Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-40-cas-nua-deimhnithe-agus-udar-imni-ann-fos,-a-deir-nphet

40 cás nua deimhnithe agus údar imní ann fós, a deir NPHET

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil duine amháin eile básaithe de bharr Covid-19 agus go bhfuil 40 cás nua den ghalar deimhnithe inniu.

Bhain 12 cás le Baile Átha Cliath, bhain 11 le Cill Dara agus seacht gcinn a bhí in Uíbh Fhailí. Bhain an chuid eile de na cásanna le contae an Chláir, le Dún na nGall, Luimneach, an Mhí, Ros Comáin, Tiobraid Árann agus Cill Mhantáin.

Deimhníodh gur bhain 19 den 40 cás le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dheimhneach don ghalar faighte acu. Bhain 13 ceann eile de na cásanna nua le scaipeadh sa phobal. Daoine faoi bhun 45 a bhí i gceist le 75% den 40 cás nua.

11 othar atá buailte ag Covid-19 atá sna hospidéil de réir na bhfigiúirí is deireanaí agus tá cúigear acusan in aonaid dianchúraim.

Cé go raibh líon na gcásanna nua le cúpla lá anuas níos ísle ná mar a bhí an tseachtain seo caite, dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis gníomhach na Roinne Sláinte, go raibh imní ann fós faoi cé chomh hard agus atá na figiúirí.

Dúirt an Dr Glynn go mbíonn i bhfad níos mó i gceist ag NPHET agus iad ag rianú agus ag déanamh anailíse ar scaipeadh an Covid-19 sa tír ná “na figiúirí laethúla”.   

“Cé go bhfuil scéal níos fearr againn inniu ó thaobh líon na gcásanna de thairis mar a bhí againn ag an deireadh seachtaine seo caite, tá imní fós orainn faoi líon na gcásanna atá á ndeimhniú agus an scaipeadh atá orthu ar fud na tíre,” a dúirt Glynn.

“75 cás in aghaidh an lae an meán atá á dtuairisciú thar chúig lá faoi láthair. Fiú má chuireann muid Cill Dara, Laois agus Uíbh Fhailí as an gcomhaireamh, tá an meán don chuid eile den tír an-ard ag 31 cás sa lá. Is fiú cuimhneamh go mbíodh níos lú ná 10 gcás sa lá againn ar an meán thar chúig lá ag deireadh an Mheithimh.

De bharr ardú mar sin ar líon na gcásanna, iarraim ar dhaoine leanúint orthu ag cloí go daingean leis an gcomhairle sláinte phoiblí.”

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt 29 cás nua eile inniu. Fágann sé sin go bhfuil breis agus 200 cás nua deimhnithe ó thuaidh le seachtain anuas.

2,331 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,774 duine ó dheas den teorainn agus 557 ó thuaidh di.

33,055 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 26,838 cás ó dheas agus 6,217 cás ó thuaidh.

Níos túisce inniu, thug an tAire Sláinte Stephen Donnelly eolas faoin bpleanáil mheántéarmach agus fhadtéarmach atá á déanamh ag na húdaráis le déileáil le Covid-19.

Tá pleananna á n-ullmhú faoi láthair ag an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí ionas go mbeidh an tír seo in ann feidhmiú agus an víreas fós gníomhach inti. Meastar go bhfuil sé i gceist córas dathanna a thabhairt isteach, mar atá in úsáid i gcúrsaí aimsire, a léireodh conas mar atá cúrsaí ionfhabhtaithe i gcontaetha éagsúla, i réigiúin agus sa tír go ginearálta.

Agus é ag caint ar an gclár Morning Ireland ar RTÉ, dúirt an tAire Sláinte go bhféadfadh go mbeadh ceithre dhath i gceist faoin bplean nua – dearg, oráiste, buí agus gorm.

Chuirfí dianghlasáil iomlán i bhfeidhm ar fud na tíre dá mbeadh dearg fógartha, srianta mar atá sna trí chontae lár tíre a bheadh mar thoradh ar rabhadh oráiste, agus léireodh buí go mbeadh cúrsaí víris mar atá siad sa tír faoi láthair. Stádas gorm a léireodh go raibh vacsaín nó cóir leighis éifeachtach éigin ar fáil don Covid-19.

Dúirt an tAire go bhfuil na húdaráis ag súil go mbeifí ábalta faoin gcóras nua seo gníomhú go gasta chun scaipeadh an víris a cheansú go logánta agus go bhféadfaí an dath a athrú de réir contae, réigiúin nó go náisiúnta.

Dúirt Donnelly chomh maith go dtarlódh go mbeidh srianta áitiúla eile á gcur i bhfeidhm in áiteanna eile amach anseo ó tharla nach dóigh go mbeidh vacsaín shábháilte éifeachtach ar fáil go ceann tamall maith.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar go raibh súil aige go mbeifí ábalta tacaíocht airgid bhreise a chur ar fáil do thithe ósta mura bhfaighidh siad cead oscailte ar an 28ú lá den mhí seo.

Dúirt Varadkar go raibh súil aige go mbeadh pacáiste tacaíochta breise ann do thithe ósta agus clubanna oíche arbh éigean dóibh fanacht dúnta níos faide ná gnóthaí eile ar ordú an Rialtais.

Dúirt an Tánaiste gur iarradh orthu íobairt a dhéanamh ar son an phobail agus cé gur thuig sé go maith na deacrachtaí atá acu, is tábhachtaí scoileanna ná tithe ósta agus clubanna oíche, a dúirt sé.

Beidh cruinniú ag an gCoiste Oireachtais Speisialta faoin Covid-19 i dTeach Laighean amárach agus cúrsaí sna monarchana próiseála feola an t-ábhar is túisce a phléifear. Beidh ionadaithe ó chúig eagraíocht os comhair an choiste sin – An Roinn Talmhaíochta, an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta, Tionscal Feola na hÉireann, agus ionadaithe ó na ceardchumainn, ICTU agus SIPTU.

Ina dhiaidh sin, tá cuireadh tugtha d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chuig an gcoiste chun an chaoi ar déileáladh leis an mbrúisc is déanaí den choróinvíreas i lár tíre a phlé.

Sa tríú seisiún pléifidh an tOllamh Anthony Staines; an tOllamh Carl Heneghan agus Dan O’Brien na himpleachtaí a bheadh ag polasaí a mbeadh mar aidhm aige an Covid-19 a ghlanadh amach go hiomlán as an tír seo, agus oileán gan Covid-19 a chruthú.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge