Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-vireas-ag-scaipeadh-nios-treine-sna-contaetha-gaeltachta-agus-braisli-casanna-i-ngaoth-dobhair

An víreas ag scaipeadh níos tréine sna contaetha Gaeltachta agus braislí cásanna i nGaoth Dobhair

Thug NPHET rabhadh lom an tseachtain seo go raibh níos mó imní orthu faoi scaipeadh an Covid-19 sa tír faoi láthair ná mar a bhí ag aon am eile ó bhuaic na paindéime san earrach.

Tá go leor den chaint faoi chás an ghalair dírithe ar Bhaile Átha Cliath agus ráigeanna ar fud na príomhchathrach, ach tá ábhar imní ar leith i roinnt contaetha eile chomh maith, contaetha Gaeltachta ina measc.

“Údar imní an treo a bhfuil cúrsaí ag dul i mBaile Átha Cliath ach tá an-imní orainn freisin faoi chúrsaí i gcontaetha Lú, Phort Láirge agus Dhún na nGall,” a dúirt an Príomhoifigeach Sláinte gníomhach, an Dr Ronan Glynn, Dé Céadaoin.

Bhí Dún na nGall agus Port Láirge i measc na gcontaetha inar deimhníodh an líon is mó cásanna arís eile inné.

Bhain 16 cás le Dún na nGall agus 15 a bhí i bPort Láirge.

Agus é ag labhairt ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné, dúirt dochtúir teaghlaigh i nGaoth Dobhair, an Dr Tony Delap, go raibh cúpla braisle cásanna sa cheantar anois de bharr daoine a bheith ag teacht isteach sa cheantar ó áiteanna eile.

“Paróiste s’againn féin i nGaoth Dobhair, tá cúpla cluster beag againn,” a dúirt an Dr Delap.

“Mórchuid acu tháinig siad isteach ó áiteanna eile ach sin an dóigh a bhíonn sé. Tháinig sé isteach ó Ghlaschú agus ó na sé chontae.”

Mar sin féin, dúirt an Dr Delap nár cheart milleán a chur ar aon duine a thug an galar isteach sa cheantar.

“Seo víreas atá iontach furasta a spré. Ní miste cá as a dtagann sé. Má tá sé ann, caithfimid déileáil leis. Ar an drochuair, tá sé againne leis, ach tá muid ag déileáil leis.”

Dúirt an Dr Delap gur daoine óga a bhí i gceist sa chuid is mó de na cásanna thart timpeall ar Ghaoth Dobhair agus nach raibh siad buailte go holc leis an víreas.

Mar sin féin, dúirt sé go raibh ardú níos mó ná mar is ceart tagtha ar líon na gcásanna nua sa chontae le roinnt seachtainí.

“Aontaím le Philip Nolan go bhfuil na figiúirí, go háirithe an taobh seo tíre, níos measa anois ná mar a bhí siad ag an tús.”

Deimhníodh 73 cás nua den choróinvíreas i nDún na nGall idir 2-15 Meán Fómhair.

D’fhág sin go raibh 46 cás den ghalar deimhnithe in aghaidh gach 100,000 sa chontae. Sin ráta breis agus a dhá oiread níos airde ná mar a bhí sa chontae an choicís roimhe sin, tréimhse nach raibh ach 20 cás in aghaidh gach 100,000 sa chontae idir 19 Lúnasa agus 1 Meán Fómhair.

Ní haon slat tomhais amháin a úsáidtear chun rangú a dhéanamh ar chontaetha faoi phlean an Rialtais Living with Covid-19, ach ceann de na slata tomhais is tábhachtaí atá ann ná líon na gcásanna in aghaidh gach 100,000 sa chontae thar thréimhse coicíse.

Is i mBaile Átha Cliath a bhí an ráta Covid-19 is airde le coicís anuas agus 110 cás den ghalar in aghaidh gach 100,000 ann idir 2-15 Meán Fómhair. Sin ceann de na príomhchúiseanna go bhfuil Baile Átha Cliath le bogadh inniu go dtí Leibhéal 3 de phlean nua an Rialtais.

Bhí ceantair áirithe sa phríomhchathair buailte níos measa ná a chéile. 162 cás in aghaidh gach 100,000 a bhí in iarthuaisceart Bhaile Átha Cliath ach 50 cás in aghaidh gach 100,000 a bhí i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.

Daoine ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath. Pictiúr: Sasko Lazarov/Rollingnews.ie

Cúis mhór imní é an t-ardú atá tarlaithe i gcontae Lú le coicís anuas chomh maith. 114 cás nua atá deimhnithe sa chontae le 14 lá anuas, rud a fhágann go bhfuil 89 cás den ghalar in aghaidh gach 100,000 duine sa chontae. Sa choicís roimhe sin, idir 19 Lúnasa agus 1 Meán Fómhair, 16 cás ar fad a fuarthas i gcontae an Lú.

Ó thaobh na gcontaetha Gaeltachta, is i bPort Láirge is mó atá ardú tagtha ar líon na gcásanna le cúpla seachtain anuas.

Ag tús mhí Lúnasa, bhí 166 cás ar fad deimhnithe i bPort Láirge. An t-am sin, bhí níos lú cásanna i bPort Láirge ná mar a bhí aon áit eile seachas Sligeach (149) agus Liatroim (84).

Tá ardú suntasach tagtha ar líon na gcásanna sna Déise ó shin, áfach. De réir na bhfigiúirí is deireanaí, 283 cás a deimhníodh sa chontae ar an 15 Meán Fómhair.

Deimhníodh 83 cás den ghalar i bPort Láirge idir 2-15 Meán Fómhair, rud a d’fhág go raibh 71 cás in aghaidh gach 100,000 sa chontae sa tréimhse sin. Ní raibh ráta níos airde ná sin ach i dtrí chontae eile sa tír, Baile Átha Cliath, contae Lú agus Liatroim, contae eile ina bhfuil méadú tobann tagtha ar líon na gcásanna.

Baineann cuid mhaith de na cásanna nua i bPort Láirge le ráig i monarcha feola, Dawn Meats, atá suite gar don teorainn idir Cill Chainnigh agus Port Láirge.

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly i rith na seachtaine go raibh ceangal ag 28 cás nua leis an ráig sa mhonarcha ach tuigtear go bhfuil líon níos mó i gceist anois.

Dúirt Teachta Dála áitiúil, an tAire Stáit Mary Butler gur cheart go ndúnfaí an mhonarcha “go práinneach”, mar a deineadh nuair a aimsíodh ráigeanna i monarchana i gCill Dara, in Uíbh Fhailí agus i Laois le gairid.

Mar sin, cé go bhfuil scaipeadh an ghalair ag dul i dtreise i ngach contae Gaeltachta, is i bPort Láirge agus i nDún na nGall is measa atá an scéal faoi láthair.

30 cás in aghaidh gach 100,000 duine a bhí i gcontae na Mí idir 2-15 Meán Fómhair.

D’ardaigh líon na gcásanna i gCiarraí agus i nGaillimh ó cheithre chás in aghaidh gach 100,000 duine idir 19 Lúnasa agus 1 Meán Fómhair go dtí 22 cás in aghaidh gach 100,000 idir 2-15 Meán Fómhair, ach fós níl ach dornán beag contaetha a bhfuil rátaí níos ísle acu ná mar atá ag Ciarraí agus ag Gaillimh faoi láthair.

Ceann acu sin is ea Corcaigh. 11 cás in aghaidh gach 100,000 a deimhníodh sa chontae ag tús na míosa. Ní raibh figiúr níos ísle ach i gcontae Shligigh.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge