Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
plean-an-rialtais-do-dhaltai-ardteiste-caite-i-dtraipisi-<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>

Plean an Rialtais do dhaltaí Ardteiste caite i dtraipisí

| Tuairisc.ie | , ,

Tá a bplean iarbhunscoileanna an stáit a athoscailt trí lá sa tseachtain do dhaltaí Ardteiste caite i dtraipisí ag an Rialtas.

Cáineadh go láidir an plean a fógraíodh inné.

D’iarr an ASTI ar a gcuid ball níos túisce tráthnóna gan comhoibriú le plean an Rialtais na scoileanna a oscailt trí lá sa tseachtain do dhaltaí Ardteiste.

Bhí cruinniú éigeandála ag feidhmeannas an ASTI tráthnóna chun cinneadh an Rialtais faoi fhilleadh na ndaltaí Ardteiste ar scoil a phlé.

Dúradh i ráiteas i ndiaidh an chruinnithe go raibh imní mhór ar an ASTI faoi “shláinte agus sábháilteacht daltaí, múinteoirí agus baill foirne eile”.

Fágann cinneadh an Rialtas deireadh a chur lena bplean gur ag foghlaim ón mbaile a bheidh daltaí na hArdteiste an chuid eile den mhí seo.

Tá athbhreithniú le déanamh ar an gcinneadh faoi dhúnadh na scoileanna ar an 31 Eanáir.

Bhí plean an Rialtais cáinte ag go leor dreamanna – múinteoirí, tuismitheoirí, daltaí, cúntóirí riachtanais speisialta agus ceannairí scoile. B’údar díomá do na ceardchumainn agus na príomhoidí, a dúirt siad, nach ndeachthas i gcomhairle leo féin faoin gcinneadh.

D’iarr Cumann na Meánmhúinteoirí ar an Aire Oideachais Norma Foley athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh daltaí Ardteiste a thabhairt chun na scoile trí lá sa tseachtain ón Luan seo chugainn.

Tá 61,000 dalta ag tabhairt faoi scrúdú deiridh na hiarbhunscolaíochta i mbliana. Dúirt an Rialtas gurb í comhairle na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí go raibh an scoil sábháilte.

Dúirt Ard-Rúnaí an ASTI, Kieran Christie go raibh neart ama ag an Aire Oideachais idir seo agus an Luan le “breith ar a ciall” mar gur cinneadh “místuama” a bhí ann.

Dúirt Christie go raibh dochar mór déanta don chur chuige “comhairliúcháin” a bhí idir na geallsealbhóirí uilig chun na scoileanna a choinneáil oscailte ón bhfómhar seo caite.

Dúirt Colm O’Rourke, Príomhoide Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig san Uaimh go raibh an cinneadh ag cur sláinte na ndaltaí agus na n-oidí i mbaol.

Dúirt sé go gcaithfí an cinneadh a athrú, go háirithe agus an cineál fíorthógálach nua den choróinvíreas ag scaipeadh go forleathan.

Dúirt sé go raibh an scéal “ina phraiseach” agus nach dóigh go dtiocfadh mórán daltaí chun na scoile.  Dúirt sé gur iontach an rud é múinteoirí a bheith i rang le 30 dalta agus ag rá leis an gcuid eile den tír uile fanacht sa mbaile.

Agus é ag caint ar RTÉ ar maidin dúirt Martin Marjoram, Uachtarán Aontas Múinteoirí Éireann, gur chóir an plean maidir le daltaí Ardteiste a chur ar athlá le deis a thabhairt an scéal a phlé i gceart. Dúirt sé nach bhfaca sé féin an oiread múinteoirí riamh ag dul i dteagmháil leis agus iad den tuairim gur plean ainchríonna é seo agus go bhfuil siad féin á gcur i mbaol ag an gcinneadh. Mheas sé nár pléadh an plean le saineolaithe sláinte phoiblí agus go gcothódh an chaoi a ndearnadh an cinneadh easpa muiníne i measc phobal na scoile.

Chuir  páirtí an Lucht Oibre fáilte roimh chinneadh an Rialtais tráthnóna.

Níos mó