Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
tuilleadh-moille-i-ndan-don-bhille-teanga-mar-thoradh-ar-shrianta-covid-19-i-dtithe-an-oireachtais-<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>

Tuilleadh moille i ndán don Bhille Teanga mar thoradh ar shrianta Covid-19 i dTithe an Oireachtais

Tá gach cuma ar an scéal go mbeidh tuilleadh moille ar an gcéad chéim eile d’aistear an Bhille Teanga trí Thithe an Oireachtais.

Bhí an bille le tabhairt os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais Dé Céadaoin seo chugainn, an 20 Eanáir, chun na leasuithe atá molta air a phlé ach meastar anois go gcuirfear an obair sin ar athlá de bharr na srianta nua atá tugtha isteach i dTithe an Oireachtais mar thoradh ar an Covid-19.

Sheol an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl, litir chuig cathaoirligh na gcoistí uile tar éis na Nollag inar impigh sé orthu gan cruinnithe a eagrú i seomraí coiste an Oireachtais an mhí seo mura raibh géarghá leo.

Is féidir na cruinnithe a reáchtáil ar líne go fóill ach bheadh dúshláin ar leith i gceist leis an obair atá le déanamh ar an mBille Teanga a dhéanamh go fíorúil.

Deir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, cathaoirleach Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, go bhfuil cruinniú den choiste a reáchtáil ar líne inniu chun rogha a thabhairt do na baill leanúint ar aghaidh leis an obair go fíorúil nó í a chur ar athlá go dtí mí Feabhra.

Is maith an seans go ndéanfar cinneadh an obair a chur siar go dtí an mhí seo chugainn.

Cé go mbeadh an coiste in ann cruinniú fíorúil a reáchtáil, bheadh ar na baill uile a bheith i láthair i dTithe an Oireachtais féin seachas a bheith ag obair ón mbaile chun cloí leis na rialacha a bhaineann le pribhléid na Dála. 

Meastar go bhféadfadh cruinnithe fíorúla fadhbanna ateangaireachta a chruthú chomh maith. Is é Danny Healy-Rae an t-aon Teachta Dála nach bhfuil Gaeilge aige atá ar an gcoiste.

Ní raibh seirbhís ateangaireachta ar fáil ó bhunaíodh Coiste na Gaeilge an fómhar seo caite mar go raibh an spás a bhí ar fáil d’ateangairí i seomraí na gcoistí róbheag le cloí le srianta an Covid-19. Bhí obair le cur i gcrích i rith na Nollag chun an fhadhb sin a leigheas, áfach, agus é i gceist go mbeadh an tseirbhís ar fáil nuair a fhillfí ar sheomraí na gcoistí.

Deir Aengus Ó Snodaigh go bhfuil díomá air go bhfuil an chuma ar an scéal go gcuirfear an obair ar an mbille siar ach go bhfuil an coiste tiomanta do chur i gcrích na hoibre.  

“Tá an chosúlacht air go mbeidh tuilleadh moille ann agus is cúis díomá é sin dom. Tá muid ar fad ar bís chun tús a chur leis seo agus féachaint an bhfuil muid in ann leasú a dhéanamh ar an mbille chun go mbeadh sé níos foirfe agus níos téagartha don lá atá inniu ann,” arsa cathaoirleach an choiste.

“Tá mise ag tnúth, más féidir in aon chor, teacht tríd mhí Eanáir agus ansin tosú agus díriú isteach i gceart ar an obair mí Feabhra.” 

Deir Ó Snodaigh go bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh an bille “críochnaithe agus achtaithe chomh luath agus is féidir” ach tá sé den tuairim go mbeidh obair míosa ann don choiste chun an bhreis agus 300 leasú atá molta ar an mbille a phlé.

De ghnáth, d’fhéadfaí cúpla cruinniú lae a reáchtáil chun an obair uile a dhéanamh taobh istigh de chúpla lá ach, mar thoradh ar na rialacha atá i dTithe an Oireachtais maidir leis an Covid-19, ní féidir le coistí cruinniú le chéile ach ar feadh dhá uair an chloig faoi dhó sa tseachtain.

Gealladh i gclár an rialtais go mbeadh bille nua achtaithe roimh dheireadh 2020 ach is beag dul chun cinn atá déanta le roinnt míonna anuas.

Chuaigh an bille tríd an dara céim sa Dáil ar an 8 Deireadh Fómhair ach bhí moill ann nuair a sheol an tAire Stáit Jack Chambers an bille nua go dtí an coiste mícheart, botún nár ceartaíodh go ceann roinnt seachtainí ina dhiaidh sin.

Bhí sé i gceist ansin go gcuirfeadh Coiste na Gaeilge tús lena chuid oibre ar an mbille mí na Nollag ach ní raibh na leasuithe uile atá molta aistrithe in am.

Tá pobal na Gaeilge ag fanacht le fada ar an reachtaíocht nua teanga a gealladh den chéad uair in 2011.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge