Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-pubanna-le-fanacht-iata-agus-srianta-ar-shluaite-le-coinneail-mar-ata

Pubanna le fanacht iata agus srianta ar shluaite le coinneáil mar atá

Ní bheidh cead oscailte ag na tithe tábhairne Dé Luain seo chugainn agus ní thiocfaidh aon athrú ach oiread ar na rialacha maidir leis an líon daoine a gceadaítear dóibh cruinniú le chéile taobh amuigh ná taobh istigh.

D’fhógair an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna go raibh cinneadh déanta ag an Rialtas nach mbeifí ag bogadh ar aghaidh go dtí Céim 4 de phlean athoscailte na tíre agus go raibh na mórbheartais díghlasála á gcur siar trí seachtaine eile. D’fhógair sé chomh maith go mbeidh caitheamh mascanna éigeantach i siopaí agus in ionaid siopadóireachta ón 10 Lúnasa ar aghaidh.

Beidh ar bhialanna agus tithe tábhairne a mbíonn bia ar fáil iontu dúnadh ag 11pm.

Faoi chéim 4, bhí sé i gceist cead a thabhairt do ghrúpaí 500 duine teacht le chéile taobh amuigh agus do ghrúpaí 100 duine taobh istigh.

Fágann cinneadh an lae inniu go bhfanfaidh an líon daoine a gceadaítear dóibh cruinniú le chéile taobh amuigh ag 200 agus gur grúpaí 50 duine a bheidh ceadaithe taobh istigh i gcónaí.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh an cinneadh bunaithe ar an gcomhairle is déanaí ón bhFoireann Náisiúnta Um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí agus ar an ardú a bhí tagtha ar líon na gcásanna den ghalar le tamall.

Luaigh sé go háirithe líon na gcásanna ar an meán le cúig lá anuas agus líon na gcásanna  den ghalar in aghaidh gach 100,000 duine le coicís.

45.4 cás nua a bhí ann ar an meán le cúig lá anuas i gcomparáid le 6.4 ag deireadh mhí an Mheithimh agus bíonn an galar anois ar thrí oiread daoine in aghaidh gach 100,000 duine is a bhí mí ó shin. Le coicís bhí 7.54 cás den ghalar ann in aghaidh gach 100,000.

Faoi Chéim 4 den phlean díchuibhrithe, bhí cead oscailte le tabhairt do thithe tábhairne nach mbíonn bia ar fáil iontu agus do bheáir óstáin.

Bhí sé beartaithe tús a chur le Céim 4 an mhí seo caite ach cuireadh siar í nuair a tháinig ardú ar ráta scaipthe an ghalair.

Dúirt an Taoiseach gur léirigh an t-ardú ar líon na gcásanna le tamall go raibh ciall leis an gcur chuige coimeádach a ghlac an rialtas chucu féin mí Iúil. Bhí an tír seo fós ag déanamh go maith i gcomparáid le tíortha eile ach bhí cúrsaí fós “idir dhá cheann na meá”, arsa Micheál Martin.

Dúirt sé go raibh gaisce déanta ag muintir na hÉireann ach go raibh sé tábhachtach go mbeadh daoine cúramach i gcónaí.

Bhí trua aige do thábhairneoirí, a dúirt sé, ach tógadh an cinneadh ar mhaithe le beatha daoine a shábháil.

D’iarr sé ar dhaoine a bheith foighneach agus cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí. Ag iompú ar an nGaeilge, dúirt sé go gcaithfí seasamh le chéile “in aghaidh an ghalair mhallaithe seo”.

Buille mór do thithe tábhairne é an fógra seo, ach tá imní le tamall ar na hoifigigh sláinte poiblí ar an ardú atá tagtha ar líon na gcásanna.

Dúirt an Vintners’ Federation of Ireland níos túisce inniu gurb é an lá inniu lá na cinniúna don  3,500 teach tábhairne lasmuigh de Bhaile Átha Cliath a ndéanann siad

Fógraíodh chomh maith uasdátú ar ‘liosta glas’ an Rialtais don taisteal thar lear. Cúig áit atá bainte den liosta glas: Málta, An Chipir, Giobráltar, San Mairíne agus Monacó.

45 cás nua den Covid-19 a fógraíodh tráthnóna.

Foilsíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuiltear ag súil le fógra oifigiúil nach mbeidh cead oscailte ag tithe tábhairne Dé Luain seo chugainn mar a bhí beartaithe.

Don chúigiú lá as a chéile ní raibh bás ar bith de dheasca an ghalair le fógairt ag an Roinn Sláinte.

Bhain 33 den 45 cás nua le Cill Dara agus bhain seacht gcinn acu le Baile Átha Cliath. Bhain ana cúig chás eile le ceithre chontae éagsúla.

Deimhníodh gur bhain 31 cás le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dhearfach don ghalar faighte acu. Deimhníodh gur bhain ceithre cinn de na cásanna nua le scaipeadh sa phobal.

Bhí 77% de na daoine a bhí i gceist faoi bhun 45 bliain d’aois.

13 othar atá buailte ag Covid-19 atá sna hospidéil agus tá cúigear acusan in aonaid dianchúraim.

Ocht gcás nua a d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu.

2,319 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,763 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di.

32,249 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 26,253 cás ó dheas agus 5,996 cás ó thuaidh.

Maidir leis na figiúirí is déanaí do na contaetha, faoi mheán oíche Dé Domhnaigh seo caite bhí cás nua amháin den ghalar i gCiarraí (318), bhí cás nua amháin i gcontae na Mí agus thángthas ar dhá chás eile den ghalar i gCorcaigh (1,569).

Ní raibh aon athrú ar líon na gcásanna i nDún na nGall (476), i nGaillimh (498), i Maigh Eo (583) ná i bPort Láirge (166).

Tá NPHET ag iarraidh ar dhaoine cloí le sé phíosa comhairle:

  • Scaradh sóisialta a chleachtadh agus fanacht dhá mhéadar amach ó dhaoine eile
  • Casadh le daoine amuigh faoin aer chomh fada agus is féidir
  • Gan fanacht rófhada i gcomhluadar daoine
  • Na lámha a ní go maith agus go minic
  • Clúdach aghaidhe a chaitheamh nuair is cuí
  • Aip rianaithe Covid-19 a íoslódáil

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge