Áiseanna bunscoile ar líne
Seo thíos réimse d’áiseanna bunscoile le cuidiú leis an gcianfhoghlaim.
Closleabhair do Pháistí
Tá closleabhair An Garbhán, An Seilide agus an Míol Mór, An Sicín Beag Buí agus an-chuid eile ar fáil anseo. Is modh siamsúil deas é seo gan a bheith sáinnithe os comhair scáileáin don lá!
Mata Bunscoile
Bíonn cabhair leis an mata ag teastáil ó roinnt mhaith againn, idir pháistí agus dhaoine fásta. Tá flúirse áiseanna teagaisc curtha ar fáil ag Máire Nic an Rí ar a cuntas Padlet le cabhrú libh an lámh in uachtar a fháil ar na suimeanna deacra sin.
Corpoideachas
Is ollmhór an tábhacht atá ag an aclaíocht ar ár gcuid sláinte agus an aimsir seo airítear ó pháistí na ranganna corpoideachais a bhíonn acu uair nó dhó sa tseachtain. Buíochas le Máire Nic an Rí arís tá rogha iontach leathan áiseanna don chorpoideachas curtha le chéile aici a thiocfaidh chun cabhrú leo siúd atá ag lorg gníomhaíochtaí éirimiúla spraíúla dá bpáistí.
Múineadh na Gaeilge
Tá acmhainní iontacha do mhúineadh na Gaeilge curtha ar fáil ag Niamh Brady ar Wakelet. Tá réimse leathan áiseanna le feiceáil ann: cluichí teanga, áiseanna léamhthuisceana agus leideanna a cabhróidh go mór leis an gcianfhoghlaim.
Home School Hub ar RTÉ 2
Tá Home School Hub ar ais! Is sraith teilifíse í Home School Hub do phaistí bunscoile ina mhúintear ábhair scoile éagsúla. Beidh sé ag tosú ar an 18/01 agus á chraoladh Dé Luain go Déardaoin @ 10 ar maidin agus beidh athchraoladh gach tráthnóna @ 4.
Is fiú súil a chaitheamh ar áiseanna bunscoile eile ar nós ar shuíomh Fhoras na Gaeilge, Gaeloideachas agus Áiseanna Teagaisc COGG chomh maith.
Ní foláir duit cuimhneamh – ní féidir linn ach ár ndícheall a dhéanamh!