Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-conas-a-chuirfidh-me-m’ainm-i-ngaeilge-ar-mo-phas?-treoir-don-ghael!

Conas a chuirfidh mé m’ainm i nGaeilge ar mo phas? Treoir don Ghael!

Bhí an-éileamh go deo ar an alt paiseanta a scríobh Róisín Nic Liam an tseachtain seo faoin gcinneadh a rinne sí i mbliana a sloinne a athrú go Gaeilge ar a pas. Is minic a bhíonn fonn ar dhaoine an leagan Gaeilge dá n-ainm nó dá sloinne a úsáid go hoifigiúil ach go mbíonn amhras nó éiginnteacht orthu faoin bpróiseas.

Fadó, bhí glacadh níos forleithne leis an athrú ainm agus níor ghá mórán a dhéanamh ach cur isteach ar an bpas faoin ainm Gaeilge agus a rá le hOifig na bPasanna go bhfuil leagan eile den ainm ar an teastas breithe. 

Ní hamhlaidh an scéal le tamall de bhlianta anuas, faraor, agus dlíthe agus rialacha daingne i bhfeidhm le cosc a chur ar an gcalaois, an sciúradh airgid, agus an bhradaíl aitheantais. 

Táthar ag súil go mbeidh foráil sna leasuithe a dhéanfar ar Acht na dTeangacha Oifigiúla amach anseo a chinnteodh ceart an Éireannaigh an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla dá ainm a úsáid, ach go dtí sin is gá ruainne réamhoibre a dhéanamh sula dtabharfar cead duit d’ainm a athrú go hoifigiúil.

Seo roinnt treoracha don Ghael ar mhaith leis an “díchoilíniú intinne” a mhol Róisín ina halt a chur i gcrích:

1 Aimsigh an leagan ceart cruinn de d’ainm

Cé go bhfuil sé ábhairín deacair d’ainm a athrú go hoifigiúil uair amháin, tá sé ionann is dodhéanta é a athrú faoi dhó gan íoc as Gníomhas Aonpháirtí. Mar sin, bí cinnte go bhfuil an leagan ceart cruinn de d’ainm aimsithe agat sula ngreanfaidh tú ar do phas iad. Is iomaí áis atá ann sa lá atá inniu ann le sloinnte agus ainmneacha a sheiceáil. 

Má tá ainm Gaelach ort cheana féin, bí cinnte go bhfuil sé litrithe i gceart (tabhair aird ar na sínte fada, mar shampla!). Is minic a bhíonn litreacha san áit mhícheart in ainmneacha ar nós ‘Tadhg’, ‘Meadhbh’, ‘Oisín’, agus ‘Órfhlaith’ (feictear botúin ar nós ‘Tadgh’, ‘Meadhb’, ‘Óisin’, agus ‘Orflait’ go minic, mar shampla). Is furasta litriú mar seo a fheiceáil le cainteoirí cumasacha Gaeilge, nó i leabhair ar nós Sloinnte Gael is Gall agus An Sloinnteoir agus an tAinmneoir Gaeilge.

I gcás ainmneacha ó theangacha eile, b’fhéidir go mbeidh ort níos mó taighde a dhéanamh faoin leagan is fearr leat féin. Is minic a bhíonn roinnt leaganacha éagsúla ar an ainm céanna. N bhíonn gaol teangeolaíoch idir an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla i gcónaí, ach glactar le go leor ainmneacha a bhfuil ‘gaol stairiúil’ eatarthu — cuirim i gcás ‘Cathal’ agus ‘Charles’ nó ‘Gráinne’ agus ‘Grace’. 

Scaití bíonn dhá leagan dhlisteanacha ar an ainm céanna, go háirithe ainmneacha a thagann ón gCríostaíocht — ‘John’ agus ‘Seán’ vs ‘Eoin’, nó ‘Matthew’ agus ‘Maitiú’ vs ‘Matha’ mar shampla. 

Aimsigh an leagan is fearr leat féin, agus iarr ar chainteoirí maithe Gaeilge an leagan agus an litriú a dheimhniú duit. 

2 Aimsigh an leagan ceart cruinn de do shloinne 

Más casta ceist an ainm, is measa seacht n-oiread ceist an tsloinne! Tá stair na sloinnte in Éirinn fada agus casta, ach tá obair mhaith déanta ag leithéidí Dhonncha Uí Chorráin, Patrick Woulfe, Edward McLysaght agus lucht Fiontar agus Scoil na Gaeilge in DCU. Is iontach na háiseanna iad www.sloinne.ie, agus Innéacs Sloinnte Éireann ar www.duchas.ie le sloinnte Gaelacha a aimsiú. 

Fiafraigh de do mhuintir féin an bhfuil leagan ar leith a bhaintear úsáid ina measc. Is minic a rinneadh an Galldú céanna ar go leor sloinnte éagsúla Gaelacha, agus ní gá go mbeadh an leagan céanna i nGaeilge ortsa agus atá ar dhuine eile a bhfuil an leagan céanna Gallda air. Deimhnigh le do sheantuismitheoirí an ‘Cuagánach’ nó ‘Eochagánach’, nó an ‘Ó Murchadha’ nó ‘Mac Murchaidh’ thú. 

3 Athraigh d’ainm agus do shloinne ar na meáin shóisialta

Ní chabhróidh sé seo go mór leis an iarratas ar an stát d’ainm a athrú, ach cabhróidh sé agus tú ag iarraidh dul i bhfeidhm ar dhaoine eile i do shaol pearsanta agus do shaol gairmiúil araon. Má tá cuntais agat ar leithéidí TikTok, Twitter, Instagram agus Facebook, bí cinnte go n-athraíonn tú an t-ainm úsáideora orthu sin. Ní bhíonn sé seo deacair den chuid is mó, ach amháin ar Facebook, áit a mbítear níos déine ar úsáideoirí maidir le hathruithe ainm. Beidh tú i gceart mura n-athraíonn tú go minic é. 

Is féidir an leagan Gaeilge den ainm a úsáid agus tú ag clárú le suíomhanna eile ar líne freisin: nuachtlitreacha, cuntais siopadóireachta, agus go leor leor eile. Bí cinnte gur i nGaeilge a chláraíonn tú le gach rud neamhoifigiúil amach anseo. 

4 Bain úsáid as an leagan Gaeilge den ainm an oiread agus is féidir i gcomhthéacsanna oifigiúla agus leathoifigiúla

Is iomaí seirbhís oifigiúil nó leathoifigiúil atá ann nach n-iarrfaidh cruthúnas céannachta ort agus tú ag clárú leo, agus ba cheart an leagan Gaeilge de d’ainm a úsáid agus tú ag clárú leis na seirbísí sin. Murar úsáid tú an leagan Gaeilge i gcomhthéacs oifigiúil roimhe seo, b’fhéidir go mbeifeá ábhairín neirbhíseach agus tú ag síniú cáipéisí leathoifigiúla faoin ainm, ach cuimhnigh gur leagan dlisteanach de d’ainm atá ann, agus go bhfuil an ceart agat é a úsáid. 

Ní féidir a mhaíomh nach n-iarrfar teastas breithe nó cárta aitheantais ort sna háiteanna seo a leanas, ach is fiú an iarracht a dhéanamh ar dtús clárú leo i nGaeilge: an leabharlann; cumann spóirt; an dochtúir/fiaclóir; spórtlann; club leabhar nó club siamsaíochta eile; coiste pobail, ceardchumann; páirtí polaitíochta; seirbhísí tí ar nós fón, idirlíon, gás, agus leictreachas; árachas cairr agus mótarcháin; coinní leis an ngruagaire nó an sciamheolaí; agus áirithintí i mbialanna agus a leithéid. 

Má tá tú ag cur isteach ar cheadúnas tiomána nó ar chead foghlama den chéad uair, is furasta an leagan Gaeilge a chur ar an bhfoirm iarratais. Má tá athnuachan á dhéanamh agat ar cheadúnas, b’fhéidir go mbeadh an t-oifigeach báúil agus go n-athródh sé duit é.

5 Iarr ar do chairde agus ar do mhuintir an t-ainm Gaeilge a thabhairt ort feasta

Bíonn caint i measc an phobail thrasinscnigh ar an “ainm marbh” — is é sin an t-ainm a thugtaí ar dhuine roimh an aistriú inscne. Cé nach ionann an dá chás ar chor ar bith, is fiú an cleas a tharraing chugat féin mar Ghael agus impí ar do chairde agus do mhuintir gan an “t-ainm marbh” Gallda a thabhairt ort feasta.

Cabhraigh leo é seo a dhéanamh trí chártaí, litreacha, nó ríomhphoist a shíniú faoin ainm Gaeilge, agus iarr orthu d’ainm a athrú ina dteagmhálaithe fóin. Abair leo nach luíonn an seanainm le d’fhéiniúlacht, agus gurbh fhearr leat dá n-úsáidfí an leagan Gaeilge agus sin amháin. Seans go mbeidh sé deacair ar dhaoine áirithe ar nós do thuismitheoirí nó do sheantuismitheoirí a bhfuil aithne acu ort ó rugadh tú, ach rachaidh siad i dtaithí air de réir a chéile. 

Ar ndóigh,  ní gá a rá gurbh fhearr tú féin a chur in aithne do chairde nua faoin ainm Gaeilge as seo amach, agus ní bheidh an fhadhb seo agat le duine ar bith eile arís choíche. 

6 Bain úsáid as an ainm i do shaol gairmiúil

Beidh sé seo éasca ar dhaoine áirithe agus thar a bheith deacair ar dhaoine eile. Má tá tú ag cur isteach ar phost nua, bí cinnte go mbaineann tú úsáid as an ainm Gaeilge na foirmeacha iarratais, le linn an agallaimh, agus i rith na n-uaireanta oibre. Seans go gceisteofaí thú má tá difríocht idir an t-ainm a thugann tú ort féin ag an obair agus an t-ainm atá ar do chuntas bainc, mar shampla, ach níor cheart go mbeadh fadhb mhór ansin. 

Má tá ag obair cheana féin, iarr ar an mbainistíocht d’ainm a athrú go hoifigiúil ar cháipéisí agus ar thaifid an chomhlachta. Sa gcás go bhfuil tú ag obair i siopa nó in oifig bheag, beidh sé seo éasca. Seans go mbeadh deacrachtaí agat más ag obair do chomhlacht mór náisiúnta nó idirnáisiúnta atá tú. Is fiú an iarracht a dhéanamh, mar sin féin, agus fiú mura n-athraítear anois é, nuair a bheidh do phas nua agat ní bheidh údar ar bith acu diúltú do d’achainí. 

7 Bailigh agus coinnigh an fhianaise oifigiúil

in stapel von ordnern und papph¸llen verschiedener farben. die ordner sind gef¸llt und ¸berandergestapelt. ein bild f¸r b¸roleben und studium.

Seo an rud is tábhachtaí. Nuair a iarrfaidh tú ar Oifig na bPasanna d’ainm a athrú go Gaeilge, iarrfar ort cruthúnas a sholáthar go bhfuil an t-ainm Gaeilge in úsáid agat le dhá bhliain anuas. Ní leor cuntas Facebook atá dhá bhliain d’aois sa gcás seo, agus beidh ort duillíní pá, scripteanna dochtúra, nó billí fóin agus leictreachais a chur isteach a bhfuil an dáta agus d’ainm orthu. 

Bí cinnte go gcoinníonn tú gach cáipéis oifigiúil, leathoifigiúil, agus neamhoifigiúil a bhfuil d’ainm agus an dáta luaite uirthi ar feadh dhá bhliain ar a laghad sula gcuirfidh tú isteach ar an bpas nua. 

8 Cuir isteach ar an bpas! 

Is féidir cur isteach ar an bpas tríd an bpost, nó ar líne. Más ag cur isteach ar líne atá tú, feicfidh tú an ráiteas “Tá m’ainm mar a bhí ar an bpas a bhí agam roimhe seo”. Cliceáil “Níl”, agus tabharfar do leathanach eile thú ar a mbeidh roghchlár. Beidh ceithre rogha ann: 1) Pósadh/Páirtnéireacht shibhialta 2) Ag filleadh ar an ainm ar do theastas breithe 3) Cruthúnas ar úsáid, agus 4) Aitheantas inscne. 

Roghnaigh thusa “Cruthúnas ar úsáid”.
 

Iarrfar ort do theastas breithe a chur isteach chomh maith le: 

“Fianaise 2 bhliain ar úsáid an ainm nua a chur ar fáil, i.e. tá cáipéis amháin ó dhá fhoinse inghlactha a bhfuil dáta orthu atá níos mó ná dhá bhliain ó shin: cóip ar Chárta Seirbhíse Poiblí, cáipéis aitheantais a bhfuil grianghraf uirthi, duillíní pá, billí fóntais, comhfhreagras leis an rialtas”. 

Agus an méid sin déanta agat, eiseofar pas nua duit a bhfuil ainm breá Gaeilge air! 

9 Coinnigh ort á úsáid! 

Anois agus d’ainm agus sloinne i nGaeilge ar do phas, bí cinnte go n-athróidh tú gach rud eile i do shaol ar theastaigh cruthúnas oifigiúil lena dhéanamh roimhe seo: do chuntas bainc, do chuntas sa gcomhar creidmheasa, árachas sláinte agus taistil, clár na hollscoile agus araile agus araile. 

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge