Nuacht Mhall | Podchraoladh na Seachtaine
Roghnaigh muid ‘Nuacht Mhall’ de chuid Chonradh na Gaeilge i Londain mar phodchraoladh na seachtaine seo. Is áis iontach í seo d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge.
“Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.”
Tugann an podchraoladh seo deis duit tuiscint níos fearr a bheith agat ar nuacht na Gaeilge. Léitear an nuacht go mhall agus is féidir na focail ar fad a léamh sa chur síos freisin.
Dia daoibh go léir! This is the new Twitter account of #NuachtMhall, Slow News as #Gaeilge, intended as free listening practice for learners of #Irish. Listen to “Réamhbhlaiseadh/Trailer” by Nuacht Mhall. ⚓ https://t.co/stZl5cP2Ep
— Nuacht Mhall (@NuachtMhall) July 28, 2020
Éist leis an bpodchraoladh is déanaí thíos:
Is bealach úsáideach é seo d’aon duine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge. Bíonn podchraoladh nua ar fháil gach Sathairn ar na hardáin éisteachta éagsúla.