Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-is-mo-a-fhoghlaimionn-me-o-youtube-na-on-gcolaiste-ar-na-saolta-seo…

Is mó a fhoghlaimíonn mé ó YouTube ná ón gcoláiste ar na saolta seo…

| Domhnall O Braonain |

Ceithre cinn déanta, péire fágtha. Dhá thrian den bhealach tríd na scrúduithe. Céard atá foghlamtha agam? Is furasta scrúdú a phasáil gan tada a fhoghlaim nuair a bhíonn nótaí le do thaobh.

Anois ná ceap go mbeidh A-anna go gealach agam nuair a thiocfaidh na torthaí amach sa bhfómhar, ach cuir ceist orm an t-am sin faoin ábhar ar a rabhthas dár scrúdú inniu agus seans maith nach bhféadfainn freagra a thabhairt ort.

Ní hé an chaoi go bhfuil mise sásta faoi seo. Níl mé ag iarraidh a bheith ag rá go bhfuair mé an ceann is fear ar na “hamadáin” istigh sa gcoláiste. B’fhearr liomsa i bhfad dá mbeadh eolas agam ar na hábhair. Dá mbeinnse ag iarraidh ar innealtóir beagán oibre a dhéanamh domsa bheadh súil agam go mbeadh fios a cheirde aige. 

B’fhéidir go bhfuil mé ag déanamh áibhéile leis an méid sin. Níl mé ach sa dara bliain. Ach fós féin níl rudaí go maith nuair a airíonn mé go bhfuil mé ag foghlaim níos mó ó na YouTubers (Iúitiúbáilithe? Iúitiúbóirí?) a chuireann físeáin oideachasúla amach ná mar a fhoghlaimíonn mé ón ábhar ollscoile. D’fhéadfadh lucht an oideachais tríú leibhéal in Éirinn go leor a fhoghlaim ó na Iúitiúbóirí sin.

Dá mbrisfí suas na topaicí ina bhfíseán idir 10 agus 20 nóiméad ar fhad an ceann, bheadh na topaicí sin i bhfad níos éasca a shú isteach agus bheadh seans níos fearr ag an scoláire an t-eolas a fhoghlaim.

Seachas samplaí a bheith á scriobláil ar an scáileán beo thabharfadh na físeáin seo an deis na samplaí a scríobh ar bhealach so-léite agus pictiúir nó físeáin bheaga chur leo ina bhfuiltear ag taispeáint cibé cén rud atá dhá phlé le go gcoinneofaí aird na mac léinn.

Nuair a bhí mise ar meánscoil ní raibh a fhios agam ó Dhia anuas céard a dhéanfadh mé san ollscoil. D’fhiafraigh duine éicint dom cérbh iad na hábhair ab fhearr liom ag an scoil agus  ba é an freagra a bhí agam air sin ná gur bhain mé an-sásamh as an dúshlán a bhí sa mata agus go raibh ciall le chuile short a d’fhoghlaim muid. 

Thaitin an obair phraiticiúil liom sna ranganna miotalóireachta agus líníochta, agus as an trí phríomhábhar eolaíochta ba í an fhisic an ceann ba dheise liom. Thart ar an am céanna bhí físeáin ó Iúitiúbóir nach raibh feicthe riamh cheana agam ag teacht aníos ar mo scáileán agus nuair a bhreathnaigh mé ar cheann acu céard a bhí romham ach canúint na hÉireann.

Ní minic a chloistear é sin ar YouTube in éineacht le físeán atá ar ardchaighdeán. Brian McManus, Gaillmheach a rinne bunchéim Innealtóireachta in OÉ Gaillimh agus máistreacht in Ollscoil Luimnigh atá i bhfeighil ar an gclár YouTube Real Engineering. 

Ba é sin a chuir i mo chloigeann é go ndéanfainn féin staidéar ar an innealtóireacht sa gcoláiste. D’aithneofá ar a ghlór go bhfuil suim aige san ábhar faoina mbíonn sé ag caint agus sin é an fáth a bhfuil sé chomh héasca foghlaim uaidh. Má tá duine ar bith ansin atá ag iarraidh feabhas a chur ar an gcaoi a bhfuil siad ag múineadh a gcuid ábhar scoile in amanna seo na paindéime tá na mílte físeán ar gach uile ábhar óna bhféadfaí cleasa múinteoireachta idirlín a fhoghlaim.

Níos mó