Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-cadhnach-agus-mise:-‘bhi-daimh-ag-an-scribhneoir-seo-linn,-ba-dhuine-againn-fhein-e’

AN CADHNACH AGUS MISE: ‘Bhí dáimh ag an scríbhneoir seo linn, ba dhuine againn fhéin é’

| Tuairisc.ie | ,

Ba thúisce leis fírinne an tsaoil ná aon ní eile

Louis de Paor

Bhíos naoi mbliana déag d’aois nuair a fuaireas éachtaint ar obair Mháirtín Uí Chadhain den gcéad uair. Ní raibh aon chleachtadh agam an uair sin ar Ghaeilge Chonamara is ba gheall le bheith ag snámh tré shubh milis gabháil tré Chadhnúint an údair féin in áiteanna. Bhraitheas ar a shonsan an saol mórthimpeall orm ag leá is mé ag siúl gach céim den mbóthar, na hísleáin is na hardáin im cheann, i dteannta Bhríde ar an mbóthar go dtí an ghealchathair. Mura raibh aon taithí agam ar an taobh tíre ná ar an saol a bhí á chaitheamh aici, chruthaigh an scéal sin dom gurbh fhéidir muinín iomlán a chur sa scríbhneoir seo ar léir go mba thúisce leis fírinne an tsaoil ná aon ní eile ina chuid scéalaíochta. Is gaire é sa mhéid sin do Dostoevsky ná do Joyce agus Beckett.

Ar nós an Rúisigh, tá saothar Uí Chadhain chomh mór sin ‘thrí lasadh’ go maireann a theas sa chroí ainneoin a theicníc a bheith ‘buille útamálach’ ar uairibh, mar a d’admhaigh sé féin. Fiú is gur léir ar gach aon ní a scríobh sé gur mháistir teangan é an Cadhnach, tá sé le brath ar a chuid ficsin agus neamhfhicsin gurbh é a dhícheall teacht ar fhoirm a bhí lánoiriúnach dá raibh uaidh a chruthú is a chur i láthair.

Má tá a cheart á fháil ar deireadh ag Cré na Cille mar shaothar nach bhfuil teanntaithe ag teanga ná ag tír dhúchais an té a scríobh, is iad na gearrscéalta is mó atá neadaithe im cheann ó léas i dtosach iad. Dá mhéid a chuaigh an chuid is fearr acu i bhfeidhm orm fadó, is práinní go mór liom anois an léargas atá iontu ar chás na mná atá i ngéibheann ag an mbochtanas is ag dlí an phobail, a thuigeann go gcaithfidh sí dul ar aghaidh fiú is nach bhfuil aon éalú ón ainnise; ar an bhfear cathrach atá i bhfastó i gcóras atá á chothú is á choilleadh san am gcéanna, nach bhfuil sé de ghus ann an doras a réabadh chun é féin a shaoradh.

Leathchéad bliain ó cailleadh é, labhraíonn Máirtín Ó Cadhain i gcónaí ar a son siúd atá ar a dteitheadh ó fhoréigean an bhochtanais is an mhaorlathais fhrithdhaonna atá fós i réim lenár linn féin.

Máire Nic Eoin Uí Fhlatharta le Máíre Ní Fhinneadha

Bhí dáimh ag an scríbhneoir seo linn, ba dhuine againn fhéin é

Máire Ní Fhinneadha

Á léamh os ard a chuala mé saothar an Chadhnaigh ar dtús – bhí An Braon Broghach, Cois Caoláire agus Cré na Cille ar an saol romham féin. Ba iad na leabhair sin sobaldráma m’óige óir ceileadh léamh na Gaeilge ar mo mhamó ar scoil agus dhéantaí preasáil ar aon duine a raibh smeadar léitheoireachta aige iad a léamh cois tine. Ar nós chuile dhráma bhí leideoir ann, an seandream ag cur driobaill feabhais leis an dea-chaint agus gach aon ‘mo bheannacht dhuit’, ‘sách ráite’ agus ‘tuilleadh diabhail anois agat’ á chur le script an Chadhnaigh.

Míorúilt againn an chaint s’againn fhéin a bheith i leabhar agus iad ag caint ar na haighnis bheaga choilgneacha a bhí le cloisteáil sa mbaile againn – asail ag bradaíl, talamh á mhealladh ó riadairí, treallús ban nó a easpa, agus scéalta faoi chogadh na gcarad agus faoi mines. Mhionnófá ar an leabhar gur faoin gcúinne beag s’againne a bhí sé ag caint. Bhí dáimh ag an scríbhneoir seo linn a shíl muid, ba dhuine againn fhéin é.

Ceadúnas a bhí sna leabhair le bheith ag sciolladh agus ag feannadh ar a chéile ar an teallach – raicleach, báirseach, briogaill, cosa lofa, cúl sneách.

Scéal a insíodh go minic ar an teallach faoin gCadhnach agus grúpa as Cois Fharraige faoina stiúir ar shochraid an óglaigh Tony Darcy as ceantar Átha Cinn a fuair bás ar stailc ocrais i 1940. Ba mhó d’iontas ag fear inste an scéil trí uan gheala a bheith ag caora ná máirseáil shollúnta sochraide.

Mhaith an Cadhnach a pheaca d’fhear chaoirigh crosacha Chonamara nuair a chonaic sé féin an t-iontas a mheall thar an gclaí é. An Cadhnach a thug an óráid cois na huaighe an lá corrach sin agus ba ghearr gurb é campa géibhinn an Churraigh a gharraí féin.

I mo thimpeall agus mé ag éirí aníos feiceas dom go raibh saol an-anróiteach ag mná – bhídís ag obair istigh is amuigh, iad ag iarraidh punt a dhéanamh as scilling, ag cniotáil, ag fuáil, ag tarraingt uisce gan stad agus ag crochadh potaí móra troma uisce is beatha ar an tine, ag saolú agus ag beathú clainne agus ag tindeáil ar sheandaoine agus ar a gcuid fear, cuid acusan a bhí tútach go maith. B’ionann é agus sclábhaíocht don chailín óg agus ba i ngearrscéalta an Chadhanaigh a tuigeadh dom go raibh an crácamas gan bhuíochas sin feicthe ag duine amháin eile.

Shiúil mé chuile choiscéim den bhóthar le Bríd go dtí an Ghealchathair agus cléibhín ime is uibheacha ar a droim, “tonnáiste” faoina broinn agus bróga, pingineacha agus gach duine á spáráil aici ach í féin. Bhraith mé coimhthíos na brídeoige leis an mbearna mhíl agus le cladach.

Ba é ‘Glantachán Earraigh’ port gach seanduine ar m’aithne, bhí ‘An Trunc’ agus a scéal léanmhar i ngach teach ar an mbaile. B’ola ar ár gcroí maíomh éadála ‘Fios’ agus tuilleadh leasainmneacha againn dá chéile – leathmhaing, cam-mhuineál. Bhí ceap agus drochsholas i chuile theach agus thuigeamar ‘Smál’ go binn. Nach raibh aithne mhaith againn ar fhear an one-step i ‘Críonadh na Slaite’? I 1970 sa scéal ‘I mBus Cathrach’ chruthaigh an t-údar go raibh sé chomh hinnealta céanna ar mheon is comhrá gasúr cathrach a léiriú.

Thuigeamar gur linn féin Raidió na Gaeltachta nuair a craoladh leagan drámata de Cré na Cille i 1973. Ní raibh teach ar an mbaile nach mbíodh ag faire go dtosaíodh sé cé gur chuir comharsa comhairle ar m’athair é a thachtadh ar na gasúir go raibh sé lán le droch-chaint. Ón gcré  fhéin chuir Máirtín Ó Cadhain Athnuachan inár mbealach lena mheabhrú dúinn mar a chaití an saol roimh YouTube.

Tháinig sé sa saol gur léigh mé anailís lucht léinn ar an saothar – rófhoclach, ró-úrscéalúil, róbhéaloideasúil, rófhocalchumtha, ró-ainsrianta sa litriú, ró-chursíosúil, róchanúnach, srl.

Ní thuigim agus ní róspéis liom féin foirmlí léannta na dea-litríochta ach bainim pléisiúr agus sásamh as an nua as saothar an Chadhnaigh gach uair a léim aon bhlas de. Bhí an t-ádh orainn a leithéid a bheith againn agus bhí de mhí-ádh air féin gur chéas dán na teanga, a mhuintire agus a thíre a chroí mór Gaelach.

Alex ag léamh

Ag aistriú Cré na Cille go hÍsiltíris i mo chuid fo-éadaí

Alex Hijmans

Tarlaíonn go bhfuil an t-ailtín seo á scríobh agam ar chothrom lae bháis m’athar féin. Sheol deartháir liom ríomhphost chugam ag déanamh iontais céard a déarfadh m’athair faoi shaol an lae inniu agus ‘é ag breathnú anuas orainn ó na scamall’. Níl a fhios agam beo céard a déarfadh sé – agus dar liom go gceilfeadh aon iarracht an cheist sin a fhreagairt an deis ar m’athair fás sa 24 bliain a lean a bhás, a intinn a athrú faoi dhearcthaí áirithe, teacht ar mhalairt tuisceana faoi thuairimí eile. Fear de chuid an 20ú haois a bhí ann agus níl i dtuairimíocht faoin mbarúil a bheadh aige faoin 21ú haois ach caint san aer.

Ní ó scamall ach ó sheilf ar an mballa a bhíodh Máirtín Ó Cadhain ag breathnú anuas ar na hoibrithe in oifig Chonradh na Gaeilge ar Shráid Dhoiminic Íochtair i nGaillimh, mar a raibh dealbh chré-umha dá aghaidh rocach chrosta. B’fhéidir go mbíonn fós. Ba mhinic a thug mé suntas don dealbh chéanna agus mé istigh san oifig sin tráth a mbíodh caifé agam trasna an bhóthair.

Céard a déarfadh an Cadhnach faoin gcoróinvíreas? Faoi Chonamara sa bhliain 2020? Faoi litríocht chomhaimseartha na Gaeilge?

Onder de Zoden – ‘Cré na Cille’ aistrithe ag Alex Hijmans go hÍsiltíris agus ar fáil inniu

Ceisteanna gan bhunús iad sin óir ní féidir iad a fhreagairt.

Mar sin féin tá an Cadhnach thuas ansin, ar sheilf éigin i m’aigne – agus déarfainn nach mé an t-aon scríbhneoir Gaeilge a mhothaíonn a shúile orm agus mé i mbun pinn.

B’fhéidir gurbh é sin cuid den chúis (chomh maith leis an teas) gur aistrigh mé cuid mhaith de Cré na Cille go hÍsiltíris agus gan orm ach mo chuid fo-éadaí. Páistiúil, seans. Ach tá sé i gcinniúint gach mac go mbíonn air dúshlán a athar a thabhairt agus ar an gcaoi chéanna tá sé i gcinniúint gach scríbhneora é féin a shaoradh ó na fathaigh a tháinig roimhe.

Ó, d’fhoghlaim mé go leor ón gCadhnach, agus tá mé buíoch. Ach ón locht is mó a shamhlaítear lena chuid scríbhneoireachta is mó a d’fhoghlaim mé: agus é ag radadh abairtí casta, foclacha leis an léitheoir, mhúin sé dom rudaí a choinneáil simplí.  

Níos mó