Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-234-cas-nua-den-choroinvireas-fogartha-agus-an-dara-rata-is-airde-i-ndun-na-ngall

234 cás nua den choróinvíreas fógartha agus an dara ráta is airde i nDún na nGall

| Tuairisc.ie | , ,

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna 234 cás nua den Covid-19.

Tá beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe de dheasca an ghalair, a fógraíodh tráthnóna.

Bhain 103 den 234 cás nua le Baile Átha Cliath.

Bhain 30 cás le Dún na nGall, bhí 22 cás i nGaillimh, bhain 21 de na cásanna nua le Corcaigh agus ocht gcás a bhí i gcontae na Mí.

Seachas Baile Átha Cliath, is i nDún na nGall a bhí an ráta is airde den Covid-19 sa tír ar fad sa gcoicís idir an 8-21 Meán Fómhair.

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn tráthnóna go raibh imní ar leith air faoi Dhún na nGall agus faoi scaipeadh tréan an ghalair i measc teaghlach sa chontae sin. Bhain ceann de gach trí chás i nDún na nGall le daoine idir 15-34 bliain d’aois, a dúirt sé.

“Sé Dún na nGall inniu é, ach d’fhédafadh gur contae eile a bheadh i gceist amárach,” a dúirt an Dr Glynn.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET gur údar imní a bhí i ráta scaipthe an ghalair sa stát atá anois idir 1.5 agus 1.7. Tá galar ag “fás” idir 5-6% gach lá agus tá ardú ag teacht ar líon na n-othar Covid-19 sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim.

Dúirt sé go bhféadfadh go bhfuil an chuid eile den tír “coicís taobh thiar de Bhaile Átha Cliath”.

106.2 duine in aghaidh gach 100,000 a tholg an galar sa tréimhse sin i nDún na nGall agus deimhníodh 169 cás nua sa chontae. Bhí an ráta sin cúig uaire níos airde ná an ráta a bhí ann sa gcoicís roimhe sin, 20.7.

Léiríonn na figiúirí ón Lárionad Faireachais ar Chosaint Sláinte gur 136.9 an ráta in aghaidh gach 100,000 duine a bhí i mBaile Átha Cliath mar a bhfuil srianta breise curtha i bhfeidhm ó shin.

Port Láirge a bhí sa tríú háit ar an liosta agus 98.1 an ráta a bhí sa gcontae sin. 114 cás nua den choróinvíreas a deimhníodh sa gcontae idir 8-21 Meán Fómhair.

97.8 a bhí i gcontae Lú, an t-aon chontae eile ina raibh an ráta os cionn an mheáin náisiúnta, 70.7.

Léirigh an Príomhoifigeach Sláinte Gníomhach, an Dr Ronan Glynn, imní le cúpla lá anuas faoin ardú ar na cásanna sna trí chontae sin – Dún na nGall, Port Láirge agus Lú.

Tá na contaetha Gaeltachta eile ar fad go maith faoi bhun 70.7, an meánráta náisiúnta – an Mhí (32.8), Corcaigh (32.4), Gaillimh (31.8), Maigh Eo (30.6) agus Ciarraí (19.0).

Pictiúr: Leah Farrell / Rollingnews.ie

Bhain 13 de chásanna an lae inniu le Cill Mhantáin, 12 cás a bhí i gcontae Lú agus naoi gcás a bhí i gCill Dara.

Bhain an 17 cás eile le 10 gcontae éagsúil.

Tá sé deimhnithe gur bhain 49% de na cásanna nua le ráigeanna nó le duine a raibh gartheagmháil aige le duine a raibh sé deimhnithe cheana féin go raibh an galar air.

Deimhníodh gur scaipeadh sa phobal ba chúis le 34 cás. Bhí 68% de na daoine a tholg an galar faoi bhun 45 bliain d’aois.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt 220 cás nua Covid-19 ó thuaidh den teorainn le 24 uair an chloig ach ní raibh bás ar bith eile de dheasca Covid-19 le fógairt acu.

Fágann figiúirí an lae inniu go bhfuil sé deimhnithe go raibh an Covid-19 ar 1,078 duine ó thuaidh den teorainn le seacht lá.

43,436 cás atá deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 33,675 cás ó dheas den teorainn agus 9,761 cás ó thuaidh di.

2,371 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,794 duine ó dheas agus 577 ó thuaidh.

D’fhógair an Tánaiste Leo Varadkar inniu go mbeadh sé féin ag fanacht amach ó dhaoine mar gur deimhníodh an víreas a bheith ar ghartheagmhálaí leis.

Toradh diúltach a bhí ar an tástáil a cuireadh air, a deir an Taoiseach agus dúirt sé go mbeadh sé ag cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí agus ag obair ón mbaile agus ag seachaint daoine eile.

Iarrtar a dhaoine a mbíonn an Covid-19 orthu fanacht ó dhaoine ar feadh 14 lá, seachas i gcás roinnt eisceachtaí.

Tá triúr airí eile ag coinneáil amach ó dhaoine chomh maith leis – an tAire Airgeadais Paschal Donohoe, An tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney agus an tAire Sláinte Stephen Donnelly.

Bhí an tAire Paschal Donohoe i mBeirlín an tseachtain seo caite mar ar bhuail sé le Bruno le Maire, agus deimhníodh ó shin go raibh an víreas tolgtha ag Bruno le Maire.

Tá dhá thástáil curtha ar an Aire Airgeadais ó d’fhill sé as Beirlín agus toradh diúltach a bhí ar an bpéire ach fanfaidh sé as bealach daoine go dtí an Aoine bheag seo.

Bhí an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney sa mBruiséil an tseachtain seo ag cruinnithe de chuid an Aontais Eorpaigh agus tá sé ag fanacht ar thoradh tástála a cuireadh air.

Toradh diúltach a bhí ar an tástáil a cuireadh ar an Aire Sláinte Stephen Donnelly ar an 15 Meán Fómhair ach tá sé á chuibhriú féin ó shin.

Tá líon na gcásanna den Covid-19 fós ag ardú in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Inniu a fógraíodh an líon is mó in aon lá amháin in Albain ó tháinig an víreas seo an taobh seo domhan.

486 cás nua a deimhníodh in Albain inniu agus dúirt an Chéad-Aire Nicola Sturgeon gur “údar imní” an scaipeadh agus gurb é sin an chúis gur cuireadh srianta breise i bhfeidhm.

Is ionann na srianta a cuireadh i bhfeidhm in Albain inniu agus na cinn a cuireadh i bhfeidhm ó thuaidh den teorainn sa tír seo inné, agus níl cead ag daoine dul ag cuartaíocht ar thithe a chéile feasta.

Níos mó