An Ghaeilge ar Instagram – 6 chuntas ealaíne le leanúint
Má tá spéis agat sa Ghaeilge, is dócha go dtagann gliondar ar do chroí chomh luath is a fheiceann tú an Ghaeilge i mbarr a breáthachta ar d’fhíd Instagram! Tá an Ghaeilge ag dul ó neart go neart ar na meáin shóisialta agus caithfear buíochas a ghabháil leis na healaíontóirí a chuireann an Ghaeilge chun tosaigh i mbealach taitneamhach cruthaiteach. Seo duit sé chuntas gur fiú a leanúint, ó thaobh na Gaeilge agus na healaíne de!
BiddyBell Designs (@_biddybell_)
Cruthaíonn an t-ealaíontóir seo ealaín iontach ón a áit chónaithe i Madrid! Tá stíl uathúil álainn ag an ealaíontóir seo. Cuireann sí dearaí ildaite ar a leathanach Instagram agus déanann sí dearaí áille d’ócáidí na bliana, chomh maith le stór focal a chur ar fáil trí mheán na healaíne.
Saotharlann (@saotharlann)
Cuntas eile a roineann stór focal Gaeilge trí mheán na healaíne! Tá stíl éifeachtach simplí ag an ealaíntóir seo. Is minic a bhíonn dearadh nua ar a leathanach gach lá! Is é is dóichí go mbeidh focal nua foghlamtha agat gach lá tar éis an cuntas seo a leanúint!
Glowing With Gaeilge (@glowingwithgaeilge)
Tá ealaín álainn déanta as frásaí na Gaeilge ag an gcuntas seo. Ina theannta sin, tá teachtaireacht spreagúil ag baint le cuid dá healaín agus cuireann sí an Ghaeilge chun cinn go héifeachtach.
Clodafoto (@clodafoto)
Tá stíl suimiúil nua-aimseartha ag Clodagh agus pléann fórmhór dá healaín le meabharshláinte agus féinmhuinín. Cruthaíonn sí frásaí áille as Gaeilge le teachtaireachtaí láidre agus inspioráideacha.
Catherine Geaney/Nine Arrow (@nine.arrow)
Tá an t-ealaíontóir seo ag foghlaim na Gaeilge leis an ealaín, agus ag roinnt a táirgí linn tríd an bpróiseas foghlamtha. Ní fada go mbeidh go leor focal nua foghlamtha agat a bhuí le háilleacht a healaíne! Tá cló Gaelach le feiceáil ar a fíd freisin.
Connect The Dots Design (@connectthedotsdesign)
Tá cárta do gach aon ócáid cruthaithe ag an ealaíntóir seo as Gaeilge! Anuas air sin, tá dearaí áille aici de léarscáil na hÉireann agus de na seanfhocail is fearr! Tá dialann agus stáiseanóireacht Ghaeilge aici chomh maith. Is leis an ealaíntóir seo go leor de GIFs na Gaeilge ar Instagram freisin!