Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta

Cén tionchar a bheidh ag na srianta nua ar pháistí scoile na tíre?

| 1 | ,

Seán Fennell

Mion-dianghlasáil nó Dianghlasáil bheag….Circuit Breaker? Cá bhfios?

Tá aibhléiseoir ag obair inár dteach nua fá láthair. D’aistrigh muid teach, scéal ó Shamhain go Bealtaine, nó ó thuaisceart go hiarthar Bhéal Feirste le bheith beacht. Bhuail mé leis an aibhléiseoir den chéad uair an tseachtain seo. Fear mór oibre.

“I’m the real Circuit Breaker…nice to meet ya”, arsa Paddy Spark.

Feirsteach go smior atá ann. Fear ón Mhargadh, seancheantar stairiúil i lár Bhéal Feirste. Is as an Mhargadh do mo mháthair féin fosta, ná habair na Margaí, ‘The Markets’, cuireann sin isteach ar bhunadh na háite, dream faoi Leith. An Margadh, níl ach ceann amháin ann.

Dár ndóigh, níor dhúirt mise “Na Margaí”, dúirt mise “An Margadh” agus muid ag déanamh ár gcuid mionchainte. Leid láithreach a bhí ann do Paddy. Cara sa chúirt déanta.

“An Margadh, ceart agat. Caithfidh go bhfuil gaolta agat ansin. Tógadh mar is ceart thú.”

Bhí an ceart aige. Gaoth an fhocail. Cheartaigh mo mháthair muid i gcónaí agus muid ag teacht i méadaíocht dá ndéarfadh muid an peaca marfach.

Bhí aithne ag Paddy ar mo mháthair,  ar mo mhaimeo, ar mo dhaideo agus ar mo chuid aintíní uilig a d’fhás aníos sa chomharsanacht chlúiteach. Bhí cur amach aige ar mo mhuintir féin. Géaga ginealaigh ar a thoil aige…..

Cé a  phós agus cé nár phós, cé a fuair bás agus cé a mhaireann agus cé a thréig an ceantar in am an ghátair agus cé a lonnaigh iad féin ann, sa Mhargadh nua nach bhfuil mar an gcéanna leis an Sean-Mhargadh, de réir na seanfhondúirí.

Ag spochadh is ag magadh fán téarma ‘circuit breaker’, nó scoradán ciorcaid, a bhí Paddy Spark agus loinnir ina shúil. Ach thuig seisean agus aibhléiseoirí na cruinne ciall an fhocail i dtaobh an leictreachais. An téarma is déanaí le cur lenár stór focal Covid.

Mhol polaiteoirí na hÉireann agus na Breataine go mbeadh scoradán ciorcaid ann le líon na gcásanna nua Covid-19 a cheansú. Gan a thuilleadh breosla a chur ar an tine, gan a thuilleadh cásanna a chruthú agus mar sin de, le bheith ag cuidiú leis an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte, NHS.

Ní bheadh duine ar bith ag cur in éadan na comhairle. Ach, tá ceart againn ceisteanna a thógáil.

An fhadhb atá ag dó na geirbe don ghnáthdhuine áfach ná cad chuige ar ghlac sé chomh fada. Cad chuige ar fhan na polaiteoirí ag Stormont, go dtí Céadaoin agus Déardaoin na seachtaine seo (14/15 Deireadh Fómhair) leis an scéal a dheimhniú.

Bhí an t-eolas i mbéal an phobail. Bhí an earnáil mhiondíola (siopaí beaga, siopaí crua-earraí) agus an earnáil aíochta (óstáin agus tithe tábhairne) uilig ar bís fáil amach cad é a bhí i ndán dóibh. Slite beatha agus gnónna i mbéal a mbáis. Bhí earnáil na hailleachta – bearbóirí, gruagairí, smideoirí – ar an dé deiridh fosta. An dtiocfaidh siad slán? An mairfidh siad?

I m’earnáil féin, earnáil an oideachais, níor tháinig an nuacht aniar aduaidh orainn. Ar bhealach, bhí muid ag dúil leis agus céim chun tosaigh. I mo bharúil, mar mhúinteoir bunscoile, tháinig cinneadh an Roinn Oideachais salach ar chinntí agus ar bharúlacha eile a léirigh an tAire Oideachais Peter Weir roimhe. Gheall siad nach ndruidfeadh siad scoileanna arís agus nach mbeadh cur isteach ann ar chúrsaí oideachais. Má tá scoil ar leith ag streachailt le heaspa foirne, ba chóir an scoil sin a dhruidim, tacaíocht a thairiscint, ach chan an earnáil ar fad a dhruidim.

Ar a bharr sin, tá difear suntasach idir meánscoileanna agus bunscoileanna. Tá sé níos fusa ar dhóigh, páistí bunscoile a láimhseáil agus a smachtú de thairbhe aois na bpáistí. Beidh níos mó cur isteach ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí páistí bunscoile, má dhruidfear na bunscoileanna. Ní chuidíonn an cur chuige seo leis an fhadhb áfach mar go mbíonn páistí bunscoile agus meánscoile agus fiú naíscoile in aon teaghlach amháin.

Mar sin, tá míchinnteacht ann. Ní mhothaím fiú go dtuigeann na polaiteoirí ar fad na srianta úra. Chuala mé tráchtaireacht ar stáisiún áitiúil ráidio ag míniú staid na n-óstán. Bhí tú in ann dul chuig óstán an deireadh seachtaine seo caite ach bhí ort an áit a bhaint amach roimh 6in Dé hAoine agus ní bheadh an teach tábhairne ann, ná an linn snámha srl, oscailte. Is beag an tarraingt a bhí sa mhéid sin.

An bhfuil meancóg déanta ag na húdaráis? An bhfuil an cinneadh róluath i mí Dheireadh Fómhair? Ar chóir fanacht go dtí an tseachtain i ndiaidh Oíche Shamhna? An raibh an cinneadh rómhall? An bhfuil an víreas ag réabadh ar fud na tíre, i mbarr a réime gan meas a léiriú ar theorainn ar bith? An raibh seo na srianta is déanaí fiú de dhíth orainn? An ndéanfaidh sé difear ar bith do líon na gcásanna thuaidh nó theas má tá bunscoileanna druidte nó oscailte? An ndeachaigh polaiteoirí i ndáil comhairle le hearnálacha éagsúla? Ardaíonn sé an cheist mar sin…

An bhfuil fianaise ann go mbeidh sé níos fearr do pháistí óga a bheith sa bhaile os comhair na teilifíse ná ar scoil os comhair an mhúinteora, ag foghlaim agus ag forbairt?

An dtarlóidh seo arís agus arís? Dianghlasáil bheag eile, mura dtiteann líon na gcásanna?

Mion-dianghlasáil i bhfeidhm ar an oideachas agus ar na hearnálacha eile a bhí ag déanamh a seacht ndícheall cloí leis na srianta agus na treoirlínte.

Caithfear rud éigin a dhéanamh ach níl mé cinnte gur chóir bac a chur ar imeachtaí scoile. Glac sampla CLG mar shampla, chothaigh siad rí-rá agus ruaille buaille fosta dá gcuid ball, an chosmhuintir. Cnámh droma na heagraíochta, mar a chluinimid go minic.

Tá cosúlachtaí ann le heasaontas Stormont agus na moltaí is déanaí a d’eascair ó Pháirc an Chrócaigh. Sos coicíse ar gach rud, seachas ag an leibhéal is airde CLG, cluichí na gcontaetha. Ní thuigim cén fáth a mbeadh foireann Faoi Deich camógaíochta ná peile ag rith thart ar pháirc 3G amuigh faoin spéir ag cur le scaipeadh an ghalair. Is iad na páistí agus na tuismitheoirí atá thíos leis an chinneadh.

Chaill páistí óga amach ar chuid mhór rudaí go dtí seo. Páistí s’agamsa agus páistí s’agatsa. Caithfidh na polaiteoirí éisteacht le tuismitheoirí, le múinteoirí, le hoibrithe óige, le hoibrithe pobail agus le bainisteoirí spóirt ag an bhunleibheál.

Níor mhaith linn mar shochaí a bheith ag cur le fadhbanna meabhairshláinte, deacrachtaí murtaill agus easpa deiseanna oideachais na glúine atá ag teacht inár ndiaidh.

An sin an toradh a bheidh ar na srianta reatha? Ní mór dúinn a chinntiú nach é. Is ar scáth a chéile a mhairimid.

Níos mó