Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-cabhraionn-torthai-ura-leis-an-liofacht-cainte—-staidear-nua

Cabhraíonn torthaí úra leis an líofacht cainte— staidéar nua

D’fhéadfadh sé go sealbhaíonn daoine a itheann torthaí úra go rialta teangacha nua níos tapúla ná mar a shealbhaíonn daoine nach n-itheann iad, de réir staidéar nua a rinneadh i gCeanada le deireanas. 

Ghlac daoine a bhí idir 45 agus 85 bliain d’aois páirt sa staidéar a rinneadh ar chainteoirí Béarla i gCeanada níos luaithe i mbliana. Fuarthas go raibh daoine a thug le fios go n-itheann siad glasraí, torthaí agus cnónna go rialta níos fearr ó thaobh líofacht cainte de ná daoine nár ith an bia sin go rialta. 

Rinneadh an staidéar in Ollscoil Kwantlen Polytecnic In British Colombia. Iarradh ar na rannpháirtithe focail a bhain le catagóirí faoi leith a lua taobh istigh de nóiméad amháin, agus úsáideadh torthaí na dtástálacha sin le hiad a chur i gcomparáid lena chéile. Deir lucht na taighde gur féidir léargas a fháil ar fheidhmíocht chognaíoch na rannpháirtithe tríd a leithéid de thástáil. 

Bhí na daoine nach raibh aiste bia chomh folláin céanna acu níos measa as ó thaobh líofacht cainte de ná na daoine a d’ith bia folláin go rialta. Cuireadh rudaí eile san áireamh agus an chomparáid á déanamh idir na rannpháirtithe, ar nós brú fola, an otracht, agus stádas inimircigh. 

Bhain inimircigh aonteangacha (Béarlóirí) scór níos airde amach sna tástálacha ná mar a bhain cainteoirí Béarla a rugadh i gCeanada.

Dúirt Esme Fuller-Thomson, ollamh in Ollscoil Toronto, agus comhúdar na taighde, gur díríodh ar chainteoirí arbh é an Béarla a dteanga dhúchais le go mbeifí in ann díriú ar an gceangal idir stádas inimircigh agus líofacht cainte “neamhspleách ar an dátheangachas”. 

Go deimhin, dúirt Fuller-Thomson go bhféadfadh sé nach mbíonn an oiread sin tionchair ag an dátheangachas ar an bhfeidhmíocht chognaíoch, agus go mbaineann an buntáiste sin leis an imirce agus “tionchar an inimircigh shláintiúil”.

“Léirítear inár dtaighde go mbíonn líofacht cainte i bhfad níos fearr ag cainteoirí dúchais Béarla a tháinig go Ceanada ná mar a bhí ag Béarlóirí a rugadh anseo. Mar sin, d’fhéadfadh sé gur ‘tionchar an inimircigh shláintiúil’ is cúis, go pointe,  leis ‘buntáiste an dátheangachais’,” a dúirt sí. 

Ghlac 8,574 Béarlóir, idir 45-85 bliain d’aois, páirt sa staidéar. Ba inimircigh iad 1,126 de na rannpháirtithe, a tháinig go Ceanada fiche bliain ó shin nó níos faide siar. 

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge