Tá triúr fear farraige ag tabhairt faoi thuras as Gaeltacht Chorca Dhuibhne suas cósta thiar na hÉireann i naomhóg.
D’fhág criú na naomhóige Cuas an Bhodaigh inné sa bhád traidisiúnta.
Is iad an ceoltóir aitheanta Breanndán Ó Beaglaoich, an t-iriseoir de chuid Nuacht TG4 Seán Mac an tSíthigh agus Éamonn Ó Muircheartaigh, fisiteiripeoir agus mac an iarthráchtaire Mhichíl Uí Mhuircheartaigh, atá ag tabhairt faoin turas.
Thug an triúr céanna, agus Liam Holden ina dteannta, turas naomhóige deich lá ag iomramh in Albain Nua i gCeanada anuraidh.