An Spota Dubh | Podchraoladh na Seachtaine
Roghnaigh muid ‘An Spota Dubh’ mar phodchraoladh na seachtaine seo. Is féidir éisteacht leis an gclár spóirt le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais gach maidin Aoine ar Raidió na Life 106.4FM.
An Spota Dubh
“Bíonn agallaimh le haíonna ó shaol an spóirt, cómhrá agus neart eile acu ag plé scéalta spóirt na seachtaine.”
San eagrán is deireanaí seo de phodchraoladh oifigiúil CLG i gcomhar leis @An_SpotaDubh ó @raidionalife labhraítear le hiariománaí @LimerickCLG Cathal King agus le Niall McKenna, @AontroimGAA, faoi thús na gCraobhacha Iomána. #GAAgaeilge
— The GAA (@officialgaa) October 27, 2020
Éist leis an bpodchraoladh is déanaí ar Spotify anseo: “Súil siar le Brian Barry ó Sky Sports ar chluichí peile na deireadh seachtaine agus Darragh Ó Brien ag caint linn tar éis bua an tSathairn”.
Is féidir na leaids a leanúint ar Instagram agus ar Twitter. Bíonn An Spota Dubh ar fáil ar iTunes agus ar Soundcloud chomh maith.