Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘more-of-the-same-will-give-you-more-of-the-same-crisis’-–-rabhadh-tugtha-faoi-bhas-ghaeilge-na-halban

‘More of the same will give you more of the same crisis’ – rabhadh tugtha faoi bhás Ghaeilge na hAlban

D’fhéadfadh Gaeilge na hAlban bás a fháil taobh istigh de dheich mbliana mura ndéantar gníomh tarrthála radacach ar a son, a deirtear i leabhar nua. 

Deirtear sa leabhar nua go bhfuil líon na gcainteoirí óga Gàidhlig idir 3-17 bliain tite faoi bhun 2,000 sna ceantair láidre teanga – sna h-Eileanan Siar, i Stafain ar an Eilean Sgitheanach agus ar Tiriodh, oileán in Earra-Ghàidheal agus Bòd.

Deir príomhúdar The Gaelic Crisis in the Vernacular Community, Conchúr Ó Giollagáin, Ollamh in Institiud Rannsachaidh Cànain Oilthigh na Gàidhealtachd is nan Eilean, gurb amhlaidh go bhfuil na “gréasáin teanga” sna ceantair is láidre Gàidhlig ag teip agus nach bhfuil an teanga á labhairt gach lá ach ag líon beag seandaoine.

Maítear sa staidéar go bhfuil líon na gcainteoirí Gàidhlig tite faoi bhun 11,000 sna ceantair sin. Deirtear chomh maith go léireoidh daonáireamh na bliana seo chugainn nach bhfuil ach 45% den daonra ina gcainteoirí Gàidhlig agus go bhfuil formhór díobhsan os cionn 50 bliain d’aois.

Dúirt Conchúr Ó Giollagáin go bhfuil sé an-tábhachtach go dtuigfí cé chomh mór is atá na dúshláin a bhaineann le stop a chur le meath na Gàidhlig.

“Léiríonn an fhianaise staitistiúil atá againn gur thart ar 11,000 duine atá sa bpobal cainteoirí dúchais Gàidhlig, agus go bhfuil formhór acusan 50 bliain nó níos sine.

“Tá meath phobal na Gàidhlig soiléir go háirithe sa ról imeallach atá ag an Gàidhlig i dteaghlaigh agus i measc déagóirí, agus léiríonn an meath sin nach dtiocfaidh aon athrú ar an bpatrún maidir le dul i ndísc na Gàidhlig mar theanga phobail mura ndéantar í a athbheochan sa phobal.”

Dúirt Ó Giollagáin go raibh “neamhréir” idir na polasaithe i dtaobh na teanga atá ann faoi láthair agus a phráinní is atá an ghéarchéim teanga sna hoileáin.

“Ba chóir go dtabharfaí tús áite i bpolasaí na Gàidhlig do bheartais chuí chun bás na Gàidhlig a chosc.”

Dúirt Iain Caimbeul, duine eile d’údair an leabhair go gcaithfeadh aon straitéis maidir le hathbheochan na Gàidhlig a bheith fréamhaithe in iarracht í a athbheochan mar theanga phobail.

Dúirt sé go raibh súil ag an lucht taighde go dtabharfadh a saothar ar dhaoine athmhachnamh a dhéanamh ar pholasaí a bhí, dar leis, ag brath ar chóras na scoileanna amháin chun an chéad ghlúin eile de chainteoirí líofa Gàidhlig a sholáthar.

“Tá sé riachtanach go n-athróimis an tslí a dháiltear acmhainní chun stop a chur lena thuilleadh meatha,”  arsa Iain Caimbeul, duine d’údair The Gaelic Crisis in the Vernacular Community.

Tá anailís den chineál céanna déanta ag Conchúr O Giollagáin in Éirinn agus bhí sé ar dhuine d’údair an staidéir chuimsithigh teangeolaíoch a léirigh géarchéim na teanga sa Ghaeltacht.

In 2017, deich mbliana i ndiaidh fhoilsiú an staidéir chuimsithigh, dúirt Ó Giollagáin gur ag éirí níos measa a bhí an ghéarchéim sa Ghaeltacht agus mhaígh sé go raibh tobar an mhachnaimh ionann is tráite sna forais Stáit a bhfuil cúram na Gaeltachta agus na Gaeilge orthu.

Mar atá ráite aige i gcás na tíre seo, deir sé gur gá do Rialtas na hAlban cur chuige nua a ghlacadh chucu féin a thugann tús áite don chainteoir dúchais seachas don fhoghlaimeoir agus gur gá polasaithe a thabhairt isteach  a dhíríonn ar na háiteanna ina bhfuil an Gàidhlig fós beo mar theanga phobail agus theaghlaigh.

“More of the same will give you more of the same crisis,” a deir Ó Giollagáin.

Dúirt Mairi MacInnes, cathaoirleach Bòrd na Gàidhlig, nár chóir go gcuirfeadh torthaí an taighde “iontas” ar aon duine ach go raibh glactha ag daoine leis an straitéis go dtabharfaí tús áite do chur chun cinn na teanga sa chóras oideachais. Dúirt sí áfach go bpléifí torthaí agus moltaí an taighde le muintir na n-oileán.

 Dúirt urlabhraí de chuid Rialtas na hAlban go raibh an teanga “an-leochaileach” ach go raibh go leor ar siúl chun í a chur chun cinn ar na hoileáin agus go ndéantar athbhreithniú rialta ar na polasaithe atá ann.

Sa Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011, dúirt Brian Ó Curnáin, duine eile d’údair an leabhair nua, agus Conchúr Ó Giollagáin go mba ionann cloí leis na polasaithe teanga atá ag an Stát faoi láthair agus “glacadh” le “dul i léig” na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Mhol siad don Taoiseach an uair sin coimisiún éigeandála a bhunú féachaint le labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht a chaomhnú agus a threisiú.

Dúirt Conchúr Ó Giollagáin “go bhfeileann” an Straitéis 20 Bliain agus an tAcht Gaeltachta “na daoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge mar chultúr dara teanga a fhoghlaimítear seachas pobail dúchais atá faoi léigear ag brúnna teangeolaíochta agus sóisialta an aistrithe teanga go Béarla”.

Dúirt sé “gur polasaí teanga iar-Ghaeltachta atá ag an Stát ag an bpointe seo”.

Bhain conspóid fhada le foilsiú an Nuashonrú toisc go raibh easaontas idir Ó Giollagáin agus Údarás na Gaeltachta, a choimisiúnaigh an tuarascáil, faoi mholtaí a bhí déanta ag na húdair mar chuid dá dtaighde.

Sa deireadh, thángthas ar réiteach agus níor foilsíodh na moltaí mar chuid den Nuashonrú a d’fhoilsigh an tÚdarás.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge