Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘compass:-say-it-loud-–-we’re-irish!’-agus-imeachtai-eile

‘Compass: Say It Loud – We’re Irish!’ agus imeachtaí eile

| Sinead Ni Uallachain |

Tradition Now, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh 24 & 25 Deireadh Fómhair @ 19.00

Tá clár breá leagtha amach ag foireann Tradition Now agus Ceoláras Náisiúnta na hÉireann don deireadh seachtaine agus maratón ó thaobh an cheoil thraidisiúnta chomhaimseartha beartaithe acu.

Is ar an Satharn (amárach) a bheidh leithéidí Ye Vagabonds; Barry Kerr, Niamh Dunne agus Seán Óg Graham; Máiréad Ní Mhaonaigh agus a cairde; Nava; Landless agus eile le feiscint. Dónall Dineen a bheidh ina fhear an tí, don Satharn agus an Domhnach araon. 

Beidh na coirmeacha á sruthú beo ó ardán an Cheolárais i lár chathair Átha Cliath. Ó thaobh cheoltóirí an Domhnaigh de, beidh The West Ocean String Quartet páirteach, chomh maith le Muintir Cheannabháin (Saileog, Eoghan agus Muireann), agus Nils Okland.

Níl ach €10 ar na ticéid agus €15 don dá ócáid. Tá liosta ar fad na gceoltóirí le feiscint ach cuairt a thabhairt ar NCH.ie

Compass: Say it Aloud – We’re Irish! Beyond Representation, Dé Domhnaigh 25 Deireadh Fómhair @ 19.00

Beyond Representation an teideal atá ar ghluaiseacht a bhunaigh Jess agus Ola Majekodunmi agus Zainab Boladale anuraidh. Is í an aidhm a bhí acu ná mná de chiníocha daite atá ina gceannródaí sna meáin, sna healaíona agus i gcúrsaí gnó in Éirinn, a chur chun cinn. Tá ag éirí leo, ainneoin na paindéime agus ócáid beartaithe acu don Domhnach beag seo, ar líne dár ndóigh!

Say it Loud, We’re Irish an teideal atá air, agus é mar chuid de shraith ar a dtugann siad Compass. Filíocht ó bhéal atá i gceist agus iniúchadh á dhéanamh sa tsaothair ar an mbrí a bhaineann le bheith i d’Éireannach, sa lá atá inniu ann. Ba é físeán faisnéise Ola, a raibh go leor ratha air le déanaí What Does Irishness Look Like?, a spreag cuid de na rannpháirtithe, agus cloisfear a gcuid cumadóireachta, mar aon le plé bríomhar ar an ábhar, ag an imeacht seo.

Gairmeacha le Gaeilge san Aontas Eorpach – eolas agus comhairle, Dé Céadaoin 28 Deireadh Fómhair @ 09.00-17.00 (ar-líne)

Is mó deis atá tagtha i mo threo de bharr na Gaelainne — go gairmiúil agus go pearsanta — agus is mé atá buíoch gur tógadh leis an dteanga mé. Is mó deiseanna fostaíochta atá ann do lucht labhartha na Gaeilge agus cuirfear béim air sin ag ócáid atá eagraithe mar chuid d’imeachtaí Oireachtas na Samhna i mbliana. 

Reáchtálfaidh An Choimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann seimineár ar líne faoi na féidearthachtaí oibre atá ann d’aistritheoirí, ateangairí, cúntóirí agus dlítheangeolaithe i measc eile, san Eoraip. I measc na gcainteoirí, beidh Fionnuala de Barra, Pádraic Déiseach agus John Kelly, agus iad ag stiúradh na gceardlanna agus na gcainteanna. DGT-GA-SEIMINEAR@ec.europa.eu an seoladh a bheidh uait chun clárú.

Caifé Cultúir le Diarmuid Ó Mathúna, Déardaoin 29 Deireadh Fómhair @ 11:00

Is é Diarmaid Ó Mathúna, a bheidh ina aoichainteoir ag Caifé Cultúir na seachtaine seo chugainn. Is éard atá i gceist lena leithéid, ná glaoch Zoom ina bpléitear cúrsaí ealaíne agus cultúir, eagraithe ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga. Tá aithne mhaith ar Dhiarmuid ní hamháin toisc go raibh a bhialann féin, POTA aige, i gCorcaigh tráth dá raibh; ach toisc go mbíonn sé i mbun cainte ar na meáin trí chéile minic, faoi chúrsaí bídh, agus a thionscnamh NeighbourFood, margadh feirme úr ar líne i gConamara. Más mian leat bheith páirteach nó go deimhin ag cúléisteacht, lean an nasc seo.

Oíche dhraíochtúil cheoil  — Ceolchoirm na Samhna, 30 Deireadh Fómhair, mar chuid d’imeachtaí Chultúrlann McAdam Ó Fiaich

Ní fada uainn Ceolchoirm na Samhna, atá eagraithe ag lucht Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, agus a bheidh ar bun Dé hAoine seo chugainn. Is iad an banna ceoil Music in the Glen, (Conor Lamb, Deirdre Galway agus Brendan Mulholland) a bheidh ag soláthair na siamsaíochta, mar aon le Cleamairí Feirste. Anuas ar sin tabharfaidh an t-údar Myra Zepf éachtaint ar an stair agus mistéir a bhaineann le Féile na Samhna. Comóirfear é, leis an ócáid seo lán scéalaíochta, cleamaireachta agus ceoil, díreach mar a bhíodh sna seanlaethanta! 

Níos mó