Tá Pádraig Ó hAoláin, iar-Phríomhfheidmeannach Údarás na Gaeltachta, tar éis bháis.
Cumadóir amhrán ab ea Pádraig Ó hAoláin chomh maith agus i measc na n-amhrán a chum sé bhí Cóilín Phádraig Shéamis agus Cumha. I gCloch Shiúrdáin i gcontae Thiobraid Árann a tógadh é, ach bhog sé go dtí Gaeltacht Chonamara i 1970 agus is ann a thóg sé a clann le Gaeilge agus a chaith sé an chuid eile dá shaol.
Dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta agus Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach na heagraíochta gur “údar mór bróin” bás an iar-Phríomhfheidhmeannaigh.
“Ceannaire cumasach, tuisceanach, cineálta a bhí i bPádraig. Fear pobail agus fear Gaeltachta go smior a bhí ann, cé gur tógadh i dTiobraid Árann é.
“Chaith sé a shaol ag obair sa dóigh is nárbh é ‘an long anonn’ a bheadh i ndán do mhuintir na Gaeltachta agus tá muid go mór faoi chomaoin aige.
“Thar ceann Údarás na Gaeltachta, ba mhaith linn ár gcomhbhrón ó chroí a dhéanamh lena bhean, Betty, lena gclann agus lena chairde go léir. Leaba i measc na naomh go raibh aige.”
Cé gur raibh suim sa Ghaeilge aige agus é ag fás aníos i dTiobraid Árann is le linn tréimhse a chaith sé ag obair i Sasana ag deireadh na 1960idí a cuireadh an síol dá shaol sa Ghaeltacht.
Bhíodh sé ag obair thall ar thógáil na dtollán in éineacht le muintir Chonamara agus muintir Dhún na nGall, dream a ndeachaigh a dteanga agus a ndúchas Gaeltachta i bhfeidhm go mór air. Chomh maith leis sin, ba í an tréimhse sin agus an “patrún leanúnach imirce” a bhain le Conamara a spreag an t-amhrán is cáiliúla a chum sé, Cóilín Phádraig Shéamuis.
“Rith sé liom go raibh sé sa gcinniúint ag muintir Chonamara, go gcaithidís imeacht, go raibh an bád bán ag fanacht leo ón lá a rugadh iad agus go raibh ar chuile Chóilín Phádraig Shéamuis imeacht agus na rudaí a raibh cleachtadh acu orthu, rudaí a bhí sa nádúr acu, idir an teanga, an fharraige, an portach agus saol dúchais na Gaeltachta a thréigean. B’as sin a tháinig sin,” a dúirt sé.
Nuair a d’fhill sé ar Éirinn i 1968 chríocnaigh sé a chéim in Ollscoil Bhaile Átha Cliath agus thug sé cúpla bliain ina dhiaidh sin mar mhúinteoir i gColáiste Belvedere.
Bhog sé go dtí Gael Linn i 1970 chun cúrsaí a theagasc dóibh ach an tseachtain chéanna a thosaigh sé sa phost sin d’iarr Gaeltarra Éireann ar Ghael Linn comhairleoir teanga a chur ar fáil dóibh agus roghnaigh sé bogadh siar go Conamra lena chlann.
Ceapadh ina bhainisteoir ar rannóg na dtionscal Gaeltachta é ina dhiaidh sin. Ba le linn dó a bheith sa phost sin a iarradh air dul ar iasacht ó Ghaeltarra go dtí Comharchumann Chois Fharraige. Ocht mbliana a chaith sé mar bhainisteoir ar an gcomharchumann.
Nuair a d’fhill sé ar Údarás na Gaeltachta, a bunaíodh i 1980 in áit Gaeltarra, ceapadh ina bhainisteoir cumarsáide é post a bhí aige go dtí an bhliain 2000. Bhí cáil mhór air le linn na tréimhse seo agus ina diaidh as a scileanna cumarsáide agus as a chumas obair an Údaráis a chur chun cinn agus a chosaint go diongbháilte nuair ba ghá.
Ceapadh é mar Leas-Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta ansin agus ba é a bhí freagrach as an bhforbairt réigiúnach. In 2005 rinneadh Príomhfheidhmeannach de agus chuir sé roimhe athruithe bunúsacha a dhéanamh ar an eagraíocht.
Bhí baint ag Pádraig Ó hAoláin le gach uile chineál togra, idir bheag agus mhór, le linn a shaoil sa Ghaeltacht. Bhí sé, mar shampla, ar dhuine de na daoine ba mhó in Údarás na Gaeltachta a chreid in aisling na teilifíse Gaeilge agus chinntigh sé féin agus daoine eile go ndéanfadh an eagraíocht airgead mór a infheistiú i dtógáil tionscal closamhairc sa Ghaeltacht.
Bhí lámh mhór aige chomh maith i bhforbairt Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Maidir le cur chuige an Údaráis ó thaobh fostaíochta de chuir sé roimhe go leagfaí béim i bhfad níos mó ar thacaíocht a thabhairt do ghnóthaí beaga a mbeadh níos lú ná deichniúr ag obair iontu seachas ar mhonarchana móra a mbeadh cúpla céad duine ag obair iontu.
An dochar a d’fhéadfadh an cineál sin monarchan a dhéanamh don Ghaeltacht is téama dá amhrán Cumha. Thosaigh sé ag cur béime chomh maith ar an bpleanáil teanga áitiúil mar bhealach chun an Ghaeltacht a thabhairt slán, cur chuige a tháinig i réim faoi dheireadh blianta ina dhiaidh sin.
Ní raibh lá aiféala air gur bhog sé go Conamara i 1970 agus gur thug sé a shaol oibre ag plé leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht.
“Theastaigh uaimse teacht ag obair anseo, theastaigh uaim féin mo chuid féin a dhéanamh leis an teanga seo a threisiú agus a neartú agus, lena chois sin, mo shaol féin a chaitheamh ar an mbealach seo mar tá saol an-sásúil gairmiúil agam chomh maith. Ní cros í seo atá le hiompar!” a dúirt sé in 2006.