Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinnte
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-‘fearg’-agus-‘dioma’-faoi-agallamh-ar-rnag-ina-‘ndearnadh-beag-is-fiu’-d’imni-fir-aeraigh

‘Fearg’ agus ‘díomá’ faoi agallamh ar RnaG ina ‘ndearnadh beag is fiú’ d’imní fir aeraigh

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Ní mó ná sásta a bhí fear aerach Gaeltachta a cuireadh faoi agallamh ar an gclár Conallach Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin “dóigh ar caitheadh [leis]” ar chlár na maidine. Bhí Antoin Beag Ó Colla as Machaire Rabhartaigh i bhfíorthuaisceart Dhún na nGall faoi agallamh ag iarcheannaire RTÉ RnaG, Edel Ní Chuireáin, faoin méid a bhí le rá aige ar chlár eile de chuid an stáisiúin Gaeltachta aréir. 

Agus é ag caint le Fachtna Ó Drisceoil ar an gclár Tús Áite tráthnóna Dé Máirt, thug Antoin le fios go bhfuil drogall air filleadh ar a bhaile dúchais i nGaeltacht Thír Chonaill mar gheall ar an homafóibe sa cheantar. Tugadh cuireadh dó tuilleadh eolais faoina thaithí mar dhuine aerach Gaeltachta a thabhairt ar phríomhchlár an tuaiscirt ar maidin. 

Tá cáineadh géar déanta ar an gcaoi ar dhéileáil láithreoir an chláir Barrscéalta, Edel Ní Chuireáin, leis an ábhar agus an chaoi ar chaith sí le hAntoin agus é ag inseacht di faoi rudaí a tharla dó agus é ag fás aníos i Machaire Rabhartaigh agus ar an bhFál Carrach. 

“Nuair a iarraidh orm mo thuarimí a thabhairt, chuir an láithreoir isteach ar mo chuid cainte achan uair. D’inis mé an fhírinne agus níor theastaigh ón láithreoir ach beag is fiú a dhéanamh den taithí a bhí agam. Níor thuig mé cá tuighe. 

“Cuireadh an taithí a bhí agamsa i gcomparáid le haeraigh eile as an áit le seiceáil an raibh mo thaithí bailí. Nuair a luaigh mé gur ciapadh i gclubanna oíche san áit, dúradh liom gur fadó a tharla sé. Níor thuig mé go gcaithfí an taithí atá agam a chainníochtú le go nglacfaí léi,” a scríobh Antoin ar a chuntas Twitter i ndiaidh an agallaimh inniu. 

Labhair Antoin faoi imeacht a tharla dó i nGaeltacht Thír Chonaill aimsir na Nollag in 2019, an uair dheireanach a bhí na tithe tábhairne ar oscailt agus é sa bhaile. Dúirt sé go raibh fir “idir 25 agus 45 bliain d’aois” sa teach tábhairne a raibh sé féin ann agus “gur léir nach raibh siad ag iarraidh mé a bheith istigh sa phub” agus go ndúirt siad “rudaí faoina anáil” agus é ag fágáil. 

Dúirt Antoin go bhfuil an homafóibe níos measa ina cheantar dúchais ná mar atá mar atá i mBaile Átha Cliath, mar a bhfuil sé ina chónaí le sé bliana anuas nó mar sin. Agus an méid sin ráite aige, d’fhiafraigh Edel Ní Chuireáin “an nglacann [sé] leis gur chaith tú smál ar [a] mhuintir féin?” agus ar phobal Mhachaire Rabhartaigh agus an Fháil Charraigh “pobal beo bríomhar fáilteach cairdiúil”. 

Bhain ceist an láithreora siar as Antoin ach dúirt sé arís eile gurb í a thaithí féin í go bhfuil go leor homafóibe ina cheantar dúchais agus nach raibh sé ar a shuaimhneas ag teacht abhaile chun cónaí ann go fadtéarmach.

“Sílim go raibh 16 vóta faoi choinne [an chomhionannais pósta i Machaire Rabhartaigh] agus 150 nó 200 vóta ina éadan. Sin muintir an bhaile s’agam féin ag rá nach bhfeiceann siad mise mar dhuine comhionann leo féin. Sin sampla eile den homafóibe atá thart, ní thuigim cá tuighe a mbeadh duine ar bith sa tír atá ag iarraidh fear eile a phósadh ag cur isteach ar [mhuintir na háite]. Tá daoine i Machaire Rabhartaigh agus an Fál Carrach go deas ach ag an am céanna sílim go bhfuil siad rud beag ignorant faoi dhaoine atá aerach,” a dúirt sé. 

Chuir úsáid an fhocail ‘ignorant’ isteach go mór ar Edel Ní Chuireáin agus mhaígh sí go raibh sé “rud beag tromchúiseach” mar fhocal le cur síos a dhéanamh ar na daoine a chiap agus chéas Antoin mar gheall ar a chlaonadh collaí. 

“Á ní maith liom an focal sin, ní maith liom an focal sin ignorant a Antoin, le do thoil,” a dúirt sí leis. 

D’fhiafraigh an láithreoir de ansin an nglacann sé leis go bhfuil “dearcadh difriúil ag daoine, cha dtig linn uilig a bheith cosúil lena chéile agus nár mhaith dá mbeadh” agus go bhfuil daoine ann “nach nglacfaidh le homaighnéasach, bíodh sin ina fhear nó ina bean, a choíche agus sin nádúr an tsaoil agus nádúr an duine?”.

Dúirt Antoin nach mbíonn sé féin “róshásta” le daoine mar sin ach an oiread agus nach leis-sean a bhaineann an fhadhb má bhíonn “fadhb [ag duine] le duine eile atá ina shuí, nach bhfuil ag déanamh a dhath ar bith ort”. 

“Sin fadhb s’acusan, níl mise ag iarraidh a bheith thar air sin agus níl mise ag iarraidh go gcuirfeadh sé sin isteach ar an saol s’agam féin. Tá mise ag iarraidh a bheith i mo chónaí sa bhaile, rud s’agam féin a dhéanamh agus a bheith mar chuid den phobal. Sílim go mbeadh deacrachtaí ann é sin a dhéanamh agus mé i m’fhear aerach thuas sa bhaile,” a dúirt sé. 

Tugadh daoine eile isteach sa chomhrá ansin: Seán Mac Gairbheith a bhfuil taighde agus staidéar déanta aige ar eispéiris na ndaoine óga aeracha i gceantar tuaithe an iarthuaiscirt agus Seán Mac Ruairí, fear aerach atá ina chónaí i gceantar eile Gaeltachta i dTír Chonaill. 

Mhaígh Antoin ar Twitter gur iarracht a bhí sa mhéid sin an t-eispéireas a bhí aige féin a chur i gcomparáid le heispéireas daoine eile, agus nár chóir é sin a dhéanamh. 

Cháin an Seanán Mac Aoidh ón eagraíocht Misneach agus Eoin Mc Evoy ón ngrúpa AerachAiteachGaelach cur chuige agus modh ceistithe Edel Ní Chuireáin go láidir tráthnóna. 

“Tá an-fhearg agus díomá orm théis dom éisteacht leis an agallamh a rinne Antoin ar Barrscéalta inniu. Níor thug an láithreoir a cheart d’Antoin in aon chor. Tá sé tábhachtacht cinnte do cheantar a chur chun cinn agus a chosaint ach ní hionann sin is neamhaird a dhéanamh ar fhadhbanna do cheantair agus na fadhbanna sin á dtuairisciú ag duine arb as an gceantar é.

“Duine as an gceantar a d’fhulaing bulaíocht fad a shaoil as bheith aerach, má deir sé leat go bhfuil homafóibe sa gceantar sin, in ainm Dé ná habair leis gurb eisean atá ag tarraingt ‘smál’ ar an gceantar. Na maistíní a chothaigh an trioblóid d’Antoin is atá tar éis eagla a chur air filleadh abhaile, is iadsan atá tar éis smál a tharraingt ar an gceantar agus ní mór a n-iompar a cháineadh go neamhbhalbh ar an raidió. Tá dea-thoil léirithe ag formhór an cheantair, ach is mór an faillí é an dubh a chur ina bhán, ligean ort nach bhfuil fadhb ann ar gá aghaidh a thabhairt uirthi agus diúltú do scéal ó bhéal duine a bhfuil taithí phearsanta ar na cúrsaí seo,” a dúirt Eoin Mc Evoy. 

Dúirt Seanán Mac Aoidh ó chraobh Thír Chonaill na heagraíochta Misneach  gur “baineadh siar as” agus é ag éisteacht leis an agallamh agus gur “beag bá” a léiríodh leis ar an gclár. 

I measc na ndaoine eile a cháin an t-agallamh a chur ar Antoin Beag bhí an comhairleoir contae as Baile Átha Cliath Peadar Ó Caomhánaigh.

“Is féidir le mionphobal ar bith bheith ró-chosantach i gcónaí, go háirithe nuair a cháintear iad. Ach caithfear bheith airdeallach nach ngoilleann an chosaint sin ar mhionphobail eile. Dlúthpháirtíocht le mo chara Antóin as a scéal a roinnt. Grá mór,” a dúirt an comhairleoir neamhspleách le hAntoin ar Twitter. Fógraíodh ar chuntas oifigiúil Barrscéalta níos deireanaí tráthnóna go bhfuil cuireadh tugtha ag lucht an chláir d’Antoin teacht ar an gclár arís amárach leis an agallamh a rinneadh leis inniu a phlé. Dheimhnigh Antoin go mbeidh sé “páirteach ar an chlár amárach”. 

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge