Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-da-n-osclofai-caife-amarach-ni-chuirfeadh-covid-na-carghas-cosc-orm

Dá n-osclófaí caifé amárach ní chuirfeadh Covid ná Carghas cosc orm

| aifric ni scolai |

Ní dhearna mé aon rún athbhliana i mbliana. Níor cheap mé go mb’fhiú dom é. Bhí mí Eanáir fuar agus gruama agus ní raibh fonn dá laghad orm ligean orm féin go raibh mé ag dul nósanna nua a chruthú thar oíche. Anuraidh, níor bhain mé oiread is ceann amháin acu amach, cé go raibh pleananna móra agam i dtús na bliana. (Bhí mé óg agus soineanta, cheap mé go raibh bliain mhór mhaith amach romhainn). 

Don Charghas anuraidh, gheall mé go stopfainn ag ól caife – agus ag ceannacht na muifíní/brioscaí/agus araile a bhíonn leagtha amach go mealltach ag cuntar an chaifé. Bhí mé ag caitheamh mo chuid airgid uilig i gcaiféanna na hOllscoile ag ceannacht mugaí milse mocha agus cheap mé go raibh sé thar am agam stopadh. Ní haon áibhéil é a rá go mba chustaiméir rialta mé i gCaife na Gaeilge (ar son na cúise, dar ndóigh) — bhí mo chuid ama roinnte go maith agam idir sin agus béar na hollscoile. 

Ba mhinic a shiúlainn isteach i mo rang Fraincise go ciúin ar maidin, is mé cúpla nóiméad mall, muigín glas so-aitheanta an chaifé béal dorais i mo lámh agam agus mo chloigeann fúm agam le súil is nach ndéarfadh an léachtóir tada. 

D’aithneofaí go maith orm go raibh mé th’éis an rogha a dhéanamh fanacht sa scuaine le shot caiféine a fháil seachas a bheith sa rang in am, ach bhíodh mé ag fáil bus a 424 go Gaillimh ag a leathuair th’éis a seacht chuile mhaidin. Bhí sé tuillte agam! 

Ach tháinig athrú ar sin uilig ar Chéadaoin an Luaithrigh nuair a chaith mé uilig in aer é. Ní bhíodh aon mhuga in-athúsáidte ag gabháil thart orm, ná leithscéal ar bith le bheith mall. Is oth liom a rá nár chiallaigh sé sin go mbeinn i gcónaí in am ach sin scéal eile. Mór an mhaith gur chaith mé in aer é freisin, shábháil mé mo chuid pínneacha bhí ag teastáil go géar uaim agus mé i mo chónaí sa mbaile. Tá meaisín beag anois agam le cúr ar chur ar bhainne, agus déanfaidh me barista maith fós. B’fhéidir le barr ar chur ar rudaí go bhfoghlaimeoinn cúpla cleas le ealaín chaifé a dhéanamh. 

Rith sé liom inniu, agus is bocht an scéal é, go bhfuil mé an méid céanna ama caite agam ar ollscoil ar líne is atá agam ar campas. Tá aiféala anois orm gur dhiúltaigh mé cupán caifé ar bith. Mar sin ní bheidh mé ag déanamh an Charghais ar thada i mbliana. Beidh cairde liom á dhéanamh ar rudaí éagsúla, agus fair plé dóibh, ach tá ceacht foghlamtha agamsa ón mbliain seo caite. Taitneamh a bhaint as an méid atá ar fáil duit, mar sin ólfaidh mé an chaifé agus úsáidfidh mé na giuirléidí caifé éagsúla atá bailithe agam le bliain, ach dá n-osclófaí caifé amárach, ní chuirfeadh Covid ná carghas stop liom. 

Níos mó