As Inis Ceithleann i bhFear Manach an chéad duine ar domhan chun an vacsaín a fháil lasmuigh de thrialacha. Tugadh an vacsaín Pfizer-BioNTech do Margaret Keenan, 90, atá ag cur fúithi in Coventry Shasana le 60 bliain anuas, ag 6.45am inniu.
Altra as Dún Druma i gcontae an Dúin an chéad duine in Éirinn chun vacsaín in aghaidh an Covid-19 a fháil.
Tugadh an tsnáthaid do Joanna Sloan, 28, altra in ospidéal an Royal Victoria i mBéal Feirste, maidin inniu.
Tá tús á chur ag Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu lena gclár vacsaínithe.
Dúirt Joanna Sloan, a bheidh i gceannas ar chlár vacsaínithe Bhéal Feirste, gur rud iontach a bhí ann an tsnáthaid a fháil agus gur “pribhléid” é.
“Déarfa gurb é seo an claí deireanach atá le cur dínn againn chun daoine a choinneáil slán…” arsa Joanna Sloan.
Beidh Margaret Keenan as Fear Manach 91 an tseachtain seo chugainn agus dúirt sí gurb iontach an “bronntanas luath” an vacsáin a fháil.
“Braithim gur pribhléid an-mhór é a bheith ar an gcéad daoine le vacsáin a fháil in aghaidh an Covid-19. Is é an bronntanas luath is fearr a d’fhéadfainn a fháil do mo bhreithlá, mar ciallaíonn sé gur féidir liom a bheith ag súil arís le ham a chaitheamh le mo mhuintir agus mo chairde sa bhliain nua, i ndiaidh dom a bheith i m’aonar don chuid is mó den bhliain.”