Tá an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill ag iarraidh go dtabharfaí údarás nua dó iniúchadh “réamhghníomhach” a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin a bhaineann le stádas agus le húsáid na Gaeilge.
Faoi láthair tá cosc air sin a dhéanamh ach amháin i gcás Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Tá cuid mhór reachtaíochta eile ann a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta nach féidir leis an gCoimisinéir, faoi na socruithe atá i bhfeidhm faoi láthair, fiosrúcháin a dhéanamh ina leith ach amháin sa chás go mbeadh gearán déanta leis ag duine den phobal.
“Creidim go mba chóir aghaidh a thabhairt air seo agus Bille nua na dTeangacha Oifigiúla á achtú,” a dúirt Rónán Ó Domhnaill ina thuarascáil nuafhoilsithe.
Fágann an staid reatha nach bhfuil ar chumas an Choimisinéara iniúchadh a dhéanamh as a stuaim féin i gcás forálacha teanga in aon achtachán eile, mar shampla an tAcht Oideachais, 1998, an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 agus an tAcht Craolacháin, 2009.
Chaithfeadh gearán a bheith curtha i láthair an Choimisinéara faoi fhoráil teanga de chuid na n-achtanna sin a bheith á sárú sula mbeadh údarás aige fiosrúcháin a dhéanamh.
Tá leasú geallta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le fada agus d’fhoilsigh an Rialtas deireanach bille leis na leasuithe sin a dhéanamh ach níor achtaíodh an reachtaíocht roimh an athrú Rialtais.
Gealladh i gclár an Rialtais nua go ndéanfaí ‘láidriú’ ar a raibh molta sa mbille deireanach a bhí os comhar thithe an Oireachtais.