tá an Chomhairle ag iarraidh go dtabharfadh an tÚdarás tuilleadh fianaise agus soiléirithe le cruthú gurb é an suíomh is fearr don fhorbairt.    Molann siad gurbh fhiú comparáidí a dhéanamh idir a chóiriúla agus atá an suíomh atá i gceist agus aon suíomh eile a bheadh ar fáil i sráidbhaile Chill Chiaráin féin.

Téann siad buille beag níos faide ná sin freisin sa méid agus go bhfiafraítear an mbeadh suíomh cóiriúil i sráidbhaile ar bith eile sa gceantar le  haghaidh Páirc na Mara.

De réir na téarmaíochta atá sna ceisteanna seo, breathnaíonn sé go bhfuil lucht na pleanála ag tarraingt airde ar chóras a cuireadh i bhfeidhm riar mhaith blianta ó shin sna pleananna contae i nGaillimh.  Cuireadh ciorcal ar pháipéar thimpeall ar shráidbhaile – leithéid Chill Chiaráin – agus ba é an polasaí i gComhairle Chontae na Gaillimhe gur cheart tionscail agus tithe a lonnú taobh istigh de na ciorcail sin.

Cé go bhfuil ceisteanna bhaineann le baol fuarlaigh gar go maith do Pháirc na Mara – níl aon fhianaise áitiúil ann gur tharla aon fhuarlaigh ar fiú trácht orthu gar don suíomh le cuimhne na ndaoine – níl diúltú tugtha ag an gComhairle Contae don suíomh, faoin tráth seo ar chuma ar bith.

Tá mioneolas iarrtha freisin faoin gcaoi a gcuirfí na postanna ar fáil ar Pháirc na Mara – idir phostanna ar an bPáirc féin (tá 150 post á lua mar thús) agus postanna indíreacha  (tuairim is 50 mar thús)  a bheadh ar fáil de bharr na forbartha.  Iarrtar go gcuirfí eolas ar fáil faoin lear postanna a bheadh ann ag daoine atá gar go maith do Chill Chiaráin agus iarrtar eolas faoin méid daoine a bheadh ag tiomáint isteach as áiteacha eile.  Dúradh sna cáipéisí go bhfuil an cheist seo curtha i bhfianaise na n-aighneachtaí a dúirt go gcuideodh forbairt Pháirc na Mara go mór le fostaíocht a chur ar fáil in Iorras Aithneach.

Tá an Rannóg Pleanála sa gComhairle Contae ag iarraidh tuilleadh fianaise freisin go bhféadfaí an oiread uisce a thabhairt isteach as Loch Scainnimh go Loch an Iarainn – an fhoinse is mo atá i scéim uisce an cheantair – agus a d’fhágfadh nach mbeadh lagan no easnaimh sa soláthar a bheadh i Scéim Uisce Chill Chiaráin agus Charna.

Rinne Údarás na Gaeltachta socrú go bhfaighfí uisce as foinse scéim Uisce Chill Chiaráin/Charna le freastal ar riachtanais Pháirc na Mara.

Sa gcaoi agus go mbeadh dóthain uisce sa bhfoinse don chóras poiblí, tá plean ann go gcuirfí soláthar eile uisce as Loch Scainnimh atá gar don láthair isteach sa chóras phoiblí sa gcaoi agus nach mbeadh aon lagan ar an soláthar ar fud an cheantair.

Tá an Chomhairle Contae ag iarraidh go mbeadh cruthúnas ann go nach mbeadh aon  ghanntanas uisce ar mhuintir an cheantair de bharr an t-socruithe seo.

Táthar ag iarraidh tuilleadh eolais freisin a shásódh an Chomhairle Contae nach ndéanfadh na socruithe faoin uisce aon dochar don Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) atá sa gcriathrach thimpeall ar Loch Scainnimh.

Sé mhí atá ag Údarás na Gaeltachta leis an eolas sin agus go leor eolais eile lena chois a chur ar fáil sula rachaidh lucht na pleanála i mbun suíocháin ar an iarratas ar chead pleanála do Pháirc na Mara aríst.

Tá Páirc na Mara ar an tionscnaimh is mo atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta anois.  Bheadh na milliúin euro, idir infheistíocht phríobháideach agus airgead Stáit le caitheamh ar an bhforbairt seo in iarthar Chonamara.  Bunaithe ar obair mhara agus chladaigh atá an iarracht seo agus bheadh sé i gceist ag riar comhlachtaí a dhul ag obair ann amach anseo. Sin é a dúradh le hÚdarás na Gaeltachta nuair a chuireadar tuairisc faoin tsuim a bheadh ag lucht tionscail agus lucht seirbhísí sa bplean.

Ceaptar go forleathan in Iorras Aithneach, atá imeasc na n-áiteacha is mo sa tír atá buailte ag an dífhostaíocht, go bhféadfadh forbairt Pháirc na Mara a bheith cinniúnach sa taobh sin tíre agus go mbraitheann beocht na háite ar an tionscnamh sna blianta amach romhainn.

Níos mó

Máirtín Ó Catháin

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge