Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairiscie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-jack-charlton-1935-2020:-‘thug-se-cuimhni-duinn-a-bhfuil-draiocht-ag-baint-leo.-go-raibh-maith-agat,-a-jack’

JACK CHARLTON 1935-2020: ‘Thug sé cuimhní dúinn a bhfuil draíocht ag baint leo. Go raibh maith agat, a Jack’

Tá Jack Charlton, iarbhainisteoir na hÉireann agus duine de laochra sacair na tíre, imithe ar shlí na fírinne. Bhí sé 85 bliain d’aois.

Tháinig liomfóma air anuraidh agus bhí néaltrú air le roinnt blianta anuas.

Tá an Sasanach sa Táin in Éirinn mar gheall ar na gaiscí a rinne foireann na hÉireann agus é ina cheann feadhna orthu.

Bhí sé i gceannas ar Éirinn do chuid na cluichí is tábhachtaí agus na hócáidí spóirt is taibhsiúla i stair na tíre, ina measc an bua in aghaidh a thíre féin ag EURO 88, an cluiche in aghaidh na Romaine ag Italia 90 agus an bua in aghaidh na hIodáile ag USA 94 ina measc.

Ba é an chéad eachtrannach a ceapadh mar bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann nuair a tugadh an post dó i 1985 agus bhí sé i gceannas do ré órga inar cháiligh an tír den chéad uair do chomórtais mhóra an domhain.

Bhain an fhoireann áit amach ag mórchomórtas idirnáisiúnta den chéad uair nuair a cháiligh siad do EURO 88 in Iarthar na Gearmáine. Shroich Éire Corn an Domhain den chéad uair cúpla bliain ina dhiaidh sin agus chuaigh an fhoireann chomh fada leis na babhtaí ceathrú ceannais in Italia 90.

Is é USA 94 an mórchomórtas deireanach a ag Charlton agus tháinig deireadh lena ré i 1996.

 ©INPHO/Billy Stickland

Mar imreoir a bhain Charlton cáil amach ar dtús agus bhí sé ar fhoireann Shasana a bhuaigh Corn an Domhain in 1966. Bhí a dheartháir Bobby, ar an bhfoireann chéanna.

Do Leeds United amháin a d’imir Jack Charlton agus d’imir sé níos mó cluichí don chlub sin ná mar a d’imir aon duine eile. 773 cluiche a d’imir sé don chumann i Yorkshire. Níos mó ná scór bliain a chaith sé ag imirt do Leeds United agus bhuaigh sé an tsraith leo in 1969, Corn FA in 1972, Corn na Sraithe in 1968 agus Corn UEFA faoi dhó, in 1968 agus in 1971.

Bhí Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn agus an Taoiseach Micheál Martin i measc na ndaoine a léirigh ómós inniu d’iarbhainisteoir na hÉireann.

Dúirt an tUachtarán gur údar mór brón a bhí i mbás Charlton don uile dhuine a thug gean a gcroí dó sna blianta ar thug sé d’Éirinn cuid de na hócáidí spóirt is cáiliúla i stair na tíre.

 Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur chuir Jack Charlton an-lúcháir ar mhuintir na hÉireann.

“Thug sé cuimhní dúinn a bhfuil draíocht ag baint leo. Go raibh maith agat, a Jack.’

Níos mó

Pádraic Ó Ciardha

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge