Tinte na Farraige Duibhe – Leabhar Nua Sci-Fi Gaeilge
Tinte na Farraige Duibhe
Tá úrscéal nua Tinte na Farraige Duibhe foilsithe ag Leabhar Breac le déanaí. Scéal samhlaíoch spraíúil sa Spás atá ann a scríobh Tim Armstrong i nGaeilge na hAlban.
Tá sé aistrithe go Gaeilge ag Eoin P. Ó Murchú.
“Thit an long i dtreo an phláinéid dheirg, í ag luasghéarú i gcónaí. Bhí na cúrsóirí á leanúint agus, mar a shíl A-Hiom, bhí siad ag teacht suas leo, beagán ar bheagán. Líon Na Hasta an radharc ar fad a bhí rompu agus chonaic Sál na sraitheanna de scamaill agus stoirmeacha ina nguairneáin, iad oráiste agus bán, ag casadh leo in atmaisféar meirgeach an phláinéid.”
Ù hù! Nach math a tha seo!! @murchadhmor@BreacEolas @clargaidhlig #Gaeilge #Gàidhlig pic.twitter.com/7azYaPYcie
— Drilseach (@drilseach) November 12, 2020
Ar a dTeitheadh i Spáslong Lastais
“Beirt ar a dteitheadh ó Roghail, gealach bheag amach ón bpláinéad dearg Na Hasta, is ea Sál agus Ríosa. Éalaíonn siad i spáslong lastais — agus an crogall daonna, an Sáirsint Raithdead, ar a dtóir. Ach amach rompu tá namhaid níos mó agus níos measa — agus gan fhios di féin, tá rún á cheilt ag Ríosa a tharraingeoidh fórsaí uile an Oilc sa mhullach orthu.”
Is féidir an leabhar a ordú ar Leabhar Breac.