Deir an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill gur botún atá ann a cheapadh nach bhfuil aon tábhacht ag baint leis an mBille Teanga atá á phlé i dTithe an Oireachtais faoi láthair.
In alt leis a foilsíodh ar an Irish Times ar maidin easaontaíonn an Coimisinéir Rónán Ó Domhnaill le háiteamh a rinne an sochtheangeolaí aitheanta faoin reachtaíocht teanga ar an nuachtán céanna.
San alt sin, mhaígh Conchúr Ó Giollagáin go raibh an Stát ar tí tabhairt faoi “another bout of outcome-blind public spending on Irish” agus gurb é a fhianaise sin an “bureaucratic wrangling” sa Dáil faoin “largely irrelevant Official Languages Bill…”
Ach deir an Coimisinéir go bhfuil dul amú ar an sochtheangeolaí sa chás seo agus go bhfuil an reachtaíocht teanga “ríthábhachtach”.
“Glactar leis go coitianta go dteastaíonn Acht Teanga níos láidre go géar uainn chun cosaint a thabhairt do chearta teanga mhuintir na Gaeltachta.
“Agus cé gur léir nach leor aisti féin aon reachtaíocht teanga, tuigeann saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta sa réimse seo go bhfuil an reachtaíocht teanga ríthábhachtach má táthar le pobal teanga a chosaint agus a neartú.”
Deir an Coimisinéir gur “ábhar iontais” dó cuid den tuairimíocht a bhí ag an Ollamh ina alt ar an Irish Times.
“Níorbh aon ábhar iontais dea-thaighde agus argóintí bríomhara an Ollaimh, ach b’aisteach liom éirim na hargóna gur cailicéireacht reachtaíochta a bhí sna díospóireachtaí faoin nGaeilge i dTithe an Oireachtais agus go raibh Bille na dTeangacha Oifigiúla ‘neamhábhartha den chuid is mó’,” a deir an Coimisinéir.
Maíonn sé gur léirigh na tuarascálacha atá foilsithe ag a Oifig le blianta beaga anuas gur “géire anois ná riamh” an riachtanas Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a neartú.
“Ní ghéillim go bhfuil rogha le déanamh idir forbairt phobal na Gaeltachta agus cur le stádas reachtúil na Gaeilge. Go deimhin, tá an dá rud fite fuaite lena chéile,” arsa an Coimisinéir Teanga.
Maíonn sé nach bhfuil “aon ní siombalach” faoi na fiosruithe agus na gearáin a dhéantar le hOifig an Choimisinéara Teanga.
“Gnáthchonstaicí i ngnáthshaol daoine sa Ghaeltacht agus lasmuigh di a bhíonn á bhfiosrú againn. Is rud an-ábhartha do dhuine é go ndéanfaí sárú ar a chearta teanga.”
Deir an Coimisinéir Teanga gur “éileamh dlisteanach ábhartha” é go gcuirfí seirbhísí stáit trí Ghaeilge ar fáil do dhaoine.
“Is chuige sin atá an reachtaíocht leasaithe,” ar sé.
Ina alt a foilsíodh an tseachtain seo caite, dúirt an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin nach raibh sa bhille teanga ach “the latest version of token State provision to bolster the symbolic status of Irish – legislative fiddling while Rome burns”.
Mhaígh sé gur cosúil gur beag spéis a bhí ag “Gaeltacht officialdom” i ngalldú leanúnach na Gaeltachta.
“The symbolic civic promotion of Irish without protecting existing communities of Irish speakers has enabled English-language majoritarianism to flourish in the social geography of the Gaels,” ar sé.
“Potemkin Gaeltacht” a bheadh againn sara fada mura dtiocfadh athrú mór ar chúrsaí, a mhaígh an sochtheangeolaí.
Mhol sé go gcuirfí deireadh le Roinn na Gaeltachta agus Údaras na Gaeltachta mar atá agus go mbunófaí iontaobhas phobal na Gaeltachta agus ciste forbartha na Gaeltachta.