Tá éifeachtacht beagnach 95% léirithe ag vacsaín nua in aghaidh an Covid-19 ón gcomhlacht Meiriceánach Moderna.
Sna sála ar na torthaí dearfacha a d’fhógair Pfizer an tseachtain seo caite a tháinig scéal Moderna agus údar dóchais eile é do dhaoine ar fud an domhain atá ag súil go n-éireoidh le vacsaíní an phaindéim Covid-19 a chloí.
Dúirt Moderna gur “lá iontach” a bhí ann agus go bhfuil rún acu iarratas a dhéanamh sna seachtainí beaga seo ar cheadúnas chun an vacsaín nua a úsáid.
Bhí 30,000 duine sna Stáit Aontaithe páirteach i dtriail Moderna agus tugadh dhá dháileog den vacsaín nua do leath acu, ceithre seachtaine idir an péire. Placebo nó vacsaín bhréige a bhí san instealladh a fuair an leath eile.
Den chéad 95 duine a raibh comharthaí sóirt an Covid-19 orthu ní raibh siad ach ar chúigear a fuair an vacsaín. An placebo a fuair an 90 duine eile a fuair ráig den Covid-19.
Tá sé ráite ag Moderna go ndéanfar iarratas ar cheadúnas ó na rialtóirí sna Stáit Aontaithe laistigh de chúpla seachtain agus go bhfuil súil acu go mbeidh 20 milliún dáileog ar fáil sna Stáit Aontaithe roimh dheireadh na bliana. Tá rún ag an gcomhlacht billiún dáileog a chur ar fáil ar fud an domhain an bhliain seo chugainn.
Tá sé á mheabhrú ag saineolaithe go bhfuil sé luath fós agus gan ar fáil ach sonraí áirithe go fóill. Tá ceisteanna tábhachtacha fós le freagairt, ceisteanna amhail cén fhad a mhairfidh an imdhíonacht nó an chosaint a thabharfadh an vacsaín seo do dhuine. Tá na trialacha den dá vacsaín nua fós ar siúl ag Moderna agus Pfizer.
As an 95 a ghlac páirt sa triail agus a tholg Covid-19 bhí 11 acu an-tinn, ach is údar dóchais gur placebo a bhí faighte ag chuile dhuine den aonar déag sin.
Tá vacsaín nua forbartha sa Rúis, vacsaín an Sputnik V, agus léiríonn na chéad sonraí go bhfuil éifeachtacht 92% ag an gceann sin.
Is é an tslí a oibríonn an vacsaín Moderna, a bhfuil dhá dháileog di riachtanach, ná go n-instealltar ábhar géiniteach, an mRNA, isteach sa gcolainn. Úsáideann na cealla an t-ábhar sin chun na s-próitéiní (próitéiní spící) a úsáideann an víreas chun na cealla a ionsaí a chaitheamh amach.
Bíonn dromchla an víris clúdaithe leis na próitéiní spící sin agus is fúthu sin is mó a thugann córas imdhíonachta na colainne agus é ag iarraidh an t-ionfhabhtú a ghlanadh amach as an gcolainn.
D’fhéadfadh impleachtaí a bheith ag an gcur chuige sin don chóir leighis a bheadh ar fáil do ghalair go leor eile.