GAILEARAÍ: Léiriú ‘Fiach’ de chuid Fíbín/An Taibhdhearc do lucht na gcaranna i gConamara
Rinneadh an chéad léiriú ar an dráma ‘Fiach’ de chuid Fíbín i gcomhar leis An Taibhdhearc – a cuireadh ar ceal mar léiriú stáitse toisc Covid-19 – os comhair lucht féachana ina gcarranna féin i mBaile na hAbhann, Conamara aréir. Fionnuala Flaherty agus Dara Devaney a bhí páirteach sa léiriú. Pictiúir: Seán Ó Mainnín