COMÓRTAS: Leabhair Ghradaim Uí Shúilleabháin le buachan!
Fógrófar buaiteoirí Ghradaim Fhoilsitheoireachta an Oireachtais amárach ag meán lae, agus tá an-áthas ar NÓS a fhógairt go bhfuil beart mór de na leabhair uilig atá ar an ngearrliosta do Ghradaim Uí Shúilleabháin againn le bronnadh ar dhuine dár léitheoirí.
Tá muid fíor-bhuíoch den Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair as an mbeart a chur ar fáil don chomórtas seo.
Tá an comórtas oscailte dár leantóirí Facebook, Twitter, agus Instagram.
Ar Twitter: déan ‘athghiolc le trácht’ (quote-tweet) ar an ngiolc seo, abair linn cén leabhar Gaeilge is fearr leat féin, agus cuir clib ar chara leat ann. Bí cinnte @ansiopaleabhar a leanacht freisin!
Ar Instagram: tabhair croí don phictiúr seo, abair linn cén leabhar Gaeilge is fearr leat féin sna tráchtanna, agus cuir clib ar chara leat ann. Bí cinnte @ansiopaleabhar a leanacht freisin!
Ar Facebook: tabhair ordóg don phostáil seo, abair linn cén leabhar Gaeilge is fearr leat féin sna tráchtanna, agus cuir clib ar chara leat ann!