Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinnte
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-‘cosnaitear-mna-gorma,-cosnaitear-aisigh-ban,-cosnaitear-gach-bean’

‘Cosnaítear mná gorma, cosnaítear Áisigh ban, cosnaítear gach bean’

| Isla Callister |

Rabhadh: san alt dátheangach seo, pléann ár gcolúnaí Gaelg, Isla Callister, na hionsaithe a rinneadh in aghaidh na mban i Sasana agus i Meiriceá le deireanas agus luaitear an banéigean.

Raaue greain: imraa jeh soiaghey commyssagh as goaill er egin

Foilsítear colúin Isla anseo i Manainnis agus i nGaeilge (Gaeilge thíos).


Ta Mee Vayrnt cowraghey ‘Mee Eddyr-Ashoonagh Shennaghys Vraane’ mygeayrt y theihll, as dy bunneydagh, va mee son screeu mychione mraane Vanninagh trooid shennaghys as jannoo ard- eailley jeh nyn mea. Agh eisht, va Sarah Everard er ny geid as marroo liorish meoir-‘shee’, ren gunneraght-vooar ayns Atlanta targad ass mraane Aishanagh, as va staddyssaght noa currit magh gra dy vel 97% dy vraane yn eash aym nyn dreihyn jeh boiraneys comyssagh.

My ren y vee shoh red erbee, hug eh baght er yn foddid ta roin ayns dellal lesh keinteeaghys, misodjinnaght as raghlid noi mraane. She çhingys theayagh shen hene, gyn vacseen dy chur couyr da.

Ayns yn Reeriaght Unnaneyssit, oddagh oo nish ve ayns pryssoon rish tammylt sodjey dy jinnagh oo jeeyl da jalloo grainnit na dy goghe oo peiagh er egin. My she jeh deiney ta 79% dy yallooyn grainit, as ta’n chooid smoo dy ghreihyn ta goit er egin nyn mraane, cre ta shoh ginsh dhyt mychione quoi as cre er ta’n reiltys thoree cur feeuid?

C’red t’eh ginsh dhyt tra va keeadyn dy lhiantee bluckan-coshey stiurit trooid Glaschu ayns shee as ad jeeylley binkyn-cooinaght, agh va mraane ec farrar sheeoil son Sarah Everard ayns Lunnin greimmit, tayrnit as goit?

C’red t’eh ginsh dhyt tra va’n ’reggyrt gys ymmoddee mraane loayrt er-ard mychione ny taghyrtyn jeh boiraneys as soiaghey comyssagh noi oc hene lurg dunverys Sarah, “cha nee dagh dooinney t’ayn” as “vrie shiu son echey” as “cha lhisagh shiu goll magh er yn oie”?

T’eh ginsh dooys dy nee seihll troggit er misodjinnaght shoh. Seihll ta fendeil deiney harrish dreihyn jeh raghlid yn ard-ayrys.

Agh cre yn ansoor? C’raad ta shin goaill toshiaght lesh cur jerrey er misodjinnaght as raghlid noi mraane?

Hoshiaght, t’eh scanshoil dy chur yn ennym kiart er – raghlid gheiney noi mraane. Ta shoh goaill stiagh dunverys vraane as inneenyn, as raghlid comyssagh. Cha nel mraane jannoo eh dauehene as er y chooid smoo, she deiney ny jantee jeh’n raghlid shoh. Cha nel shoh dy ghra nagh vod deiney ve nyn dreihyn jeh raghlid comyssagh as cha nee eab er slaa dagh dooinney lesh yn skeaban cheddin shoh. She cuirrey t’ayn dy ve ny ayrn jeh’n choloayrtys, as yn ansoor.

Ta raghlid noi mraane taghyrt er ymmoddee aghtyn ’sy theay. Ta’n vun jeh ry-gheddyn ayns smooinaghtyn as credjueyn kienteeagh as misodjinnagh. Ta shen dy ghra; cur foill er y dreih, cur nearey er ‘sluht’, injillaghey kirpey, so-loayrtaght “bee guillyn guillyn” as jannoo red jeh mraane. Ta reddyn myr shoh cadjiney raghlid noi mraane as scughey nyn hene-reill. Ta ny h-eirtyssyn raghlid breearagh gollrish boiraneys comyssagh, as raghlid corpagh gollrish soiaghey as drogh-ymmyd comyssagh, goaill er egin as dunverys vraane.

Dy ghellal lesh bun raghlid cheintyssagh as dy chur jerrey er, shegin dooin doolaney ny smooinaghtyn as credjueyn misodjinnagh tra ta shin fakin ad, er-lheh my she dooinney uss. Ceau ourys er dty chaarjyn my ta’d gra red ennagh neuchooie, ceau ourys er spotçhyn mychione goaill er egin. Scuirr veih ve caarjyn da caartreyderyn, scuirr veih gobbragh mâroo. Cur enn er dty ard- cheim, jean ymmyd jeh as cur edjaghys dhythene. Eaisht rish mraane. Creid mraane. Cooin lesh mraane.

Ta kienteeaghys, misodjinnaght as raghlid noi mraane nyn reddyn lhieu ta dagh ben dellal ayns nyn mea, agh s’feer nagh vel ny taghyrtyn cheddin ec dagh ben neesht. C’red ta taghyrt rish mraane ta dellal lesh kynneeaghys? C’red ta taghyrt roosyn ta dellal lesh feoh-trans?

Ayns 2015, hooar studeyrys Americaanagh magh dy row mraane ghoo daa cheayrt dy lieh cho licklee dy gholl er dunverey liorish dooinney na mraane vane, as ayns ny h-Americaghyn, ta jerkallys-vea vraane trans jeh daah 30-35 bleeaney d’eash. Ta loghtyn-feoh noi-Aishanagh girree neesht, as va bunnys 70% dy haghyrtyn imraait noi-Aishanagh yn vlein shoh chaie noi mraane. Ta’n staddysaght ayn, as s’feer dy vel mraane jeh daah, goaill stiagh mraane trans, gortit smoo liorish raghlid ard-ayragh as kiondeeaght vane. Va’n ghunneraght-vooar ayns Atlanta ny sampleyr atçhimagh jeh shoh.

Choud’s ta’n churrym smoo lhie er deiney dy chloie paart breeoil ’sy chaggey noi misodjinnaght as cur jerrey er raghlid noi mraane, ta mraane vane gollrhym-pene, currymagh son jannoo shickyr dy vel mraane jeh daah, mraane trans as adsyn jeh jender mynlagh goit stiagh ’sy choloayrtys. Cha nodmayd ve teihyssagh ayns nyn eulys noadyr, as ta feme ain jannoo ymmyd jeh nyn ard- cheim dy hassoo son mraane jeh daah as cur jerrey er raghlid noi dagh ben.

Quoid dy vraane shegin daue ve marrooit roish my vees caghlaa ayn?

Coadee mraane doo, coadee mraane Aishanagh, coadee dagh ben.

Táthar ag ceiliúradh ‘Mhí Idirnáisiúnta Stair na mBan’ timpeall an domhain i mí an Mhárta agus, go bunúsach, bhí mé le scríobh faoi Mhanannaigh ban tríd an stair agus a mbeatha a cheiliúradh. Ach ansin cúisíodh póilín (maor ‘síochána’ i Manainnis) as Sarah Everard a fhuadach agus a mharú, lámhachadh Áisigh mhná, agus foilsíodh staitistic nua go bhfuil 97% de mo chomhaoisigh ban ina n-íospartach ciaptha gnéis. 

Má rinne an mhí seo rud ar bith, thug sé léargas ar an bhfad atá romhainn agus muid ag déileáil leis an ngnéasachas, an fuath ban, agus an bhrúidiúlacht in aghaidh ban. Is paindéim ann féin é sin, agus gan vacsaín lena haghaidh.

Sa Bhreatain anois, b’fhaide a t-achar a chaithfeá sa phríosún as dochar a dhéanamh do dhealbh ná as duine a éigniú. Más fir iad 79% de na dealbha, agus más mná iad an chuid is mó d’íospartaigh an éignithe, céard a léirítear sa mhéid sin faoi na daoine agus na rudaí a gcuireann rialtas na dToraithe luach orthu?

Céard a léirítear nuair a bhíonn na céadta leantóirí sacair á stiúradh go síochánta trí Ghlaschú agus iad ag déanamh damáiste do bhinsí cuimhneacháin, ach gur buaileadh, bascadh agus gabhadh na mná a bhí ag bigil shíochánta ar son Sarah Everard?

Céard a léirítear nuair ba iad na freagraí a tugadh ar mhórán ban a labhair os ard i ndiaidh dhúnmharú Sarah faoin gciapadh agus ionsaithe gnéis ina n-aghaidh féin “ní gach fear atá ann” agus “bhí sibh á lorg” agus “níor chóir daoibh dul amach san oíche”.

Léirítear domsa gurb é an fuath ban bunchloch an tsaoil seo. Saol ina gcosnaítear fir thar íospartaigh bhrúidiúlacht na patrarcachta. 

Ach céard é an freagra? Cá dtosóidh muid agus muid ag cur deireadh leis an bhfuath ban agus an bhrúidiúlacht in aghaidh ban?

Ar dtús, tá sé tábhachtach an t-ainm ceart a thabhairt air – foréigean fear in aghaidh ban. Tá dúnmharú ban agus cailíní agus an bhrúidiúlacht ghnéasach i gceist anseo. Níl mná á dhéanamh dóibh féin agus den chuid is mó i fir a bhíonn i mbun an fhoréigin seo. Ní hin le rá nach bhfuil fir ann ar íospartaigh den bhrúidiúlacht ghnéis iad agus ní iarracht é gach fear a fhliuchadh in aon chith amháin. Is cuireadh atá ann a bheith mar chuid den chomhrá, agus mar chuid den fhreagra.

Tá foréigean in aghaidh ban ag tarlú ar iliomad bealaí i measc an phobail. Tá sé le fáil i smaointe agus tuairimí gnéasaíocha frithbhanda. Is é sin le rá – an locht á chur ar an íospartach, ‘raiclí’ á náiriú, mná á náiriú faoina gcolainn, ‘sin iad na fir agat’ á rá, agus rud á dhéanamh de mhná. Is samplaí den ghnáthfhoréigean in aghaidh ban agus cealú an neamhspleáchais iad na rudaí seo. Is iad torthaí na rudaí seo uilig íde béil ar nós  ciapadh gnéis, agus foréigean fisiciúil ar nós ionsaithe gnéis, banéigean agus dúnmharú ban.

Más fúinn déileáil leis an bhforéigean gnéis agus deireadh a chur leis, is éigean dúinn na smaointe agus tuairimí frithbhanda seo a cheistiú nuair a fheiceann muid iad, go háirithe más fear thú. Ceistigh do chuid cairde má deir siad rud éigin mí-oiriúnach, ceistigh jócanna faoin mbanéigean. Ná bí mór le mí-úsáideoirí gnéis, agus ná hoibrigh leo. Aithin an phribhléid atá agat, agus úsáid í le hoideachas a chur ort féin. Éist le mná. Creid mná. Cabhraigh le mná. 

Bíonn gach bean ag déileáil leis an ngnéasaíochas, an fuath ban, agus an foréigean in aghaidh ban, ach is fíor nach ionann cás gach mná. Céard atá ag tarlú do mhná atá thíos leis an gciníochas freisins? Céard atá ag tarlú do mhná atá thíos leis an trasfhóibe?

In 2015, fuarthas i staidéar Meiriceánach go bhfuil an baol ann go ndúnmharódh fear bean ghorm dhá oiread níos mó ná an baol a bhí ann do mhná geala, agus i gCríocha Mheiriceá, ní mhaireann mná tras ach 30-35 bliain d’aois ar an meán. Tá coireanna fuath in aghaidh na nÁiseach ag éirí níos coitianta freisin, agus ba mhná a bhí i gceist i mbeagnach 70% de na hionsaithe in aghaidh Áiseach anuraidh. Tá na staitisticí ann, agus is fíor gurb iad na mná de chiníocha daite, lena n-áirítear mná tras, is mó a ghortaítear de bharr na brúidiúlachta patrarcaigh agus ardcheannas an chine ghil. Ba shampla uafásach de seo an lámhach mór in Atlanta. 

Caithfidh mná geala, cosúil liom féin, déanamh cinnte go bhfuil mná de chiníocha daite, mná tras, agus daoine a bhfuil inscne mhionlaigh acu san áireamh sa chomhrá. Ní féidir linn dreamanna áirithe a fhágáil ar leataobh, agus is gá dúinn ár bpribhléid féin a úsáid leis an bhfód a sheasamh ar son na mban de chiníocha daite agus deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh gach mná. 

Cé mhéad bean a dhúnmharófar sula n-athrófar cúrsaí?

Cosnaítear mná gorma, cosnaítear Áisigh ban, cosnaítear gach bean. 

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge