Ní heol don HSE cé mhéad duine a roghnaigh an leagan Gaeilge den aip nua a seoladh mar chuid den fheachtas in aghaidh an choróinvíris.
D’fhorbair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an aip ‘Covid Tracker’ chun cabhrú le lucht sláinte teacht ar ghartheagmhálaithe daoine a tholgann Covid-19.
Íoslódáladh an aip breis is milliún uair taobh istigh de dhá lá nuair a seoladh an tseachtain seo caite í.
Chuir lucht na teanga fáilte mhór roimh an scéala go raibh an aip ar fáil i nGaeilge nuair a seoladh í ach ní fios don HSE cé mhéad duine atá ag baint úsáid as an leagan Gaeilge den aip.
Caithfidh socruithe d’fhóin a bheith i nGaeilge chun an leagan Gaeilge a fháil, eolas nach mbeadh teacht ag an HSE air.
“Bíonn an leagan Gaeilge den aip le feiceáil go huathoibríoch ag daoine a bhfuil a roghanna teanga socraithe acu i nGaeilge ar a bhfón póca nuair a íoslódálfaidh siad an aip,” a dúirt urlabhraí de chuid an HSE le Tuairisc.ie.
“De bharr go bhfuil na socruithe seo ar fhón an úsáideora ní heol dúinn cé mhéad duine a d’íoslódáil an aip i nGaeilge.”
Tá ráite ag Conradh na Gaeilge go bhfuil siad ag fiosrú an bhféadfaí rogha teanga a chur ar an aip féin.
Má bhíonn an aip Covid Tracker agat ar d’fhón coinneoidh sí taifead ar na daoine a mbíonn gartheagmháil agat leo.
De réir na haipe, is ionann gartheagmhálaí agus duine a bhí i bhfoisceacht dhá mhéadar díot ar feadh níos mó ná 15 nóiméad.
Tuairiscíodh ag an deireadh seachtaine go raibh úsáid bainte as an aip cheana féin chun foláireamh a thabhairt do dhaoine a raibh gartheagmháil acu le duine a tholg Covid-19.