Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ceathrar-eile-basaithe,-98-cas-nua-agus-srianta-le-cur-i-bhfeidhm-i-gcill-dara,-laois-agus-uibh-fhaili

Ceathrar eile básaithe, 98 cás nua agus srianta le cur i bhfeidhm i gCill Dara, Laois agus Uíbh Fhailí

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go raibh ceathrar eile a raibh an coróinvíreas orthu básaithe agus go raibh 98 cás nua den ghalar deimhnithe, an líon is mó cásanna a deimhníodh in aon lá amháin le breis is dhá mhí.

Beidh srianta taistil ar dhaoine atá ina gcónaí i gcontaetha Chill Dara, Uíbh Fhailí agus Laoise ó mheán oíche anocht ar feadh coicíse. Ní bheidh cead acu a gcontae féin a fhágáil ach i gcúpla cás. Beidh bialanna, seachas do bhia beir leat, tithe tábhairne agus ionaid aclaíochta dúnta.

Beidh crècheanna ar oscailt agus leanfar leis na pleananna chun scoileanna a athoscailt. Ní bheidh cead ag cuairteoirí dul go hionaid altranais ná príosúin ach i gcásanna ar leith. D’iarr an Taoiseach Micheál Martin ar dhaoine i gceantair eile sa tír fanacht glan ar na contaetha sin agus a bheith an-chúramach nach scaipfear an víreas agus nach mbeifear ábalta scoileanna a oscailt ag deireadh na míosa.

Bhain 35 den 98 cásanna nua le Cill Dara, bhain 26 acu le hUíbh Fhailí agus bhain cúig cinn acu le Laois.

Agus é ag déanamh tagairt de na ráigeanna den ghalar i gceantar Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí, dúirt Greg Ennis, urlabhraí an cheardchumainn SIPTU ar chlár raidió RTÉ ar maidin inniu go raibh sé an-éasca ag an gcoróinvíreas scaipeadh i monarchana feola mar gheall ar na cúinsí a bhaineann leo, “daoine ag obair le taobh a chéile, plódú sna ceaintíní agus sna leithris agus truailliú torainn a fhágann go mbíonn na hoibrithe ag béicíl agus dá bharr, ag scaipeadh braoiníní”.

Dúirt Greg Ennis nach raibh aon scéim liúntas tinnis ag 95% de na hoibrithe sna monarchana feola agus nach mbíonn de rogha acu ach dul ag obair toisc gan aon ioncam le fáil acu sa mbaile. Dúirt sé chomh maith go mbíonn go leor de na hoibrithe ag fanacht sa lóistín céanna agus mar sin go mbíonn an víreas á scaipeadh sa mbaile agus ag an obair.

Maidir leis na cásanna eile a fógraíodh ar fud na tíre tráthnóna, sé chás a bhí i Loch Garman, cúig cinn a bhí i mBaile Átha Cliath agus bhí an 21 cás eile in 10 gcontae éagsúla – Ceatharlach, an Cabhán, Dún na nGall, Cill Chainnigh, Luimneach, an Lú, an Mhí, Muineachán, an Iarmhí agus Cill Mhantáin.

Deimhníodh gur bhain 67 den 98 cás le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dhearfach don ghalar faighte acu. Deimhníodh gur bhain ceithre cinn de na cásanna nua le scaipeadh sa phobal. Daoine faoi bhun 45 a bhí i gceist le 68% de na 98 cás nua.

Ní raibh bás ar bith de dheasca Covid-19 le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna ach fógraíodh go raibh 15 cás eile den ghalar deimhnithe.

De réir an eolais is déanaí a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) amach Dé hAoine, níor luadh Covid-19 ach le bás amháin sa Tuaisceart an tseachtain seo caite, sé cinn níos lú ná an tseachtain roimhe.

D’fhógair NISRA ardú ar líon na mbásanna de thoradh na paindéime ó thuaidh den chéad uair ó lár mhí an Mheithimh an tseachtain seo caite ach tá titim tagtha ar an bhfigiúr arís le seacht lá anuas.

855 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 31 Iúil, beagnach 300 níos mó ná an 556 bás a thuairiscigh an Roinn Sláinte don tréimhse chéanna.

Básanna sna hospidéil den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart, ach cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shiocair bháis ar theastas báis.

2,323 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,767 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di.

32,534 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 26,470 cás ó dheas agus 6,064 cás ó thuaidh.

Idir an dá linn, tá sé fógartha ar an Roinn Oideachais go bhfuiltear ag comhairliú do gach múinteoir, cúntóir agus dalta in iarbhunscoileanna na tíre mascanna a chaitheamh nuair a fhillfidh siad ar na scoileanna ag deireadh na míosa. I ráiteas na Roinne deirtear go bhfuil an chomhairle seo ag teacht leis an taighde agus an saineolas is déanaí.

Moltar mascanna a chaitheamh sa gcás nach féidir scaradh sóisialta dhá mhéadar a chur i bhfeidhm. Níl ach roinnt cásanna eisceachtúla ann nach gá dóibh masc a chaitheamh.  Ní mór do gach duine mascanna a chaitheamh ar bhusanna scoile chomh maith.

Moltar mascanna in-athúsáide a chaitheamh agus iad a níochán uair sa lá.

Sa Ghearmáin, dúnadh dhá scoil agus cuireadh beagnach 1,000 dalta abhaile nuair a deimhníodh cásanna den víreas ansin.

Ba iad scoileanna Mecklenburg- Pommerania Thiar na chéad scoileanna sa nGearmáin a d’oscail go hiomlán Dé Luain seo caite ach cuireadh coraintín coicíse ar 100 dalta bunscoile in Rostock nuair a deimhníodh go raibh Covid-19 ar dhuine acu.

Cuireadh thart ar 800 dalta as scoil in Ludwigslust abhaile nuair a fuarthas amach go raibh an víreas tolgtha ag duine de na múinteoirí. Cé nach raibh aon rang múinte fós ag an múinteoir go dtí sin, ní osclófar an scoil arís go dtí Dé Céadaoin seo chugainn nuair a bheidh tástáil curtha ar gach duine den 55 oide.

D’ainneoin an dá chás sin sa nGearmáin, dearfach go maith a bhí torthaí taighde eile faoi scaipeadh an víris i scoileanna. I dtuarascáil a d’fhoilsigh an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc (ECDC) meastar gur annamh a thugann páistí an víreas do pháistí eile agus nach sa scoil a tholg leanaí an galar sa chéad áit.

In eolas a chuir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ar fáil, deirtear nach mbíonn ach comharthaí fánacha nó nach mbíonn aon chomharthaí sóirt ar 80% de na daoine a tholgann an coróinvíreas, gur 15% acu a bhíonn go dona agus go mbíonn 5% criticiúil agus aerálaí ag teastáil uathu.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge